MaryRose McGovern
Comhalta den Bhord
Ceapadh MaryRose McGovern mar ghnáthchomhalta den Bhord an 24 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 23 Deireadh Fómhair 2029.
Tá sí ag teacht isteach sa Bhord Pleanála ón Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, áit ar shealbhaigh sí roinnt ról, lenar áiríodh iad sin mar Stiúrthóir um Sheirbhísí Imscrúdaithe agus Seirbhísí Dlí, mar Leas-Ombudsman agus mar Ombudsman Gníomhach.
I dteannta na taithí breithnithe fairsinge a ghnóthaigh sí agus í ag déanamh cinntí neamhspleácha reachtúla le cuid mhór blianta, lenar áiríodh cathaoirleacht a dhéanamh ar éisteachtaí foirmiúla ó bhéal, áiríodh leis na róil seirbhíse poiblí a bhí ag MaryRose freagrachtaí rialachais eagraíochta a chomhlíonadh agus straitéisí a dhearadh agus a chur chun feidhme ar mhaithe le soláthar seirbhíse a fheabhsú.
Roimh a cuid oibre le scéimeanna éagsúla Ombudsman, d’oibrigh MaryRose i gcleachtadh príobháideach mar aturnae agus mar chomhpháirtí le Dockrell Farrell Solicitors, áit a ndearna sí speisialtóireacht i raon leathan cineálacha dlíthíochta sibhialta.
Tá spéis ar leith ag MaryRose i seirbhísí poiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge.