Léim go dtí an príomhábhar

Paul Caprani

Comhalta den Bhord

Paul Caprani

Comhalta den Bhord


Ceapadh Paul Caprani mar ghnáthchomhalta den Bhord an 2 Meán Fómhair 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2029. 
Bhí Paul ag obair sa Bhord Pleanála mar Stiúrthóir Cúnta Pleanála ó mhí an Mhárta 2023 amach. Bhainistigh sé ualaí oibre éagsúla ar bhonn laethúil, agus é ag déanamh formhaoirseacht ar an obair a rinne foireann Cigirí i réimse an tsoláthair bonneagair straitéisigh, ar fhorbairt údaráis áitiúil, ar chruinnithe comhairliúcháin réamhiarratais agus ar thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus leictreachais in-athnuaite. Bhí sé ina chomhalta den Choiste Bainistíochta.
Shealbhaigh Paul an ról mar Chigire Pleanála sa Bhord Pleanála ón mbliain 1999 go dtí an bhliain 2002 agus mar Chigire Sinsearach Pleanála ón mbliain 2002 go dtí an bhliain 2023.  I dteannta na gcáilíochtaí pleanála atá aige, fuair Paul MSc i gCosaint an Chomhshaoil, Dioplóma Iarchéime in Innealtóireacht Timpeallachta, Dioplóma i Measúnacht Tionchair Timpeallachta, agus Ard-Dioplóma sa Dlí Comhshaoil agus Pleanála. Tá Paul ina Mheasúnóir deimhnithe Oiriúnachta Láithreán le haghaidh córais chóireála fuíolluisce baile. Tá sé ina Idirghabhálaí deimhnithe freisin.