Léim go dtí an príomhábhar

Peter Mullan

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Peter Mullan

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin


Ceapadh Peter Mullan mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún Pleanála an 18 Meitheamh 2025. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an mBord Pleanála roimhe sin, a ceapadh chuig an ról ar feadh téarma seacht mbliana ón 23 Eanáir 2024 tar éis dó fónamh mar chathaoirleach eatramhach ó mhí Mheán Fómhair 2023. Ceapadh Peter ar dtús mar chomhalta sealadach den Bhord i mí Eanáir 2023.

Is aturnae é agus thosaigh sé ag obair sa tseirbhís phoiblí in 2012 tar éis beagnach 20 bliain a chaitheamh i gcleachtas príobháideach mar aturnae agus é ag sainfheidhmiú sa dlí coiriúil agus sa dlíthíocht.
D’aistrigh sé go dtí an Bord Pleanála i mí Eanáir 2023 nuair a d’aistrigh sé ón tSeirbhís Chúirteanna áit a raibh sé ina Rúnaí Cúnta, agus é freagrach as Oibríochtaí na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche ó 2018 i leith. Roimhe sin, bhí Peter ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar feadh roinnt blianta agus ina Phríomh-Aturnae Ionchúisimh in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Ba é sin a chéad ról sa tSeirbhís Phoiblí.

De réir alt 495(4) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis an gCathaoirleach a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, beidh sé ceaptha ón dáta sin mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.