Léim go dtí an príomhábhar

Comhalta den Bhord Rialaithe

Ann Fitzgerald

Comhalta den Bhord Rialaithe


Tá Ann Fitzgerald ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin neamhspleách ag a bhfuil taithí fhairsing roimhe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. Tá gairm éagsúil aici go dtí seo, lena n-áirítear na róil a bhí aici mar státseirbhíseach sa Roinn Tionscail agus Tráchtála, mar Ard-Rúnaí Chumann Bainisteoirí Infheistíochta na hÉireann agus, ina dhiaidh sin, mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Náisiúnta Tomhaltóirí.  

Le déanaí, tháinig sí chun bheith ina comhalta den Phainéal Achomhairc um Morgáistí Rianúcháin agus de Phainéil Achomhairc eile. Chaith Ann níos mó ná 30 bliain mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin, go príomha i gcomhlachtaí tráchtála agus neamhthráchtála san earnáil phoiblí.  Roimhe seo, bhí sí ina stiúrthóir ar an Údarás Náisiúnta Iompair, ar Phainéal Táthcheangail na hÉireann, ar an nGníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, ar an mBord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta, ar VHI, agus ar an gCuideachta um Chúiteamh d’Infheisteoirí.