Léim go dtí an príomhábhar

Comhalta den Bhord Rialaithe

Dairine MacFadden

Comhalta den Bhord Rialaithe


Is aturnae í Dairine Mac Fadden, agus tá sí ina comhalta de Bhinse an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe agus de Phainéal Achomhairc an Údaráis Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe faoi láthair. D’fhóin Dairine freisin mar Leas-Chathaoirleach ar an mBinse Luachála agus mar chomhalta den Bhord Achomhairc Seirbhísí Maoine, d’Fhoras na Mara agus de Chomhairle Tréidlianna na hÉireann. Rinne sí oiliúint le McCann FitzGerald, agus chleacht sí i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath.

Bhí a cleachtas féin aici ón mbliain 1995 go dtí an bhliain 2003, agus tá taithí fhairsing aici i dtíolacadh cónaithe agus i dtíolacadh tráchtála araon. Ón mbliain 1993 go dtí an bhliain 1995, d’oibrigh sí mar aturnae inmheánach le RTÉ. Sealbhaíonn Dairine céim Bhaitsiléara sa Dlí Sibhialta (BCL) agus Máistreacht Dlíthe ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar aon le MA ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is eadránaí cáilithe í freisin.