Léim go dtí an príomhábhar

Mary Keane

Comhalta den Bhord Rialaithe

Mary Keane

Comhalta den Bhord Rialaithe


Tá Mary Keane ina habhcóide cáilithe a d’oibrigh mar Fheidhmeannach Sinsearach le Dlí-Chumann na hÉireann ar feadh 30 bliain, agus í ag dul ar scor mar Ard-Stiúrthóir i mí an Mheithimh 2022. Tá ceapadh beartais, cumarsáid straitéiseach agus comhlíonadh rialála i measc na réimsí saineolais atá aici. Bhí Mary ina comhalta Boird agus ina Cathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus chríochnaigh sí an dara ceann de dhá théarma oifige cúig bliana an 1 Iúil 2024.   Tá sí ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách ar FBD Hotels & Resorts agus tá sí ina comhalta de Bhord Comhairleach Thailte Éireann. 

Bhí Mary ina Stiúrthóir ar charthanas dlí cláraithe – Irish Rule of Law International – ar feadh 10 mbliana agus bhí sí ina comhalta seachtrach de Choiste Iniúchóireachta Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Bhí sí ina comhalta den Choiste Náisiúnta um Chumhdach freisin (coiste idir-earnála ar bhunaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte é chun comhoibriú ar aosaigh shoghonta a chumhdach agus a bhí ann sular bunaíodh Cumhdach Éireann). Sealbhaíonn Mary Céim Bhaitsiléara sa Dlí Sibhialta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar aon le céim mar Abhcóide ó Chumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 2023, fuair sí Gradam as Sár-Rannchuidiú a Dhéanamh leis an Lucht Dlí ón Ard-Aighne, rud a bronnadh thar ceann Chomhlachas Barra Aturnaetha Bhaile Átha Cliath.