Tá faisnéis faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte, lena n-áirítear téacs na Treorach agus na Rialachán, ar fáil ar an tairseach náisiúnta sonraí oscailte ag: Treoir Maidir le Sonraí Oscailte - data.gov.ie
Is féidir faisnéis ón earnáil phoiblí atá postáilte ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin Pleanála a íoslódáil faoi réir théarmaí agus choinníollacha an Cheadúnais Sonraí Oscailte is déanaí, rud atá ar fáil ag Ceadúnas Sonraí Oscailte - data.gov.ie
Maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí atá faoi úinéireacht an Choimisiúin Pleanála agus nach bhfuil postáilte ar a shuíomh Gréasáin, féadfar iarratas a dhéanamh uirthi ar an modh atá leagtha amach faoi: Saoráil faisnéise | An Coimisiún Pleanála -
Féadfaidh aon duine aonair nó aon eintiteas iarraidh a dhéanamh chuig comhlacht earnála poiblí ar dhoiciméid/sonraí a eisiúint lena n-athúsáid.
Ní mór duit a lua go soiléir gur le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid a bhaineann an iarraidh.