Cé atá i dteideal achomharc a dhéanamh?
An t-iarratasóir nó an chéad pháirtí a thugtar ar an té nó ar an eagraíocht a rinneadh a t-iarratas ar dhispeansáid nó ar mhaolú ar na Rialacháin Foirgníochta. Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála más mian leo go ndéanfadh an Bord athbhreithniú ar:
- cinneadh chun iarratas a dhiúltú, nó
- an dispeansáid nó an maolú féin
An t-iarratasóir amháin nó a ngníomhaire a fhéadann achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála, agus achomharc chéad pháirtí a thugtar air seo. Ní hionann é seo agus achomhairc phleanála, a cheadaíonn do chéad pháirtithe agus do dhaoine eile (tríú páirtithe) achomhairc a dhéanamh.
Cad é an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh?
Tá teorainn ama docht i bhfeidhm i gcas achomharc.
- Tréimhse míosa atá agat chun achomharc a dhéanamh, ag tosú ar an dáta ar a ndéanann an t-údarás rialaithe tógála cinneadh ar an iarratas. Ní hionann sin agus achomhairc phleanála. Is é dáta an chinnidh an lá a shínítear an t-ordú. Is féidir gur cuireadh an doiciméad sin chugat nó beidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis rialaithe tógála.
- Ní ghlacfar le hachomhairc tar éis 5.30 tráthnóna ar an lá deireanach chun achomharc a dhéanamh. Measfar aon achomharc a fhaightear lasmuigh den tréimhse seo mar achomharc neamhbhailí.
Sampla Déanann an t-údarás rialaithe tógála a chinneadh Dé Céadaoin 2 Samhain. |
Mí amháin atá agat chun achomharc a dhéanamh. |
Is é 5.30 tráthnóna Dé Máirt 1 Nollaig (mí níos déanaí) an dáta deiridh d’achomharc. |
Cad a chaithfear a chur ar fáil san achomharc?
Ba chóir duit forais d’achomhairc (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an t-achomharc a dhéanamh, ach amháin má iarraimid ort.
Seo na rudaí a chaithfear a chur isteach, chun achomharc bailí a dhéanamh:
✔ |
Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa). |
✔ |
Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh a bheith soiléir. Más gníomhaire atá ag déanamh an achomhairc ar do shon, ní mór do ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainm agus do sheoladh. |
✔ |
Ní mór duit dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is mian leat a achomharc a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
|
✔ |
Ní mór duit cúiseanna agus argóintí mionsonraithe a thabhairt dúinn le d’iarratas go ndéanfaí cinneadh an údaráis rialaithe tógála a athrú. Na forais achomhairc a thugtar orthu seo. |
✔ |
Cuir isteach rud ar bith is dóigh leat a thacódh le d’achomharc, lena n-áirítear treoir theicniúil ar bhraith tú air. |
✔ |
Ní mór duit an táille cuí a íoc. |
✔ |
Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh in am, is é sin laistigh de mhí ó dháta chinneadh an údaráis rialaithe tógála. |
Cá mhéad a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh?
€500 an táille d’achomharc. Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an táille cheart isteach leis an iarratas.
Conas is féidir liom an táille achomhairc a íoc?
Conas is féidir liom an táille achomhairc a íoc?
|
Ag an deasc fáiltithe | Leis an bpost |
Airgead tirim |
✔ Glactar leis | Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost. |
Cártaí Dochair agus Creidmheasa* |
✔ Glactar leo | ✖ Ní ghlactar leo |
Seiceanna |
✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo |
Dréachtaí baincéara |
✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo |
Orduithe Poist |
✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo |
*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.
Gheofar tuilleadh sonraí sa Treoir do Tháillí agus Muirir agus faoi conas is féidir leat táillí a íoc ar ár suíomh Gréasáin.
Cad é an seoladh don achomharc?
Ní mór duit:
- é a chur leis an bpost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902, nó
- é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí le linn uaireanta oifige - Ó Luan go hAoine, ón a 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le hachomhairc.
Ní féidir an t-achomharc a chur i mbosca litreacha na hoifige ná a sheoladh chugainn le ríomhphost; má dhéanann, achomharc neamhbhailí a bheidh ann. |
An bhfaighidh mé admháil má thugaim an t-achomharc do dhuine san oifig?
Gheobhaidh. Má thugann tú an t-achomharc go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas d’achomharc san oifig. Nuair a thugann tú d’achomharc do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu.
An bhfaighidh mé admháil má seolaim an t-achomharc leis an bpost?
Gheobhaidh tú admháil uainn sa phost.