Léim go dtí an príomhábhar

Iarratais ar Thoiliú Cúlghabhálach

Déantar iarratais ar thoiliú cúlghabhálach go díreach chuig an gCoimisiún Pleanála faoi Chuid 4 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, arna leasú.

Is cineál sonrach ceada é toiliú cúlghabhálach faoin Acht seo lena mbaineann ‘coinneáil’ forbartha ar ghá tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta (EIAR), ráiteas tionchair Natura (NIS) nó an dá cheann a ullmhú ina leith, ach nár ullmhaíodh iad ar chúis éigin.

Tagann toiliú cúlghabhálach in ionad na nósanna imeachta maidir le toiliú ionadach faoi alt 177E agus na nósanna imeachta maidir le hiarratais ar fhorbairt bhreise faoi alt 37L, agus déantar an dá chineál iarratais a chomhcheangal in aon iarratas amháin.

Is é cuspóir an leathanaigh seo cabhrú le hiarratasóirí doiciméid a ullmhú chun tacú lena n-iarratais ar thoiliú cúlghabhálach. Níl sé beartaithe an leathanach seo a úsáid mar threoir dhlíthiúil. Moltar duit an reachtaíocht ábhartha a athbhreithniú agus a mheas an gá duit comhairle ghairmiúil a fháil.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go gceanglaítear anois ar gach iarratasóir, faoi alt 116 d’Acht 2024, arna leasú, comhchomhairliúchán réamhiarratais leis an gCoimisiún a iarraidh sula gcuirfidh sé nó sí iarratas ar thoiliú cúlghabhálach isteach.  Ní mór don Choimisiún teacht ar thuairim maidir le cibé acu is forbairt faoi Chaibidil 4 í an fhorbairt lena mbaineann agus fógra a eisiúint dá réir. Mura forbairt faoi Chaibidil 4 atá inti, féadfar iarratas ar chead coinneála a dhéanamh chuig an údarás pleanála.

Ní dhéantar aon fhoráil faoi na socruithe idirthréimhseacha chun go gcomhlíonfadh comhchomhairliúchán réamhiarratais (PAC) a tionóladh faoi alt 37L nó faoi alt 177E d’Acht 2000, arna leasú, ceanglais alt 116 d’Acht 2024.

Seicliosta le haghaidh iarraidh ar chomhchomhairliúchán réamhiarratais.

1.
Site location plan – 1:1000 in built-up areas and 1:2500 in all other areas or otherwise agreed with the Commission. Site outlined in red, other land in the ownership / control of the applicant in blue. Wayleaves in yellow.
2.
Site layout plan – 1:500 or otherwise agreed with the Commission.
3.
Evidence of consent to make the application.
4.
Drawings, including cross sections, to be colour-coded showing works undertaken, works to be completed and future works.
5.
If the applicant has separately obtained either an EIA screening or AA screening determination, documentation in respect of these separate processes.
6.
Appropriate Fee.
7.
Notification of invalidation of a planning application by a planning authority, if relevant.
8.
Planning history of the site, including relevant plans and particulars.