Léim go dtí an príomhábhar

Deimhnithe leasaithe sábháilteachta ó dhóiteán: Achomharc a dhéanamh

Cé atá i dteideal achomharc a dhéanamh?

An t-iarratasóir nó an chéad pháirtí a thugtar ar an té nó ar an eagraíocht a rinneadh a t-iarratas ar dheimhniú. Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála más mian leo go ndéanfadh an Bord athbhreithniú ar:

  • cinneadh chun iarratas a dhiúltú, nó
  • ​coinníollacha a cuireadh i gceangal le deimhniú atá deonaithe ag údarás rialaithe tógála.

An t-iarratasóir amháin nó a ngníomhaire a fhéadann achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála, agus achomharc chéad pháirtí a thugtar air seo. Ní hionann é seo agus achomhairc phleanála, a cheadaíonn do chéad pháirtithe agus do dhaoine eile (tríú páirtithe) achomhairc a dhéanamh.
 

Cad é an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh?

teorainn ama docht i bhfeidhm i gcas achomharc.

  • Tréimhse míosa atá agat chun achomharc a dhéanamh, ag tosú ar an dáta ar a ndéanann an t-údarás rialaithe tógála cinneadh ar an iarratas. Ní hionann sin agus achomhairc phleanála. Is é dáta an chinnidh an lá a shínítear an t-ordú. Is féidir gur cuireadh an doiciméad sin chugat nó beidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis rialaithe tógála.

  • Ní ghlacfar le hachomhairc tar éis 5.30 tráthnóna ar an lá deireanach chun achomharc a dhéanamh. Measfar aon achomharc a fhaightear lasmuigh den tréimhse seo mar achomharc neamhbhailí.

Sampla
Déanann an t-údarás rialaithe tógála a chinneadh Dé Céadaoin 2 Bealtaine.

  • Mí amháin atá agat chun d’achomharc a dhéanamh.

Is é 5.30 tráthnóna Dé Máirt 1 Meitheamh (mí níos déanaí) an dáta deiridh d’achomharc.


Cad a chaithfear a chur ar fáil san achomharc?

Ba chóir duit forais d’achomhairc (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an t-achomharc a dhéanamh, ach amháin má iarraimid ort.

Seo na rudaí a chaithfear a chur isteach, chun achomharc bailí a dhéanamh:

Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)

Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh a bheith soiléir. Más gníomhaire atá ag déanamh an achomhairc ar do shon, ní mór do ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainm agus do sheoladh.

Ní mór duit dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is mian leat a achomharc a aithint gan dua. Is iad na mionsonraí sin:

  1. D’ainm.

  2. Uimhir thagartha chlárleabhar an údaráis rialaithe tógála i gcás an iarratais

  3. Suíomh agus cur síos ar an bhfoirgneamh, na n-oibreacha nó an athraithe úsáide.

  4. Ainm an údaráis rialaithe tógála.

  5. Dáta an chinnidh.

Ní mór duit cúiseanna agus argóintí mionsonraithe a thabhairt dúinn le d’iarratas go ndéanfaí cinneadh an údaráis rialaithe tógála a athrú. Na forais achomhairc a thugtar orthu seo.

Cuir isteach rud ar bith is dóigh leat a thacódh le d’achomharc, lena n-áirítear treoir theicniúil ar bhraith tú air. D’áireofaí ar sin, mar shampla, treoir theicniúil maidir le sábháilteacht ar dhóiteán, mar atá leagtha amach i ndoiciméad ar a dtugtar an Doiciméad Treorach Theicniúil (Cuid B).

Ní mór duit an táille chuí a íoc.

Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh in am, is é sin laistigh de mhí ó dháta chinneadh an údaráis rialaithe tógála.

 

Cá mhéad a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh?

€500 an táille ar achomharc. Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an táille cheart isteach leis an iarratas.


Conas is féidir liom an táille achomhairc a íoc?

Conas is féidir liom an táille achomhairc a íoc?

 

Ag an deasc fáiltithe Leis an bpost

Airgead tirim

✔ Glactar leis Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost.

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Orduithe Poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.

Gheofar tuilleadh sonraí sa Treoir do Tháillí agus Muirir agus faoi conas is féidir leat táillí a íoc ar ár suíomh Gréasáin.
 

Cad é an seoladh don achomharc?

Ní mór duit:

  • é a chur leis an bpost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí le linn uaireanta oifige - Ó Luan go hAoine, ón a 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le hachomhairc.

Ní féidir an t-achomharc a chur i mbosca litreacha na hoifige a sheoladh chugainn le ríomhphost; má dhéanann, achomharc neamhbhailí a bheidh ann.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.


An bhfaighidh mé admháil má thugaim an t-achomharc do dhuine san oifig?

Gheobhaidh. Má thugann tú an t-achomharc go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas d’achomharc san oifig. Nuair a thugann tú d’achomharc do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu.
 

An bhfaighidh mé admháil má seolaim an t-achomharc leis an bpost?

Gheobhaidh tú admháil uainn sa phost.