Léim go dtí an príomhábhar

Forbairtí Straitéiseach Tithíochta: Léargas ginearálta

Iarratais Phleanála maidir le Forbairt Straitéiseach Tithíochta

An tAcht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016
Na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Forbairt Straitéiseach Tithíochta) 2017

 
As seo amach is féidir iarratas pleanála maidir le 100 aonad cónaithe ar a laghad agus 200 áit leapa do mhic léinn a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála. Achtaíodh an 19 Nollaig 2016 reachtaíocht nua ina bhforáiltear don chineál iarratais seo, agus tháinig na rialacháin ghaolmhara i bhfeidhm ar an 3 Iúil 2017.
 
Tugadh an cineál nua iarratais seo isteach mar chuid d’Atógáil na hÉireann chun dlús a chur leis an bpróiseas chun iarratas pleanála a dhéanamh agus chun tograí móra tithíochta agus cóiríochta do mhic léinn a sholáthar a luaithe is féidir.
 
Tugtar Forbairtí Straitéiseacha Tithíochta (FST) ar na cineálacha iarratas tithíochta seo, ar féidir iad a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála. Seo iad na tréithe:

  1. forbairt de 100 teach nó níos mó ar thalamh atá zónáilte d’úsáid chónaithe nó do mheascán d’úsáid chónaithe agus úsáidí eile,

  2. forbairt d’aonaid chóiríochta do mhic léinn, ina mbeidh 200 spás leaba, nó níos mó, san iomlán, ar thalamh atá zónáilte do chóiríocht do mhic léinn nó do mheascán de chóiríocht do mhic léinn agus d’úsáidí eile,

  3. forbairt ina n-áirítear forbairtí den chineál dá dtagraítear in alt (a) agus den chineál dá dtagraítear in alt (b) , nó ina bhfuil meascán de thithe agus de chóiríocht do mhic léinn nó

  4. athrú ar chead reatha pleanála a deonaíodh faoi alt 34 (seachas faoi fho-alt (3A)) mar a mbaineann an t-athrú beartaithe le forbairt a shonraítear i bparagraf (a), (b) nó (c).

 
Dhá chéim atá sa phróiseas iarratais chuig an mBord Pleanála:

Céim 1: Comhairliúchán Réamhiarratais

Is céim nua é comhairliúchán réamhiarratais a chaithfear a chomhlíonadh sula ndéantar iarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta. Téann iarratasóir ionchasach ar an gcéad dul síos i gcomhairle leis an údarás pleanála cuí, agus ina dhiaidh sin leis an mBord Pleanála, a thiocfaidh ar thuairim agus a eiseoidh an tuairim sin maidir le cibé an bonn réasúnta le haghaidh iarratais na doiciméid a cuireadh isteach chuige nó cibé an gá na doiciméid a bhreithniú nó a leasú tuilleadh.

D’fhoilsigh An Bord Pleanála treoracha agus foirmeacha iarratais réamhiarratais mar eolas d’iarratasóirí ionchasacha agus d’údaráis phleanála.
 

Céim 2: Iarratas Pleanála

Ní mór d’iarratasóirí iarratas ar FST a chur isteach go díreach chuig an mBord Pleanála. Cinnteofar na hiarratais laistigh de thréimhse éigeantach 16 seachtaine lena n-áireofar tréimhse chun dul i mbun comhairliúcháin phoiblí agus chun tuarascáil ón údarás pleanála a chur isteach.

D’fhoilsigh An Bord Pleanála treoracha agus foirmeacha gaolmhara mar eolas d’iarratasóirí, d’údaráis phleanála agus do bhaill den phobal ar mian leo a bheith páirteach sa phróiseas seo.

Tástáil / staidéar scóipe MTT / Measúnacht Chuí

Tugadh nósanna imeachta nua maidir le tástáil agus staidéar scóipe do Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta / Measúnacht Chuí isteach, leis, faoin reachtaíocht a achtaíodh le deireanas.

D’fhoilsigh An Bord Pleanála treoracha agus foirmeacha gaolmhara mar eolas d’iarratasóirí ionchasacha agus d’údaráis phleanála.