Léim go dtí an príomhábhar

Conas a shocraítear na táillí?

Ceadaíonn Alt 144 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 don Bhord Pleanála táillí a chinneadh maidir le:

  • achomhairc,
  • iarratais,
  • tarchuir,
  • iarratas ar chead achomhairc,
  • tuairimí nó aighneachtaí,
  • iarratais ar éisteachtaí ó bhéal,
  • iarratais ar scóipeáil, agus
  • feidhmeanna eile.

Ní cheadaíonn an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 don Bhord Pleanála táillí a chinneadh i gcás achomhairc a dhéantar faoi alt 20. Is é an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a chinneann na táillí don chineál achomhairc sin. Gheofar cumhachtaí den chineál céanna sa reachtaíocht Rialú Foirgníochta agus Truailliú Uisce trína gceadaítear don Bhord táillí a shocrú.

Ní mór don Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil na táillí molta a cheadú sula dtugtar isteach iad. Má choigeartaítear na táillí ar aon dul le hInnéacs Praghsanna an Tomhaltóra agus ar an gcúis sin amháin, ní gá don Aire na táillí a cheadú. Athbhreithníonn an Bord na táillí faoi threoir Innéacs Praghsanna an Tomhaltóra gach trí bliana ar a laghad agus ar ócáidí eile nuair is gá.