Táillí: Cásanna d'Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh
- Comhairliúcháin réamhiarratais
- Iarratais
- Iarratais ar athrú
- Tuairim nó aighneacht maidir le hiarratas
- TMTT a scóipeáil
- Eagraíochtaí nó daoine nach gá dóibh táillí a íoc as aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach maidir le hiarratais nó iarratais Alt 146B
Mura bhfuil tú cinnte den bhrí atá le cuid de na téarmaí, is féidir iad a chuardach ar ghluais ár dtéarmaí.
Comhairliúcháin réamhiarratais
Iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais | Táille | |
SP1** |
Iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais faoi:
|
€4,500** |
Nóta maidir le táille SP1
**Mura mbíonn cruinniú comhairliúcháin réamhiarratais agat nó mura mbíonn ach cruinniú amháin den sórt sin agat, aisíocfar €3,500 den táille.
Iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais | Táille | |
SP2 |
Iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais faoi Alt 51A d'Acht na mBóithre. |
Níl aon táille ann. |
Iarratais
Iarratais ar fhorbairt bonneagair straitéisigh | Táille | |
SA1* |
Iarratas faoi:
|
€100,000 |
SA2* |
Iarratas faoi Alt 181A den Acht um Pleanáil agus Forbairt. |
€60,000 |
SA3* |
Iarratas ó údarás bóthair faoi:
|
€60,000 |
SA4* |
Iarratas ó údarás bóthair faoi:
|
€30,000 |
SA5* |
Iarratas ar cheannach éigeantach talún faoi:
|
Féach an táille le haghaidh SA1, SA3 nó SA4 |
*Nóta maidir le táillí SA1 go SA5
Má tá costais le haisghabháil, fritháirítear táillí in aghaidh costais tabhaithe. Iarr tuilleadh eolais orainn.
Iarratais ar athrú
Iarratais ar athrú | Táille | |
SA6* |
Iarratas ar athrú faoi Alt 146B den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. |
€30,000 |
*Nóta maidir le táillí SA6
Má tá costais le haisghabháil, fritháirítear táillí in aghaidh costais tabhaithe. Iarr tuilleadh eolais orainn.
Tuairim nó aighneacht maidir le hiarratas
Tuairim nó aighneacht a chur isteach ar fhorbairt bonneagair straitéisigh nó ar thionscadal údaráis áitiúil | Táille | |
SA7 |
Is mian leat tuairim nó aighneacht a chur isteach maidir le hiarratas atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair. |
€50 |
SA8 |
Tá tú ar liosta na n-eagraíochtaí a fhaigheann díolúine ó tháillí (féach an liosta) agus is mian leat tuairim nó aighneacht a chur isteach maidir le hiarratas atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair. |
Níl aon táille ann. |
Ar ais chuig clár na n-ábhar
TMTT a scóipeáil
TMTT a scóipeáil | Táille | |
Q1 |
Is mian leat go ndéanfadh an Bord Pleanála TMTT a scóipeáil. |
€5,000 |
Eagraíochtaí nó daoine nach gá dóibh táillí a íoc as aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach maidir le hiarratais nó iarratais Alt 146B
(a) Comhlacht dá dtagraítear in airteagal 211, 213 nó 215 de na Rialacháin Pleanála agus Forbairt 2001 leasaithe. Is iad seo na comhlachtaí sin:
- Údarás áitiúil nó pleanála
- Airí áirithe rialtais
- An Chomhairle Ealaíon
- Fáilte Ireland
- An Taisce
- An Chomhairle Oidhreachta
- Údarás réigiúnach
- Iascach Intíre Éireann
- Uiscebhealaí Éireann
- Údarás Eitlíochta na hÉireann
- CIÉ
- Bonneagar Iompair Éireann
- An Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (EPA)
- Údarás na Gaeltachta
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- An Coimisiún um Rialáil Fóntas
- Oibreoir iarnróid
- An Coimisiún um Rialáil Iarnród
- An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
- An tÚdarás Náisiúnta Iompair
- Uisce Éireann
- Oibreoir aerfoirt*
(b) An t-úinéir, an sealbhóir nó duine eile a bhfuil leas dlí aige sa talamh is ábhar don iarratas chun an talamh sin nó cuid den talamh sin a cheannach go héigeantach faoi alt 214 nó 215 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt nó aon fhoráil eile de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt agus mar a bhfuil iarratas ar cheannach éigeantach á bhreithniú ag an mBord mar aon le hiarratas ar cheadú nó toiliú forbartha.
*Baineann sé le hoibreoirí aerfort ceadúnaithe mar a dtéann milliún paisinéirí nó níos mó tríd an aerfort gach bliain. Faoi láthair, ciallaíonn sin aerfoirt Bhaile Átha Cliath, Chorcaí agus na Sionna.
Ar ais chuig clár na n-ábhar