Léim go dtí an príomhábhar

Táillí: Cineálacha achomhairc eile

Cineálacha achomhairc eile: Táillí

Mura bhfuil tú cinnte den bhrí atá le cuid de na téarmaí, is féidir iad a chuardach ar ghluais ár dtéarmaí

 

Achomhairc faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta

Achomhairc faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 go 2014 Táille

B1

Is mian leat cinneadh a rinne údarás um rialú foirgníochta a achomharc, is mian leat coinníollacha a chur ag gabháil le deimhniú atá eisithe ag údarás um rialú foirgníochta, maidir le:

  • Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán;
  • Deimhniú leasaithe Sábháilteachta ó Dhóiteán
  • Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta;
  • Dispeansáid;
  • Maolú;
  • Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas; nó
  • Teastas Rochtana leasaithe do Dhaoine faoi Mhíchumas.

€500

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Achomhairc faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht

Achomhairc faoin Acht um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015 Táille

VS1

Is úinéir láithreáin thú agus is mian leat cinneadh údaráis pleanála chun láithreán a chur ar chlár na láithreán folamh a achomharc.

€500

VS2

Is úinéir láithreáin thú agus is mian leat cinneadh údaráis pleanála a achomharc, gan cinneadh an láithreán a chur ar chlár na láithreán folamh a chur i leataobh, cinneadh lena ngabhann éileamh ar thobhach.

€500

VS3

Is úinéir láithreáin thú agus is mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh éileamh ar íoc thobhach na láithreán folamh maidir le láithreán.

€500

Ar ais chuig clár na n-ábhar

 

Achomhairc ar cheadúnas truaillithe uisce

Achomhairc faoi Alt 66 den Acht Seirbhísí Uisce 2007 nó Alt 8 den Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 Táille

WS1

Is tusa:

  • ní iarratasóir ar cheadúnas doirte thú, nó
  • ní tú an té is cúis leis an doirteadh nó a dhéanann nó a cheadaíonn an doirteadh, nó
  • sealbhóir an áitribh óna dtagann an doirteadh

agus is mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh údaráis áitiúil ar cheadúnas doirte isteach i séaraigh sruthchúrsaí.

€500

WS2

Is mian leat cinneadh údaráis áitiúil a achomharc maidir le ceadúnas doirteadh isteach i séaraigh nó ceadúnas doirteadh isteach in sruthchúrsa agus:

  • ní iarratasóir ar cheadúnas doirte thú, nó
  • ní tú an té is cúis leis an doirteadh nó a dhéanann nó a cheadaíonn an doirteadh, nó
  • ní tú sealbhóir an áitribh óna dtagann an doirteadh.

€220

WS3

Is mian leat tuairim a chur isteach maidir le hachomharc ar cheadúnas truaillithe uisce atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.

€50

WS4

Is mian leat éisteacht ó bhéal a iarraidh maidir le hachomharc ar cheadúnas truaillithe uisce atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.

€50

 

Achomhairc faoi Alt 20 den Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 Táille

WP1

Is mian leat cinneadh údaráis áitiúil ar cheadúnas a achomharc faoi Alt 20.

€126

WP2

Is comhlacht forordaithe thú a cháilíonn do tháille laghdaithe achomhairc agus is mian leat cinneadh údaráis áitiúil ar cheadúnas a achomharc faoi Alt 20.

€63

WP3

Is mian leat tuairim a chur isteach maidir le hachomharc (Alt 20) ar cheadúnas truaillithe uisce atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair

€38

WP4

Is mian leat éisteacht ó bhéal a iarraidh maidir le hachomharc (Alt 20) ar cheadúnas truaillithe uisce atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.

€63

Ar ais chuig clár na n-ábhar
 

Eagraíochtaí a cháilíonn don chineál táille WP2

(a) údarás Stáit
(b) údarás áitiúil
(c) údarás sláintíochta
(d) údarás seirbhísí uisce
(e) Iascach Intíre Éireann
(f) Fáilte Ireland
(g) An Taisce - Iontaobhas Náisiúnta na hÉireann

Back to contents