Léim go dtí an príomhábhar

Ag íoc táillí agus costais

Is féidir táille d'achomharc, d'iarratas nó do bhreathnóireacht a aimsiú sa Treoir Táillí againn. Ní mór duit íoc as na táillí ag an am céanna is a chuireann tú achomharc, iarratas nó breathnóireacht isteach; mar sin déan iarracht go bhfuil a dhóthain airgid agat le n-íoc astu ar an lá a chuireann tú d'achomharc, d'iarratas nó do bhreathnóireacht isteach. Mura bhféidir an táille a thógáil ó do mhodh íocaíochta, tógfar go bhfuil d'achomharc, d'iarratas nó do bhreathnóireacht neamhbhailí.

Seachas na táillí maidir le hachomhairc, le iarratais agus le breathnóireachta, baineann táillí le seirbhísí rochtana poiblí áirithe, le iarratais saorála faisnéise agus ábhair eile. Faightear eolas ar na táillí éagsúla sna treoracha oiriúnacha.

Conas gur féidir íoc astu?

Tá bealaí éagsúla táille a íoc go An Coimisiún Pleanála. Is féidir táille a íoc trí níos mó ná bealach amháin freisin.

Airgead Tirim
 
Glacaimid le híocaíochtaí in airgead tirim i Euro (€) san fháiltiú. Molaimid go láidir gan airgead a chur sa phost.
Cártaí Dochair agus Creidmheasa

Glacaimid leis na príomhchártaí dochair agus creidmheasa san fháiltiú, san áireamh:

  • Visa
  • Mastercard
  • American Express
Seic     
Ní mór seiceanna i Euro (€) a dhéanamh iníoctha leis an gCoimisiún Pleanála agus iad a chrosáil faoi dhó. Tá seiceanna i bPuint Éireannacha (IRL£) neamhbhai
Dréacht Bainc Glacaimid le dréachtaí bainc i Euro (€) ó mbainc sa lonnaithe Stát. Ní mór iad a dhéanamh iníoctha leis an gCoimisiún Pleanála.
Ordú Poist Ní mór Ordaithe Poist i Euro (€) a dhéanamh iníoctha leis an gCoimisiún Pleanála
Airgeadra Eachtrach Is féidir linn glacadh le íocaíochta in airgeadra eachtracha, ar nós: punt steirling (GBP£), dollar na Stát Aontaithe (USD$), dollar na hAstráile (AUD$), agus zloty na Polainne (PLN zł). Úsáidfimid ráta malairte laethúil an Bhainc Cheannais le glacadh leis an íocaíocht. Molaimid gur fiú íocaíocht dóthanach chun an táille agus aon luaineacht airgeadra féideartha a chlúdaigh, áfach. Déanfar aisíocaíocht ar ró-íocaíocht ar bith.
Ríomhaistriú Airgid (RAA) Ríomhaistriú Airgid: Is féidir Ríomhaistrithe Airgid a dhéanamh i gcás méideanna móra táille a bhaineann le cásanna Forbartha Bonneagair Straitéisigh agus le roinnt gnáthachomharc pleanála. Tabhair faoi deara nach mór cruthúnas íocaíochta ó do Bhanc a bheith ag gabháil le do dhoiciméid achomhairc atá le cur isteach, cibé acu de láimh nó leis an bpost le linn uaireanta oifige.
Déan teagmháil le rannóg Airgeadais an Choimisiúin Pleanála chun mionsonraí bainc a fháil agus chuige sin amháin

Aisíocaíocht

Má thagann achomharc, iarratas nó bhreathnóireacht ar ais chugat agus é/í neamhbhailí, déanfar aisíocaíocht ar d'íocaíocht. Beidh aisíocaíocht i gceist chomh maith má dhéantar ró-íocaíocht. Níl aon aisíocaíocht ann ma theipeann ar achomharc, ar iarratas nó ar bhreathnóireacht, nó má tharraingítear siar é/í tar éis a ghlacadh go bhfuil sé/sí b(h)ailí.