Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Feidhmeanna Gaolmhara an Bhoird faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004

Feidhmeanna Gaolmhara an Bhoird faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004

Faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 2004 tugadh isteach forálacha nua maidir le nósanna imeachta i gcás ina bhfaightear séadchomhartha náisiúnta le linn d'fhorbairt bóthair a bheith á cur i gcrích agus nár déileáladh leis an gcéanna san fhormheas bunaidh/RTT don bhóthar. Baineann na luanna le hailt nua d’Acht na bliana 1930 arna gcur isteach ag an Acht 2004.

Alt 14B(3)

Cinneadh ón mBord cibé an ionann athruithe ar fhorbairt bóthair formheasta is gá de dhroim treoracha ón Aire maidir le séadchomhartha náisiúnta agus athrú ábhartha ar fhorbairt bóthair formheasta.

Alt 14B(5)

Cinneadh ón mBord tar éis dó RTT a bhaineann le hathrú ar fhorbairt bóthair formheasta a fháil agus a bhreithniú, athrú a chinn an Bord atá ina athrú ábhartha ar an mbóthar formheasta agus ar dóigh go mbeidh éifeachtaí dochracha suntasacha aige ar an timpeallacht.