Feidhmeanna Gaolmhara an Bhoird faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004
Faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 2004 tugadh isteach forálacha nua maidir le nósanna imeachta i gcás ina bhfaightear séadchomhartha náisiúnta le linn d'fhorbairt bóthair a bheith á cur i gcrích agus nár déileáladh leis an gcéanna san fhormheas bunaidh/RTT don bhóthar. Baineann na luanna le hailt nua d’Acht na bliana 1930 arna gcur isteach ag an Acht 2004.
Alt 14B(3) |
Cinneadh ón mBord cibé an ionann athruithe ar fhorbairt bóthair formheasta is gá de dhroim treoracha ón Aire maidir le séadchomhartha náisiúnta agus athrú ábhartha ar fhorbairt bóthair formheasta. |
Alt 14B(5) |
Cinneadh ón mBord tar éis dó RTT a bhaineann le hathrú ar fhorbairt bóthair formheasta a fháil agus a bhreithniú, athrú a chinn an Bord atá ina athrú ábhartha ar an mbóthar formheasta agus ar dóigh go mbeidh éifeachtaí dochracha suntasacha aige ar an timpeallacht. |