Léim go dtí an príomhábhar

Feidhmeanna an Bhoird: Forbairt ar Bhonneagar Straitéiseach faoi na hAchtanna Bóithre 1993-2007

Forbairt ar Bhonneagar Straitéiseach faoi na hAchtanna Bóithre 1993-2007

Is le mórthograí bóthair de chuid údarás bóithre (lena n-áirítear an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta) lena n-áirítear mótarbhealaí agus forbairtí eile bóthair a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta a bhaineann sé seo de ghnáth.

Iarrtar ort a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhorálacha a éilíonn comhchomhairliucháin réamhiarratais maidir le hiarratais bóithre ach is féidir ceann a iarraidh má ta sé ag teastáil ag an údarás áitiúil seo.

Alt 49

Iarratas ó húdarás bóithre ar scéim mótarbhealaigh, scéim limistéar seirbhíse, scéim busbhealaigh, scéim bóthair chosanta nó scéim bóthair chosanta ag leasú scéim bóthair chosanta formheasta.

Alt 51

Iarratas ó húdarás bóithre ar fhormheas le haghaidh forbartha bóthair beartaithe.

Alt 50(1)(b)

Treoir ón mBord d'údarás bóithre ráiteas tionchair timpeallaithe a réiteach maidir le forbairt bóthair fo-thairseach bheartaithe i gcás ina measann an Bord gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasachta ag an bhforbairt ar an timpeallacht agus mar sin go bhfuil gá le measúnacht tionchair timpeallachta.

Alt 50(1)(c)

Tarchur ó húdarás bóithre chuig an mBord faoin tuairim de chuid údaráis bhóthair gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht ag forbairt fo-thairseach bóthair bheartaithe. Ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn sé le tuairim an údaráis bhóthair agus má aontaíonn tabharfaidh sé treoir faoi alt 50 1(b) don údarás bóthair chun RTT a réiteach.

Alt 50(4)

Iarratas chuig an mBord ó húdarás bóithre ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bhóthair bheartaithe.

Alt 51A

Iarratas ó húdarás bóithre nó ó Bonneagar Iompair Éireann ar chomhchomhairliúcháin réamhiarratais a thosú maidir le forbairt bóithre bheartaithe.