Forbairt ar Bhonneagar Straitéiseach faoi na hAchtanna Bóithre 1993-2007
Is le mórthograí bóthair de chuid údarás bóithre (lena n-áirítear an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta) lena n-áirítear mótarbhealaí agus forbairtí eile bóthair a éilíonn measúnacht tionchair timpeallachta a bhaineann sé seo de ghnáth.
Iarrtar ort a thabhairt ar aird nach bhfuil aon fhorálacha a éilíonn comhchomhairliucháin réamhiarratais maidir le hiarratais bóithre ach is féidir ceann a iarraidh má ta sé ag teastáil ag an údarás áitiúil seo.
Alt 49 |
Iarratas ó húdarás bóithre ar scéim mótarbhealaigh, scéim limistéar seirbhíse, scéim busbhealaigh, scéim bóthair chosanta nó scéim bóthair chosanta ag leasú scéim bóthair chosanta formheasta. |
Alt 51 |
Iarratas ó húdarás bóithre ar fhormheas le haghaidh forbartha bóthair beartaithe. |
Alt 50(1)(b) |
Treoir ón mBord d'údarás bóithre ráiteas tionchair timpeallaithe a réiteach maidir le forbairt bóthair fo-thairseach bheartaithe i gcás ina measann an Bord gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasachta ag an bhforbairt ar an timpeallacht agus mar sin go bhfuil gá le measúnacht tionchair timpeallachta. |
Alt 50(1)(c) |
Tarchur ó húdarás bóithre chuig an mBord faoin tuairim de chuid údaráis bhóthair gur dóigh go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht ag forbairt fo-thairseach bóthair bheartaithe. Ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh cibé an aontaíonn sé le tuairim an údaráis bhóthair agus má aontaíonn tabharfaidh sé treoir faoi alt 50 1(b) don údarás bóthair chun RTT a réiteach. |
Alt 50(4) |
Iarratas chuig an mBord ó húdarás bóithre ar scóip ráitis tionchair timpeallachta (RTT) a leagan síos maidir le forbairt bhóthair bheartaithe. |
Alt 51A |
Iarratas ó húdarás bóithre nó ó Bonneagar Iompair Éireann ar chomhchomhairliúcháin réamhiarratais a thosú maidir le forbairt bóithre bheartaithe. |