Léim go dtí an príomhábhar

Conas dul isteach i gCruinniú Microsoft Teams ar bhrabhsálaí

  • Is féidir do bhrabhsálaí a úsáid chun dul isteach i gCruinniú Microsoft Teams mar aoi, tar éis glacadh le cuireadh.
  • ​I do chliant ríomhphoist Outlook nó eile, feicfidh tú an cuireadh, cliceáil faoi dhó ar an iontráil ‘Join Microsoft Teams Meeting’ chun an cruinniú a oscailt.
  • Nuair a bhíonn an cruinniú ar oscailt ba chóir go mbeadh sé cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.
 Screenshot of how the email invitation should look when opened.
  • Roghnaigh Join Microsoft Teams Meeting.
  • Osclóidh fuinneog i do bhrabhsálaí, roghnaigh 'Join on the web instead'.
Screenshot of the first box you will see when Microsoft Teams opens.
 
  • Is féidir go bhfiafrófar díot an bhfuil tú sásta go n-úsáidfeadh Teams do mhicreafón agus/nó do cheamara. Roghnaigh 'Allow'.
Screenshot of Microsoft Teams asking your permission to use camera and microphone
 
  • Is féidir go n-iarrfar ort d’ainm a chur isteach. Cuir isteach é más gá agus ansin roghnaigh 'Join now'.
 Screenshot of where you can enter your name if required.
 
  • Is féidir go mbeidh ort fanacht go dtí go nglacann eagraí an chruinnithe le d’iarratas ar dhul isteach sa chruinniú.
 Screenshot of the waiting area until someone lets you into the meeting.
 
  • Fad a bhíonn tú sa chruinniú, feicfidh tú scáileán cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.
Screenshot of how your screen will look when you are let into the meeting.