Léim go dtí an príomhábhar

Conas dul isteach i gCruinniú Microsoft Teams mar Aoi ar an bhFeidhmchlár


  • Chun dul isteach i gCruinniú Microsoft Teams mar rannpháirtí is féidir an feidhmchlár Microsoft Teams a úsáid tar éis an cuireadh chun cruinnithe a ghlacadh.
  • I do chliant ríomhphoist Outlook nó eile, feicfidh tú an cuireadh, cliceáil faoi dhó ar an iontráil ‘Join Microsoft Teams Meeting’ chun an cruinniú a oscailt.
  • Nuair a bhíonn an cruinniú ar oscailt ba chóir go mbeadh sé cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.

Screenshot of how the email invitation should look when opened.

  • Roghnaigh 'Join Microsoft Teams Meeting'.
  • Osclóidh fuinneog i do bhrabhsálaí, roghnaigh 'Download the Windows' app.
Screenshot of the first box you will see when Microsoft Teams opens.
  • Tosóidh an feidhmchlár ag íoslódáil.
Screenshot of MS Teams downloading
  • Tosóidh Microsoft Teams an próiseas suiteála.
Screenshot of Microsoft Teams starting the installation process.
  • Tar éis an feidhmchlár Teams a shuiteáil ar do ghléas, osclóidh sé agus is féidir go n-iarrfar ort d’ainm a chur isteach. Cuir isteach é, más gá, agus roghnaigh 'Join now'.
  • Is féidir go mbeidh ort fanacht go dtí go nglacann eagraí an chruinnithe le d’iarratas ar dhul isteach sa chruinniú.
Screenshot of the waiting area until someone lets you into the meeting.
  • Fad a bhíonn tú sa chruinniú, feicfidh tú scáileán cosúil leis an ngabháil scáileáin thíos.
Screenshot of how your screen will look when you are let into the meeting.
  • Suiteálfar Teams App anois ar do ghléas.
The Microsoft Teams icon on your desktop