Léim go dtí an príomhábhar

Plean Straitéiseach an Choimisiúin Pleanála 2026-2028

Plean Straitéiseach an Choimisiúin Pleanála 2026-2028

12 / 02 / 2026

Tá an Coimisiún Pleanála tar éis straitéis nua trí bliana a fhoilsiú chun a bheith ina “chomhlacht náisiúnta pleanála atá iontaofa, éifeachtach agus forásach agus a oibríonn ar mhaithe leis an leas coiteann”.

Tá an Coimisiún Pleanála ina chuid dhílis de chóras pleanála na hÉireann, agus is gá dúinn feidhmiú go héifeachtach chun freastal ar riachtanais bonneagair tithíochta, iompair agus fóntais ar bhealach inchothaithe a urramaíonn prionsabail phleanála cuí.

Forbraíodh an Plean Straitéiseach 2026-2028 i ndiaidh an aistrithe ón mBord Pleanála i mí an Mheithimh anuraidh. Tháinig sé sna sála ar chleachtadh cuimsitheach comhairliúcháin a seoladh i gcomhar le baill foirne, le Coimisinéirí, le comhaltaí den Bhord Rialaithe, leis an bpobal i gcoitinne, agus le geallsealbhóirí an chórais pleanála. Tá sé mar aidhm leis eagraíocht sholúbtha fhorbairt-dírithe a thógáil, arb eagraíocht í ar féidir léi na ceanglais agus na feidhmeanna nua atá ainmnithe faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, a chomhlíonadh thar na trí bliana atá le teacht.  

Is iad cuspóir, fís agus luachanna an Choimisiúin Pleanála a chinneann conas a oibreoidh an Coimisiún agus cé na nithe a dtabharfaimid tús áite dóibh. 

Is é cuspóir an Choimisiúin cinntí atá láidir, neamhspleách agus neamhchlaon a dhéanamh ar bhealach cóir, éifeachtúil agus trédhearcach a chuireann forbairt inchothaithe agus pleanáil chuí chun cinn. 

Is é an fhís atá againn a bheith inár gcomhlacht náisiúnta pleanála atá iontaofa, éifeachtach agus forásach agus a oibríonn ar mhaithe leis an leas coiteann. 

Is iad na luachanna seo a leanas a threoróidh sinn maidir leis an dóigh a ndéanfaimid gnó, a soláthróimid seirbhísí agus a ndéanfaimid cinntí: Éifeachtúlacht agus Éifeachtacht, Ionracas, Trédhearcacht, Nuálaíocht, Meas.

Is iad ceithre cholún straitéiseacha a bhrúfaidh an fhís chun cinn. Is ag gabháil le gach colún a bheidh gníomhartha soiléire indéanta agus plean cur chun feidhme a ndéanfar faireachán agus athbhreithniú tráthrialta air.

   Colún 1 - Clú a thógáil mar chomhlacht náisiúnta pleanála atá iontaofa, éifeachtach agus forásach agus a chloíonn leis na caighdeáin ghairmiúla is airde agus leis an eitic ghairmiúil is airde.

   Colún 2 - Cinntí atá láidir, neamhchlaon agus neamhspleách a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil a urramaíonn inchothaitheacht agus pleanáil chuí.

   Colún 3 - Seirbhísí ardchaighdeáin, córais nuálacha agus próisis éifeachtúla a sholáthar lena n-éascaítear rannpháirtíocht chóir agus atá inrochtana ag cách.

   Colún 4 - Eagraíocht chuimsitheach sholúbtha fhorbairt-dírithe a chothú.

Dúirt Paul Reid, Cathaoirleach an Choimisiúin Pleanála: “Leagadh príomhthosaíocht don Bhord Rialaithe nua amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, ba é sin Plean Straitéiseach don tréimhse 2026-2028 a fhorbairt laistigh den chéad sé mhí dár mbunú. Tá áthas orm gur éirigh linn an Plean sin a chur i gcrích in am, mar aon le luath-thosaíochtaí eile atá leagtha amach san Acht a chomhlíonadh: Cód Iompair nua a chomhaontú, nósanna imeachta nua cinnteoireachta a bhunú le haghaidh bainistíocht cásanna, agus an chéad Phríomh-Choimisinéir Pleanála a cheapadh. 
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair iontach a rinne an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, na Coimisinéirí agus baill foirne uile na heagraíochta go dtí seo. Leagtar amach sa Phlean Straitéiseach an dóigh a leanfaimid sna blianta atá romhainn le cur leis an dul chun cinn a rinneamar ó thaobh athchóirithe agus feidhmíochta de. Is gá dúinn déanamh amhlaidh chun freastal ar éilimh ár ngeallsealbhóirí uile agus chun leanúint le treisiú leis an muinín agus an iontaoibh atá ag an bpobal as an eagraíocht ríthábhachtach seo.”

Dúirt Peter Mullan, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Pleanála: “Fáiltím roimh ghlacadh an Phlean Straitéisigh seo ag an mBord Rialaithe, agus táim ag tnúth leis an gCoimisiún Pleanála a threorú chun an fhís atá leagtha amach ann a bhaint amach sna blianta atá le teacht. Tá an eagraíocht tógtha ar bhunchloch láidir agus ar shaineolas ón mBord Pleanála, agus cinnteoidh an straitéis seo go mbeimid in ann dúshláin reatha a shárú agus deiseanna amach anseo a thapú araon.”  

Léigh an Plean Straitéiseach 2026-2028 anseo.