Léim go dtí an príomhábhar

Tionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Chomhleasa

Is é An Coimisiún Pleanála an tÚdarás Inniúil Náisiúnta maidir le Tionscadail Leasa Choitinn (PCI) agus Tionscadail Chomhleasa (PMI) faoi Rialachán (AE) 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh.

Baineann sé seo le nósanna imeachta de chuid an Aontais Eorpaigh chun an próiseas toilithe a chuíchóiriú le haghaidh tionscadail fuinnimh thras-Eorpacha atá ar Liosta an Aontais de thionscadail arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach.

An illustration of cityscape.

Cad is Tionscadail Leasa Choitinn ann agus cad is Tionscadail Chomhleasa ann

Is príomhthionscadail bonneagair iad Tionscadail Leasa Choitinn (PCI) a bhfuil sé mar aidhm leo margadh inmheánach fuinnimh na hEorpa a chur i gcrích agus cuidiú leis an Aontas Eorpach a chuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach: fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a sholáthar do gach Eorpach agus geilleagar aeráidneodrach á shaothrú faoi 2050.

Is éard atá i dTionscadail Chomhleasa (PMI) ná príomhthionscadail trasteorann bonneagair fuinnimh idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha, a rannchuidíonn le cuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais. Tacaítear leis an gcatagóir tionscadal seo tar éis an athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le Gréasáin Thras-Eorpacha Fuinnimh (GTE-F).

Is féidir leat féachaint anseo ar na tionscadail reatha agus na tionscadail roimhe seo atá sa phróiseas toilithe.