Tionscadail Leasa Choitinn: Lámhleabhar Nósanna Imeachta don Phróiseas Deonaithe Ceadanna.
Tugadh an Lámhleabhar seo cothrom le dáta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (an Rialachán). Féachtar leis an Rialachán le bonneagar fuinnimh na hEorpa a nuachóiriú agus a leathnú agus le líonraí a idirnascadh thar theorainneacha chun príomhchuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach, is iad sin iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair.
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/764 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2025, leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa.
Ag gníomhú dó ina cháil mar Údarás Inniúil Náisiúnta, rinne An Coimisiún Pleanála Tionscadal Stórála Fuinnimh Hidrileictrigh Bhéal Átha Gabhann, atá liostaithe mar thionscadal 1.13 ar Liosta an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn agus de Thionscadail Chomhleasa, a aithint an 27 Feabhra 2025 mar thionscadal atá aibí go leor chun dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna faoi Rialachán (AE) 2022/869.

Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge