Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal Forbairtí Bonneagair Straitéisigh: Údaráis Phleanála

1. Tús Eolais

Tháinig forálacha bonneagair straitéisigh an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 (Acht 2006) i bhfeidhm an 31 Eanáir 2007. Foráiltear go ginearálta san Acht, ina leasaítear an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Acht 2000), le haghaidh iarratas ar chead/ar fhormheas d’fhorbairtí bonneagair straitéisigh sonraithe, idir phríobháideach agus phoiblí, a dhéanfar go díreach chuig an mBord.

Tháinig Cuid 18 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2006 (I.R. Uimh. 685 de 2006) (Rialacháin 2006) maidir le forbairt bonneagair straitéisigh i bhfeidhm chomh maith an 31 Eanáir 2007.

Sna Treoirlínte seo, tagairtí d’ailt san Acht, is tagairtí d’Acht 2000, arna leasú, iad agus tagairtí d’airteagail sna Rialacháin is tagairtí do na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, iad, ach sa chás go ndeirtear a mhalairt.

Tá cineálacha difriúla bonneagair straitéisigh sonraithe in Acht 2000, arna leasú. Le forbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal d'Acht 2000 leasaithe amháin a bhaineann na treoirlínte seo. Baineann sin le forbairt phríobháideach den chuid is mó cé go ndéanfar iarratais ar chead maidir le bonneagar poiblí áirithe trí nósanna imeachta an 7ú Sceidil agus déanfar iarratais ar fhormheas do bhonneagar príobháideach áirithe m.sh. bonneagar straitéiseach gáis, trí bhíthin nósanna imeachta eile.

Liostaítear sa Sceideal aicmí na dtionscadal a bhaineann le hiarratais i dtaca le bonneagar ollmhór fuinnimh, iompair, comhshaoil agus sláinte, a chaithfear, má mheasann an Bord gur bonneagar straitéiseach iad, a dhéanamh anois go díreach chuig an mBord seachas chuig an údarás pleanála áitiúil.

Níor cheart d'Údaráis Phleanála déileáil le haon iarratas ar fhorbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal ach sa chás gur chinn an Bord nach forbairt bonneagair straitéisigh í an fhorbairt sin. I gcás ina bhfuil údarás pleanála faoi amhras maidir le cibé an bonneagar straitéiseach a bheadh i bhforbairt bheartaithe moltar dóibh a iarraidh ar an iarratasóir ionchasach tuairim an Bhoird a lorg sula dtaisceann siad iarratas leis an údarás pleanála.