Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Údaráis Phleanála): An Fhaisnéis a bheadh i Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta – Alt 37D

3. An Fhaisnéis a bheadh i Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta – Alt 37D

Ar fhógra a fháil go meastar gur forbairt bonneagair straitéisigh í ábhar an iarratais agus gur cheart an t-iarratas a dhéanamh go díreach chuig an mBord, féadfaidh an t-iarratasóir ionchasach iarraidh ar an mBord comhairle a chur air nó uirthi maidir leis an bhfaisnéis nár mhór a bheith sa Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) a chuirfí isteach leis an iarratas. Ní féidir comhairle maidir le faisnéis a iarraidh i gcásanna 7ú Sceideal ach sa chás go bhfuil tuairim tugtha ag an mBord faoi alt 37B gur bonneagar straitéiseach a bheadh san fhorbairt bheartaithe.

Sula dtugtar tuairim ar fhaisnéis, ní mór don Bhord dul i gcomhairle le haon chomhlacht a shonraíonn an tAire, lena n-áirítear an t-údarás pleanála iomchuí, agus féadfaidh sé nó sí aighneachtaí nó tuairimí a iarraidh ó chomhlachtaí forordaithe eile (arna liostú in airteagal 213 de Rialacháin 2001, arna leasú) maidir leis an bhfaisnéis a bheadh san TMTT. Táthar ag súil go mbeidh údaráis phleanála lánpháirteach sa phróiseas seo agus go ndéanfaidh siad aighneachtaí chuig an mBord laistigh de thréimhse ama sách gearr a shonróidh an Bord. Tréimhse trí seachtaine nó mar sin a shonrófar de ghnáth. Ba cheart aighneachtaí nó tuairimí dá sórt ón údarás pleanála a bheith i scríbhinn. Aon iarratas ar thuairim scríofa i dtaobh an ábhair a bheadh i TMTT, cuirfidh an Bord uimhir thagartha an chomhaid sin in iúl don údarás pleanála.

Nuair a bheidh deireadh leis an gcéim fhaisnéise seo agus a thuairim eisithe ag an mBord ar an iarratas ar fhaisnéis, foilseofar an t-eolas sin ar a láithreán Gréasáin ina liosta seachtainiúil de chásanna a cuireadh de láimh agus cuirfear an comhad ar fáil d'iniúchadh an phobail. Ina theannta sin, cuirfidh sé cóip dá chomhad chuig an údarás pleanála chun na críocha céanna