Léim go dtí an príomhábhar

Iarratas a dhéanamh ar Chead Achomhairc

Iarratas a dhéanamh ar chead achomhairc

  

Conas iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh

Cá mhéad ama atá agam le hiarratas a dhéanamh?
Ní mór duit d’iarratas a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ag tosú ar an dáta ar a ndéanann an t-údarás pleanála a chinneadh. Tá teorainn ama docht ann. Is é dáta an chinnidh an dáta a shíníonn an príomhfheidhmeannach an t-ordú. Is féidir gur cuireadh an doiciméad sin chugat nó beidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis pleanála. Ní ghlacfar le hachomhairc tar éis 5.30 tráthnóna ar an lá deireanach chun achomharc a dhéanamh.
 

Sampla
Déanann an t-údarás pleanála a chinneadh inniu, Dé Céadaoin 2 Meitheamh.
Ceithre seachtaine a bheidh chun iarratas a dhéanamh ar chead achomhairc.
Is é 5.30 tráthnóna Dé Máirt 29 Meitheamh an dáta deiridh d’achomharc.

Tá rialacha difriúla ann mar gheall teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus 1 Eanáir (agus an dá dháta san áireamh ar féidir leo difríocht a dhéanamh don dáta deiridh.


Cá mhéad a chosnaíonn sé iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh?
€110 a chosnaíonn iarratas ar chead achomhairc.


Conas is féidir liom íoc as m’iarratas?
Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.

 

Ag an deasc fáilte Ag an deasc fáilte In the post

Airgead tirim

✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost.

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Orduithe poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.

Gheofar tuilleadh sonraí mar gheall ar Táillí agus Muirir agus conas iad a íoc ar ár suíomh gréasáin.


Cad a chaithfear a chur ar fáil i m’iarratas ar chead achomhairc?
Ba chóir d’iarratas a ullmhú go cúramach. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an t-iarratas a dhéanamh, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an mBord Pleanála aon saincheist a chur san áireamh nach saincheist phleanála í.

Nóta Tábhachtach: Má éiríonn le d'iarratas ar chead achomhairc, is féidir go dteastóidh uait cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid a d’úsáid tú san iarratas lena n-úsáid san achomharc.

Chun iarratas iomlán bailí a dhéanamh ar chead achomhairc:

Ní mór duit an t-iarratas a dhéanamh i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)
Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh a scríobh go soiléir. Más gníomhaire atá ag déanamh an achomhairc ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.
Ní mór duit dóthain sonraí a thabhairt dúinn le gur féidir linn an talamh nó an fhorbairt. ar thug an t-údarás pleanála cead pleanála ina leith. a aithint. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
• cóip de chinneadh an údaráis pleanála,
• ainm an údaráis pleanála agus uimhir thagartha an chláir pleanála (mar shampla:) Comhairle Cathrach Bhaile an Bhaile, 23719/18).
Ba chóir duit cur síos a dhéanamh ar do leas sa talamh. Mar shampla, léarscáil a sholáthar a thaispeánann do thalamh agus an láithreán forbartha beartaithe marcáilte air.
Ní duit forais phleanála a thabhairt dúinn (cúiseanna agus argóintí) a léireodh an fáth ar cheart cead amhairc a thabhairt duit.
Ní mór duit an táille €110 a íoc.
Ní mór duit an t-iarratas a thabhairt in am.


An féidir liom éisteacht ó bhéal a iarraidh tráth déanta an iarratais?
Ní féidir éisteacht ó bhéal a iarraidh tráth déanta an iarratais.


Cad é an seoladh don iarratas ar chead achomhairc?
Ní mór duit:

  • é a chur leis an bpost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí i Sráid Mhaoilbhríde (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige – ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní ghlacann an fhoireann slándála san oifig le hachomhairc.
Ní féidir d’iarratas a chur i mbosca litreacha na hoifige a sheoladh chugainn le ríomhphost; má dhéanann, iarratas neamhbhailí a bheidh ann.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.


An bhfaighidh mé admháil má thugaim an t-achomharc do dhuine san oifig?
Gheobhaidh. Gheobhaidh. Má thugann tú an t-achomharc go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas d’achomharc san oifig. Nuair a thugann tú d’achomharc do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu.


An bhfaighidh mé admháil má sheolaim an t-achomharc leis an bpost?
Gheobhaidh tú admháil uainn sa phost.

Ar ais go barr

 

  

Tar éis duit d’iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh


An bhfuil m’achomharc bailí nó neamhbhailí?
Tar éis d’achomharc a fháil, seiceálfaimid é féachaint an gcomhlíonann na riachtanais reachtúla chun achomharc bailí a dhéanamh. Mura gcomhlíonann, beidh sé neamhbhailí. An chéad rud eile ná go bhfaighidh tú litir uainn le rá leat:

  • go bhfuaireamar d’achomharc, agus
  • cibé an bhfuil d’achomharc bailí neamhbhailí.


Céard é an chéad rud eile a dhéanaim más acomharc bailí é?
Más achomharc bailí é, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Má scríobhaimid chugat, iarrtar ort déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle sa litir. Má bhíonn cabhair uait chun déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tabhair uimhir thagartha an cháis achomhairc ar an litir, ionas gur féidir linn do chás a aithint.


Cad a tharlaíonn i gcás iarratais neamhbhailí?
Más iarratas neamhbhailí é, seolfaimid gach doiciméad ar ais chugat agus aisíocfaimid do tháille leat i bhfoirm seic. Ní féidir an t-achomharc a chur isteach arís ach amháin má chomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais reachtúla.


Cén fáth gur iarratas neamhbhailí í m’iarratas?
Seo cuid de na cúiseanna a mbíonn achomhairc neamhbhailí:

  • ní chomhlíonann an t-iarratas gach ceann de na riachtanais reachtúla a ndéantar cur síos orthu sa treoir seo,
  • má cuireadh an t-achomharc sa bhosca litreacha san oifig nó má cuireadh chugainn i ríomhphost é, Ní mór é a chur leis an bpost chuig ár n-oifig nó é a thabhairt do dhuine d’fhoireann an Bhoird Pleanála ag an oifig.


Cad é an chéad rud eile a dhéanann an Bord Pleanála?
Laistigh de sheachtain de d'iarratas ar chead achomhairc a fháil, scríobhfaimid chuig an údarás pleanála ag iarraidh cóipeanna de:

  • an iarratas pleanála, léarscáileanna, pleananna agus aon doiciméad eile a fuair siad,
  • cóip d’aon tuarascáil ón údarás pleanála a ullmhaíodh ar an iarratas,
  • cinneadh an údaráis phleanála, agus
  • an fógra a chuir an t-údarás pleanála chuig an iarratasóir i dtaobh a chinnidh.

Ba chóir don údarás pleanála an t-eolas seo a sheoladh chugainn laistigh de sheachtain ón uair a fhaightear an iarraidh uainn. Nuair a fhaightear an t-eolas agus na doiciméid iarratas pleanála, ullmhaíonn foireann an Bhoird Pleanála an cás le cur faoi bhráid an Bhoird. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh cibé an dtabharfar nó an ndiúltófar cead achomhairc.

Tar éis don Bhord a chinneadh a dhéanamh cead achomhairc a thabhairt nó a dhiúltú, seolfaimid litir chugat le post cláraithe agus cóip d’Ordú an Bhoird leis an gcinneadh a chur in iúl duit laistigh de thrí lá oibre ón uair a rinneadh é. Scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe uile san achomharc le cinneadh an Bhoird a chur in iúl dóibh. 


Cad é an teorainn ama chun iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh?
Ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh ar iarratas ar Chead Achomhairc laistigh de cheithre seachtain ón uair a fhaightear é.


An féidir liom m’iarratas a aistarraingt?
Is féidir d’iarratas a aistarraingt uair ar bith sula ndéantar an cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn lena rá gur mian leat an t-iarratas a aistarraingt. Ní féidir an táille a aisíoc, faraor.


Thug an Bord Pleanála cead achomhairc dom. Cad is gá dom a dhéanamh anois?
Má thug an Bord cead achomhairc duit, gabh chuig Cuid 2 den treoir seo.


Níor thug an Bord Pleanála cead achomhairc dom. Cad is gá dom a dhéanamh anois?
Má rinne duine éigin eile achomharc pleanála i dtaobh na forbartha eacnamaíche céanna, is féidir go mbeidh tú in ann a bheith páirteach san achomharc sin trí thuairim a chur isteach.

Gheobhaidh tú eolas breise ar an tslí leis an tuairim a chur isteach in "Tuairim a chur isteach" atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin nó trí theagmháil a dhéanamh linn.

Ar ais go barr