Léim go dtí an príomhábhar

Cead Achomhairc

Cad is cead achomhairc ann agus cé a fhéadann iarratas a dhéanamh?

Próiseas is ea cead achomhairc inar féidir le duine a bhfuil leas aici / aige i dtalamh atá tadhlach leis an láithreán forbartha iarraidh ar an mBord cead a thabhairt chun gur féidir achomharc a dhéanamh má chomhlíontar gach ceann de na ceithre choinníoll seo a leanas:

  1. Níor chuir tú aighneacht chuig an údarás pleanála maidir le hiarratas pleanála.
  2. Cheadaigh an t-údarás pleanála an t-iarratas pleanála sin. Athróidh coinníoll nó coinníollacha ag gabháil le deonú an cheada cuid den fhorbairt bheartaithe ón rud a bhí beartaithe a chéaduair san iarratas pleanála.
  3. De bharr coinníll nó coinníollacha atá ag gabháil leis an deonú ceada anois, beidh tionchar ar an bhforbairt bheartaithe anois ar thalamh:
    1. a bhfuil leas agat ann; agus
    2. atá tadhlach (taobh le nó ceangailte den) suíomh forbartha beartaithe.
  4. Is é an tionchar go bhféadfadh sé:
    1. cur isteach ar theachtadh na talún ar do thaobhsa,
    2. luach na talún a bhfuil leas agat ann a laghdú,
    3. cur isteach ar theachtadh na talún ó do thaobhsa agus luach na talún a laghdú.

Ní ceadmhach don Bhord an t-iarratas ar Chead Achomhairc a cheadú ach amháin má léiríonn tú gur comhlíonadh gach ceann de na ceithre choinníoll thuas.

Teipeann ar líon mór iarratas ar Chead Achomhairc de bhrí nach féidir leis an iarratasóir a léiriú go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha.