Léim go dtí an príomhábhar

Achomharc a dhéanamh tar éis Cead Achomhairc a fháil ón mBord

Achomharc a dhéanamh tar éis cead achomhairc a fháil ón mBord

Conas a bhfaighidh mé scéala faoi chinneadh an Bhoird chun iarratas ar Chead Achomhairc a cheadú?
Seolfaimid litir fógra chugat leis an bpost cláraithe le cinneadh an Bhoird ar d’iarratas ar chead achomhairc.

Cá mhéad ama atá agam le hachomharc a dhéanamh?
Ní mór duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de dhá sheachtain ag tosú ar an dáta ar a ndéanann an t-údarás pleanála a chinneadh. Beidh cinneadh an Bhoird seolta againn chugat sa litir seo leis an bpost cláraithe. Ní ghlacfar le hachomhairc tar éis 5.30 tráthnóna ar an lá deireanach chun achomharc a dhéanamh.

Achomharc a dhéanamh tar éis cead achomhairc a fháil ón mBord.
Tá dhá sheachtain agat le d’achomharc a dhéanamh ag tosú ar an dáta a bhfuair tú an litir fógra.
Sampla
Fuair tú litir fógra inniu, Dé Máirt 2 Nollaig. Is é 5.30 tráthnóna Dé Luain 15 Nollaig (dhá sheachtain níos déanaí) an dáta deiridh d’achomharc.

Tá rialacha difriúla ann mar gheall teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus 1 Eanáir (agus an dá dháta san áireamh) ar féidir leo difríocht a dhéanamh don dáta deiridh.


Conas a dhéanaim achomharc?
Ní mór duit d’achomharc a dhéanamh i scríbhinn agus é a chur sa phost nó a thabhairt isteach san oifig chugainn. Ní féidir achomharc a dhéanamh ar líne faoi láthair. Tá Foirm Achomhairc Pleanála ann le líonadh isteach. Is féidir doiciméad a chlóscríobh nó a lámhscríobh. Mar sin féin, gá duit an fhoirm seo a líonadh isteach chun achomharc a dhéanamh. Is féidir an fhoirm a úsáid scríobh chugainn.


Cá mhéad a chosnaíonn sé achomharc a dhéanamh?
€110 a chosnaíonn achomharc.


Conas is féidir liom an táille achomhairc a íoc?
Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.

 

Ag an deasc fáilte Leis an bpost

Airgead tirim

✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost.

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Orduithe poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.

Gheofar tuilleadh sonraí mar gheall ar Táillí agus Muirir agus conas iad a íoc ar ár suíomh gréasáin.


Cad a chaithfear a chur ar fáil san achomharc?
Ba chóir duit forais d’achomhairc (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. Fiú má cheapann tú go bhfuil an t-eolas a thug tú dúinn le d’iarratas ar chead achomhairc á chur isteach agat arís, ní mor duit gach eolas iarrtha a chur isteach.

Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an t-achomharc a dhéanamh, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an mBord Pleanála aon cheist a chur san áireamh nach ceist phleanála í.

Chun achomharc iomlán bailí a dhéanamh:

Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa).
Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh a scríobh go soiléir. Más gníomhaire atá ag déanamh an achomhairc ar do shon, ní mór do ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.
Ní mór duit dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is mian leat a achomharc a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
• uimhir cháis chead achomhairc an Bhoird Pleanála,
• cóip d’Ordú Boird an Bhoird Pleanála.
Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil dúinn:
• forais phleanála d’achomhairc (cúiseanna agus argóintí) as a leanann gur mian leat cinneadh an údaráis pleanála a athrú, agus
• aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le d’fhorais achomhairc.
Ní mór duit an táille €110 a íoc.
Ní mór duit d’achomharc a dhéanamh laistigh de dhá sheachtain ag tosú ar an dáta ar a bhfaigheann tú an litir fógra.


Cad é an seoladh don iarratas ar chead achomhairc?
Ní mór duit:

  • é a chur leis an bpost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí i Sráid Mhaoilbhríde (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige – ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní ghlacann an fhoireann slándála san oifig le hachomhairc.

Cuimhnigh, cuir d’achomharc i mbosca litreacha na hoifige i ríomhphost chugainn; má dhéanann, achomharc neamhbhailí a bheidh ann.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta ssaoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.


An bhfaighidh mé admháil má thugaim an t-achomharc do dhuine san oifig?
Gheobhaidh. Má thugann tú an t-achomharc go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas d’achomharc san oifig. Nuair a thugann tú d’achomharc do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu.


An bhfaighidh mé admháil má sheolaim an t-achomharc leis an bpost?
Gheobhaidh tú admháil uainn sa phost.

Ar ais go barr

 

Éisteachtaí ó bhéal

Cad is éisteacht ó bhéal ann?
Tionóltar éisteacht ó bhéal uaireanta mar chabhair dár gcigire chun tuilleadh eolais a bhailiú ó rannpháirtithe. Ní gnách don Bhord éisteacht a thionóil ach amháin mar áis chun tuiscint a fháil ar chás casta, má tá saincheisteanna suntasacha náisiúnta nó áitiúla i gceist iontu. Tá an chumhacht ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól ar iarratas nó in éagmais iarratais.


Conas a iarraim éisteacht ó bhéal?
Chun éisteacht ó bhéal a iarraidh, ní mór iarratas ar éisteacht ó bhéal a dhéanamh. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit:

  • tic a chur sa bhosca “Tá, is mian liom éisteacht ó bhéal a iarraidh” ar an bhFoirm Achomhairc Pleanála,
  • scríobh chugainn agus éisteacht a iarraidh.

Beidh ort táille bhreise neamh-in-aisíoctha €50 a íoc. Gheobhaidh tú eolas breise ar an tslí leis an iarratas a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin nó trí theagmháil a dhéanamh linn.

Ar ais go barr

 

Tar éis d'achomharc a dhéanamh

An bhfuil m’achomharc bailí nó neamhbhailí?
Tar éis d’achomharc a fháil, seiceálfaimid é féachaint an gcomhlíonann na riachtanais reachtúla chun achomharc bailí a dhéanamh. Mura gcomhlíonann, beidh sé neamhbhailí. An chéad rud eile ná go bhfaighidh tú litir uainn le rá leat:

  • go bhfuaireamar d’achomharc, agus
  • cibé an bhfuil d’achomharc bailí neamhbhailí.


Céard é an chéad rud eile a dhéanaim más acomharc bailí é?
Más achomharc bailí é, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Le linn an phróisis achomhairc, is féidir go bhfaighidh tú litir uainn mar gheall ar:

  • tuairimí nó tráchtaí a iarrfar ort a thabhairt, b’fhéidir, ar rud éigin atá faighte againn,
  • cinneadh an Bhoird éisteacht ó bhéal a thionól,
  • mionsonraí éisteachta ó bhéal
  • cathain is dóigh leis an mBord go ndéanfar a chinneadh nuair nach féidir é a dhéanamh laistigh den tréimhse 14 seachtaine.

Má scríobhaimid chugat, iarrtar ort déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle sa litir. Má bhíonn cabhair uait chun déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tabhair uimhir thagartha an cháis achomhair ar an litir, ionas gur féidir linn do chás a aithint.


Cad a tharlaíonn i gcás achomhairc neamhbhailí?
Más achomharc neamhbhailí é, cuirfimid na doiciméid agus an taille ar ais chugat. Aisíocfaimid do tháille i bhfoirm seic. Ní féidir an t-achomharc a chur isteach arís ach amháin má chomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais reachtúla.


Cén fáth gur achomharc neamhbhailí é m’achomharc?
Seo cuid de na cúiseanna a mbíonn achomhairc neamhbhailí:

  • ní chomhlíonann an t-achomharc gach ceann de na riachtanais reachtúla a ndéantar cur síos orthu sa treoir seo,
  • má cuireadh an t-achomharc sa bhosca litreacha san oifig nó má cuireadh chugainn i ríomhphost é,

Gheofar mionsonraí eile mar gheall ar achomhairc neamhbhailí ar ár suíomh gréasáin.


Cad é an chéad rud eile a dhéanann an Bord Pleanála?
Seolann an Bord Pleanála cóip de d’achomharc chuig:

  • an údarás pleanála,
  • an iarratasóir, agus
  • chuig aon achomharcóir eile atá baineach leis an achomharc.

Bíonn ceithre seachtaine ag rannpháirtithe ó dháta na litreach uainn ag iarraidh orthu a gcuid tuairimí a chur isteach, más mian leo Ní féidir linn aird a thabhairt ar thuairimí a fhaigheann tar éis an dáta deiridh. Is féidir go scríobhfaimid chuig rannpháirtithe ag iarraidh aighneachtaí nó tuilleadh eolais orthu.

Breithneoidh cigire d’achomharc agus na doiciméid ar fad. De ghnáth, tugann siad cuairt ar an láithreán chun tuilleadh eolais a bhailíú agus grianghraif a ghlacadh dá dtuarascáil. Is féidir go mbeimid i dteagmháil leat chun am a shocrú do chuairt an chigire ar an láithreán; ach is féidir go rachaidh cigire go dtí an láithreán gan choinne má bhíonn sí/sé sa cheantar.

Tar éis an éisteacht ó bhéal a chríochnú, ullmhaíonn an cigire tuarascáil agus moladh don Bhord. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar na doiciméid uile sa chás.


Cad é an teorainn ama chun achomhairc a chinneadh i gcás ina dtugann an Bord cead achomhairc?
Tá cuspóir reachtúil ag an mBord achomhairc a chinneadh, más féidir, laistigh de 14 seachtaine. Áirítear sa tréimhse 14 seachtaine aon tréimhsí iarratais a luadh cheana. Mar shampla, má iarraimid ort tuairim a thabhairt ar aighneacht laistigh de cheithre seachtaine, beidh na ceithre seachtaine sin ina gcuid den tréimhse achomhairc iomlán 14 seachtaine.

Mura féidir leis an mBord cinneadh a dhéanamh laistigh de 14 seachtaine, scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe san achomharc chun é sin a chur in iúl dóibh.

Nuair a dhéanann an Bord cinneadh, seolfaimid litir agus cóip d’Ordú an Bhoird chugat chun an cinneadh a chur in iúl dúit. 


An mbreithneofar m’iarratas ar chead achomhairc le linn an achomhairc?
Ní bhreithneofar. Is cás ar leithligh é an iarratas ar chead achomhairc ón gcás achomhairc. Agus cinneadh á dhéanamh ar d’achomharc, cuirfidh an Bord forais d’achomhairc agus gach doiciméad eile ar cháschomhad an achomhairc san áireamh.


An féidir liom m’achomharc a aistarraingt?
Is féidir achomharc a aistarraingt uair ar bith sula ndéantar an cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn á rá gur mian leat an t-achomharc a aistarraingt. Ní féidir an táille a aisíoc, faraor.


Tá an t-iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir. An nglacfaidh an Bord le m’achomharc?
Ní ghlacfaidh. Ní féidir achomharc bailí a dhéanamh i gcás ina bhfuil iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir.


An féidir leis an mBord achomharc a chaitheamh amach?
Gheobhaidh sásta:

  • gur achomharc cráiteach é, atá ceaptha chun cur isteach ar dhuine éigin eile nó iad a chiapadh,
  • gur achomharc fánaché, nach bhfuil aon bhunús leis,
  • gur achomharc gan bunús ná substaint é,
  • gur achomharc é a rinneadh d’aonturas le moill a chur ar an bhforbairt
  • gur achomharc é a rinneadh chun íocaíocht bronntanais nó cúiteamh a fháil ó dhuine ar bith, nó
  • gur achomharc é a rinne duine nach féidir a shainaithint (i dtuairim an Bhoird).

Ar ais go barr