Léim go dtí an príomhábhar

Ardán Achomharc ar Líne

Sula dtosóidh tú Tagann na treoracha

Seo i ndiaidh an phríomhleathanaigh Achomhairc ar ár suíomh Gréasáin.

í ghlacann an tArdán Achomharc ar Líne faoi láthair ach leis na cineálacha seo a leanas:
• Gnáthachomharc Pleanála* (céad pháirtí agus tríú páirtí)
• Tarchur faoi Alt 5
• Forbairt Chónaithe ar Mhórscála (céad pháirtí agus tríú páirtí)
• Cead Achomhairc Deonaithe

*Baineann Gnáthachomhairc Phleanála le cinntí ón gcomhairle cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú, nó coinníollacha a chur leis.

Ní mór gach cineál eile achomhairc a chur isteach de láimh nó leis an bpost, lena n-áirítear:

• Iarratas Tosaigh ar Chead Achomhairc

• Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán / Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas

• Rochtain do Dhaoine faoi Mhíchumas

• Toiliú Ionaid

Treoirlínte

• Ní mór d’achomharc a bheith faighte laistigh de cheithre seachtaine, ag tosú ar an dáta a dhéanann an t-údarás pleanála a chinneadh. Mura bhfuil tú cinnte, bain úsáid as ár n-uirlis féilire chun cabhrú leat an dáta deiridh chun d’achomharc a chur isteach a dhéanamh amach.

• Ní mór cur isteach an achomhairc ar líne a chur i gcrích in aon seisiún amháin – ní féidir leat d’achomharc a shábháil agus filleadh air níos déanaí. Molaimid duit d’achomharc a ullmhú sula dtosóidh tú ar é a chur isteach ar líne.

• Gheobhaidh An Coimisiún Pleanála cóip iomlán de na doiciméid, na líníochtaí agus na léarscáileanna a cuireadh faoi bhráid an údaráis pleanála áitiúil mar chuid de chéim an iarratais pleanála agus a thaispeántar ar shuíomh Gréasáin an údaráis pleanála. Dá bhrí sin, molaimid duit gan aon cheann de na doiciméid sin a uaslódáil mar chuid den ábhar tacaíochta a ghabhann le d’achomharc. Le linn duit ábhar tacaíochta a uaslódáil, ná cuir san áireamh ach doiciméid nua. (Ní bhaineann sé seo le hachomhairc tríú páirtí, i gcás nach mór duit cóip de litir admhála an údaráis pleanála a chur san áireamh)

• Cuirtear i gcuimhne duit nach mór duit gach ceann de cheanglais alt 127 agus alt 37 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, a chomhlíonadh chun achomharc bailí a thaisceadh.

• Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ár dtreoir maidir le hachomharc pleanála a dhéanamh.


Teorainneacha Méide Comhaid

Is é 80 MB an teorainn chomhcheangailte reatha i leith méideanna comhaid do na doiciméid tacaíochta. Is iad seo a leanas na teorainneacha méide le haghaidh gach ceann de na doiciméid:

Cineál Doiciméid Teorainn Mhéide
Litir Admhála Tríú Páirtí (má bhaineann) 5MB
Deonú Cead Achomhairc (má bhaineann) 5MB
Forais Achomhairc 10MB
Suas le cúig dhoiciméad tacaíochta breise 30MB, 10MB, 10MB, 5MB, 5MB

Tabhair faoi deara nach féidir leat ach ceangaltán amháin a uaslódáil faoi gach rannán ábhair tacaíochta.

Má uaslódáiltear ceangaltán eile, forscríobhfar an chéad cheangaltán agus cuirfear an ceangaltán nua ina ionad. Is féidir leat cúig cheangaltán san iomlán a uaslódáil, agus is féidir le gach ceann díobh a bheith ina dhoiciméad aonair. Is féidir leat fillteán zipeáilte ina bhfuil roinnt doiciméad a uaslódáil freisin, fad is nach sáróidh méid iomlán an fhillteáin zipeáilte na teorainneacha méide
Más gá duit níos mó ná cúig dhoiciméad tacaíochta a chur isteach, cuir le chéile iad i zipchomhad amháin nó níos mó. Ar an tslí sin, is féidir leat níos mó ná cúig dhoiciméad tacaíochta a chur isteach (fad a bheidh gach zipchomhad ag teacht go fóill leis na teorainneacha in aghaidh an chomhaid atá leagtha amach thuas).

Zipchomhaid
Is féidir leat zipchomhaid a uaslódáil, rud a fhágann gur féidir roinnt comhad a chur le chéile in aon chomhad amháin. Ar an mbealach seo, is féidir leat níos mó ná cúig dhoiciméad tacaíochta a chur isteach, ar choinníoll nach sáraíonn na zipchomhaid na teorainneacha méide comhaid a leagtar amach thuas. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an treoir seo ó Microsoft maidir le comhaid a chur le chéile in aon zipchomhad amháin.
 

Doiciméid Inchuardaithe agus Cineálacha Comhaid a Cheadaítear

Cinntigh, le do thoil, go bhfuil na doiciméid a chuirtear ar fáil don Choimisiún i bhfoirm leictreonach inchuardaithe agus ar chaighdeán atá sách maith chun cóip chrua sholéite a tháirgeadh, más gá. Ní mór do dhoiciméid a bheith i bhformáid Microsoft Word nó PDF.
Ní ghlacaimid le físeáin mar chuid d’achomhairc ar líne. Ní chuirfear aon chomhaid físe a chuirtear isteach san áireamh sa chás agus ní dhéanfar aon bhreithniú breise orthu.
Tá sé seo i gcomhréir le Rialacháin an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Achomhairc agus Tarchuir Leictreonacha) 2025 I.R. Uimh. 540 de 2025.


Céim ar chéim: D’achomharc a chur isteach ar líne

1
Céim 1: Téigh chuig Achomhairc ar Líne


Iontráil an seoladh ríomhphoist chun do chód fíorúcháin agus aon chomhfhreagras amach anseo ón gCoimisiún Pleanála a fháil

2
Céim 2: Fíoraigh do sheoladh ríomhphoist

Gheobhaidh tú cód fíorúcháin aonuaire tríd an ríomhphost ó noreply@services.gov.ie. Iontráil an cód sin chun leanúint ar aghaidh

3
Céim 3: Comhlánaigh an fhoirm agus uaslódáil do dhoiciméid tacaíochta

Seiceáil an bhfuil do chuid comhad de réir na dteorainneacha méide atá liostaithe thíos.

4
Céim 4: Athbhreithnigh an Achoimre

Click Go to Summary to review and make any final checks or adjustments.

5
Céim 5: Cuir isteach ar líne agus ío

Is féidir go dtógfaidh an íocaíocht suas le 25 shoicind. Ní bheidh d’achomharc curtha isteach go dtí go mbeidh an táille cheart íoctha.
Feicfidh tú admháil ar an scáileán nuair a bheidh an íocaíocht déanta go rathúil agus gheobhaidh tú deimhniú ríomhphoist ó noreply@services.gov.ie.
 

Tosaigh d'Achomharc ar Line ➜  

Seol d’Aiseolas chugainn

 

 

 

Ós rud é gur rud nua atá in achomhairc ar líne, ba mhór againn d’aiseolas a fháil ar an bpróiseas, lena n-áirítear ár dtreoracha, teorainneacha méide comhaid, agus feidhmíocht foirmeacha, etc. Ná húsáid é seo ach amháin le haghaidh aiseolas ar an gcóras ar líne féin.

Cliceáil anseo chun Aiseolas maidir le hAchomhairc ar Líne a sholáthar ➜ 


An bhfuil tú ag teacht ar fhadhbanna teicniúla?

Is féidir ceisteanna faoi chásanna sonracha nó faoi fhaisnéis ghinearálta achomhairc a chur isteach trí na gnáthchainéil atá ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Déan Teagmháil Linn’. Bainistíonn Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais an córas seo thar ceann an Choimisiúin Pleanála. Má thagann tú ar fhadhb theicniúil nach bhfuil do ghléas féin ná do Wi-Fi féin mar chúis leis, seol ríomhphost chugainn ag transformation@pleanala.ie.Déanfaidh ár bhfoireann athbhreithniú ar an bhfadhb agus, más gá, déanfaidh sí teagmháil le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais.

Uaireanta Tacaíochta: Ó Luan go hAoine le linn ár n-uaireanta oscailte.

Meabhrúchán: Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú dátaí deiridh mar gheall ar fhadhbanna TF nach rabhthas ag coinne leo, tabhair go leor ama duit féin chun d’achomharc a chur isteach de láimh nó leis an bpost más gá.