Sula dtosóidh tú
Tá na treoracha seo ceaptha chun an príomhleathanach Achomharc ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin Pleanála anseo a leanúint: Achomhairc Phleanála – rud a nuashonrófar nuair a bheidh achomhairc ar líne ‘beo’.
Seirbhís Treoirchéime: Ná húsáid í mura bhfuil cuireadh tugtha duit ag an gCoimisiún Pleanála chun déanamh amhlaidh.
Ní mór gach cineál eile achomhairc a chur isteach leis an bpost nó i bpearsa. Áirítear leo sin: atreoruithe, agus achomhairc a bhaineann le Forbairtí Cónaithe Mórscála, le Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán, le Deimhnithe Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, le Forbairtí Bonneagair Straitéisigh, agus le hIarratais Mhuirí.
Treoirlínte
- Ní mór d’achomharc a bheith faighte laistigh de cheithre seachtaine, ag tosú ar an dáta a dhéanann an t-údarás pleanála an cinneadh uaidh, agus ní mór é a bheith faighte roimh 5.30pm ar an lá deiridh den tréimhse ceithre seachtaine sin le linn na treoirchéime seo. Mura bhfuil tú cinnte, bain úsáid as ár n-uirlis féilire chun cabhrú leat a dhéanamh amach cén dáta deiridh le haghaidh d’achomharc a chur isteach.
- In amanna, iompraíonn seirbhísí nua TF ar bhealach nach rabhthas ag coinne leis ar ghléasanna áirithe nó ar líonraí áirithe. I gcás aon fhadhbanna teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann, moltar duit d’achomharc ar líne a chur isteach go luath agus gan déanamh amhlaidh róghar don dáta deiridh toisc go dtabharfaidh sé sin am duit achomharc a chur isteach leis an bpost nó de láimh laistigh den tréimhse ama reachtúil le haghaidh achomharc a dhéanamh i gcás aon fhadhbanna teicniúla TF
- Ní mór cur isteach an achomhairc ar líne a chur i gcrích in aon seisiún amháin – ní féidir leat d’achomharc a shábháil agus filleadh ar ais air tráth níos déanaí. Molaimid duit d’achomharc a ullmhú sula dtosóidh tú ar é a chur isteach ar líne.
- Cuirtear i gcuimhne duit nach mór duit gach ceann de cheanglais alt 127 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, a chomhlíonadh chun achomharc bailí a thaisceadh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an treoir uainn maidir le hachomharc pleanála a dhéanamh.
Gheobhaidh an Coimisiún Pleanála cóip iomlán de na doiciméid, na líníochtaí agus na léarscáileanna a cuireadh isteach chuig an údarás áitiúil pleanála mar chuid de chéim an iarratais pleanála agus a thaispeántar ar shuíomh Gréasáin an údaráis pleanála. Molaimid duit, dá bhrí sin, gan aon cheann de na doiciméid sin a uaslódáil mar chuid den ábhar tacaíochta i dteannta d’achomhairc. Agus ábhar tacaíochta á uaslódáil agat, ná seol ach doiciméid nua.
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait chun d’achomharc a chur isteach ar líne:
- na doiciméid agus na comhaid tacaíochta uile is gá a bheith réidh lena n-uaslódáil
- cárta dochair nó creidmheasa, chun an táille a íoc
- an email address
Tá achomhairc ar líne ar fáil dóibh seo a leanas:
✔ Achomhairc chéad pháirtí ▼
✔ Achomhairc tríú páirtí ▼
✔Má deonaíodh Cead Achomhairc duit í ▼
Ní mór gach cineál eile achomhairc a chur isteach leis an bpost nó i bpearsa. Áirítear leo sin: atreoruithe, agus achomhairc a bhaineann le Forbairtí Cónaithe Mórscála, le Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteán, le Deimhnithe Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, le Forbairtí Bonneagair Straitéisigh, agus le hIarratais Mhuirí.
Teorainneacha Méide Comhaid
Is é 80 MB an teorainn chomhcheangailte reatha i leith méideanna comhaid do na doiciméid tacaíochta. Is iad seo a leanas na teorainneacha méide le haghaidh gach ceann de na doiciméid:
| Cineál Doiciméid | Teorainn Mhéide |
|---|---|
| Litir Admhála Tríú Páirtí (má bhaineann) | 5MB |
| Deonú Cead Achomhairc (má bhaineann) | 5MB |
| Forais Achomhairc | 10MB |
| Suas le cúig dhoiciméad tacaíochta breise | 30MB, 10MB, 10MB, 5MB, 5MB |
Más gá duit níos mó ná cúig dhoiciméad tacaíochta a chur isteach, cuir le chéile iad i zipchomhad amháin nó níos mó. Ar an tslí sin, is féidir leat níos mó ná cúig dhoiciméad tacaíochta a chur isteach (fad a bheidh gach zipchomhad ag teacht go fóill leis na teorainneacha in aghaidh an chomhaid atá leagtha amach thuas).
Tabhair faoi deara: Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún Pleanála. Is ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le luach ar airgead amháin a bhainimid úsáid as seirbhísí comhroinnte Rialtais, agus ní dhéanann an úsáid sin aon difear dár gcinnteoireacht neamhchlaonta agus ní théann sí i bhfeidhm uirthi
Céim ar chéim: D’achomharc a chur isteach ar líne
Céim 1: Téigh chuig Achomhairc ar Líne
Iontráil an seoladh ríomhphoist chun do chód fíorúcháin agus aon chomhfhreagras amach anseo ón gCoimisiún Pleanála a fháil
Céim 2: Fíoraigh do sheoladh ríomhphoist
Gheobhaidh tú cód fíorúcháin aonuaire tríd an ríomhphost ó noreply@services.gov.ie. Iontráil an cód sin chun leanúint ar aghaidh
Céim 3: Comhlánaigh an fhoirm agus uaslódáil do dhoiciméid tacaíochta
Seiceáil an bhfuil do chuid comhad de réir na dteorainneacha méide atá liostaithe thíos.
Céim 4: Athbhreithnigh an Achoimre
Click Go to Summary to review and make any final checks or adjustments.
Céim 5: Cuir isteach ar líne agus ío
Is féidir go dtógfaidh an íocaíocht suas le 25 shoicind. Ní bheidh d’achomharc curtha isteach go dtí go mbeidh an táille cheart íoctha.
Feicfidh tú admháil ar an scáileán nuair a bheidh an íocaíocht déanta go rathúil agus gheobhaidh tú deimhniú ríomhphoist ó noreply@services.gov.ie.
Seol d’Aiseolas chugainn
Ós rud é gur rud nua atá in achomhairc ar líne, ba mhór againn d’aiseolas a fháil ar an bpróiseas, lena n-áirítear ár dtreoracha, teorainneacha méide comhaid, agus feidhmíocht foirmeacha, etc. Ná húsáid é seo ach amháin le haghaidh aiseolas ar an gcóras ar líne féin.
Cliceáil anseo chun Aiseolas maidir le hAchomhairc ar Líne a sholáthar
An bhfuil tú ag teacht ar fhadhbanna teicniúla?
Is féidir ceisteanna faoi chásanna sonracha nó faoi fhaisnéis ghinearálta achomhairc a chur isteach trí na gnáthchainéil atá ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Déan Teagmháil Linn’. Bainistíonn Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais an córas seo thar ceann an Choimisiúin Pleanála. Má thagann tú ar fhadhb theicniúil nach bhfuil do ghléas féin ná do Wi-Fi féin mar chúis leis, seol ríomhphost chugainn ag transformation@pleanala.ie.
Déanfaidh ár bhfoireann athbhreithniú ar an bhfadhb agus, más gá, déanfaidh sí teagmháil le hOifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais.
Uaireanta Tacaíochta: Ó Luan go hAoine le linn ár n-uaireanta oscailte.
Meabhrúchán: Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú dátaí deiridh mar gheall ar fhadhbanna TF nach rabhthas ag coinne leo, tabhair go leor ama duit féin chun d’achomharc a chur isteach de láimh nó leis an bpost más gá.

Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge