Léim go dtí an príomhábhar

Éisteacht ó Bhéal: Treoir

Is ionann éisteacht ó bhéal agus cruinniú poiblí a bhíonn ar oscailt do chách maidir le cás atá os comhair an Bhoird Pleanála, cé nach gach duine atá i dteideal a bheith páirteach sa phlé. Tionóltar éisteachtaí ó bhéal chun tuilleadh plé agus scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcás atá le cinneadh ag an mBord Pleanála. Níor chóir dó a bheith rófhoirmiúil ná ródhleathaíoch.

Tá sé de chumhacht ag Bord an Bhoird Pleanála cinneadh a dhéanamh cibé ar chóir éisteacht ó bhéal a thionól i gcás ar leith.

Is gnách éisteacht ó bhéal a thionól sna cásanna seo a leanas:

  • cásanna de bhonneagar straitéiseach
  • cásanna casta achomhairc nó cásanna mar a bhfuil saincheist shuntasach náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil le réiteach
  • orduithe ceannaigh éigeantaigh agus cásanna gaolmhara
  • cineálacha cásanna eile má mheastar gur gá

Ní thionóltar éisteacht ó bhéal, ach i gcásanna speisialta, i dtaca le hiarratas ar fhorbairt straitéiseach tithíochta a dhéantar go díreach chuig an mBord Pleanála.

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach.

Ar mhaith leat leagn inphriontáilte?


Éisteacht ó Bhéal: Treoir (PDF, 441KB)