Léim go dtí an príomhábhar

Leideanna duit agus d'aighneacht á déanamh ag an éisteacht ó bhéal

  • Ullmhaigh trí smaoineamh ar na saincheisteanna pleanála is mian leat a tharraingt anuas. Bí chomh gonta agus is féidir. Déan iarracht gan eolas a athrá.
  • Roimh thús na héisteachta, is féidir go mb'fhiú duit d'aighneacht a chleachtadh trína léamh amach os ard ag an mbaile.
  • Lean treoracha an chigire agus déan mar a iarrann sé ort. Tá sé ansin chun do thuairimí a chloisteáil. Le linn d'aighneachta, féadfaidh an cigire ceisteanna a chur ort nó tú a stopadh má tá athrá ar siúl agat.
  • Tuigeann an cigire go bhféadfá a bheith neirbhíseach agus d'aighneacht á déanamh agat. Déan iarracht labhairt go soiléir agus go réidh.
  • Má tá grianghraif, fístéipeanna nó míreanna eile agat le taispeáint le linn d'aighneachta, is féidir go gceadóidh an cigire duit iad a chur i láthair na héisteachta ó bhéal. Ní mór cóipeanna a chur ar fáil agus lipéad cuí a bheith ar gach taispeáint. Iarr tuilleadh eolais ar fhoireann an Bhoird Pleanála roimh ré.
  • Déantar éisteacht ó bhéal a thaifeadadh de ghnáth le córas fuaime agus foireann micreafón. Labhair go soiléir isteach sa mhicreafón.