Léim go dtí an príomhábhar

Caighdeain

Iompraíocht neamh-inghlactha agus cionta

Is gnách d'éisteacht ó bhéal a bheith ann gan mhoill ná cur isteach. Má bhíonn moill nó cur isteach ar éisteacht ó bhéal is féidir leis an gcigire:

  • rabhadh a thabhairt don duine
  • ordú a thabhairt do dhuine an éisteacht a fhágáil nó iarraidh go dtabharfaí an duine ar shiúl
  • cúnamh a iarraidh ar an nGarda Síochána

Tá pionóis ann do dhaoine a chiontaítear as moill a chur ar éisteacht ó bhéal nó cur isteach air. Féadfaidh cúirt ordú a thabhairt do dhuine nó do dhaoine ciontaithe costais a íoc leis an mBord Pleanála nó le haon rannpháirtí a bhí i láthair ag an éisteacht ó bhéal. Is féidir go n-ordófar don duine a thoiligh leis an gcion nó a mhisnigh an duine chun an cion a dhéanamh costais a íoc.