Léim go dtí an príomhábhar

Gnáthéisteacht ó bhéal

An oscailt

Cuirfidh an cigire foireann an Bhoird Pleanála in aithne agus osclófar an éisteacht ó bhéal. Seo na rudaí a dhéanfaidh an cigire:

  • an chúis leis an éisteacht ó bhéal agus an clár oibre beartaithe a mhíniú.
  • freastal na rannpháirtithe a sheiceáil.
  • achoimre a thabhairt ar an bhforbairt bheartaithe nó iarraidh na hiarratasóirí é sin a dhéanamh.
  • aon cheist i dtaobh nósanna imeachta a fhreagairt.

An Bord Pleanála Inspector opening an oral hearing and assisted by administrative staff.
 

Aighneachtaí

  • Aighneachtaí scríofa a fuarthas roimh an éisteacht, glacfar leo agus níor chóir iad a léamh ag an éisteacht.
  • Glacfar le haighneachtaí ó bhéal san ord atá tugtha ar an gclár oibre.
  • Ba chóir do rannpháirtithe a bheith chomh soiléir gonta agus is féidir agus gan aon argóint atá déanta ag duine éigin eile a athlua.
  • Ba chóir do rannpháirtithe a bhfuil aighneachtaí cosúla acu teacht le chéile agus urlabhraí amháin a ainmniú, más féidir.
  • Tá an ceart ag an gcigire cur isteach ar rannpháirtithe má mheasann sé nach bhfuil a gcuid eolais ná a ndearcadh oiriúnach don éisteacht ó bhéal.
  • Tá cumhachtaí ag an gCigire chun fianaise a éisteacht faoi mhionn ach is annamh a dhéantar amhlaidh.


Ceistiú

Ar aon dul leis an gclár oibre, tabharfaidh an Cigire deis do na rannpháirtithe a chéile a chroscheistiú. Chomh maith le cinntiú go dtugtar aird ar phrionsabail an cheartais aiceanta, féadfaidh an croscheistiú a bheith an-úsáideach chun argóintí a thástáil agus easaontas idir na rannpháirtithe a scrúdú. Féadfaidh an cigire rannpháirtithe a cheistiú uair ar bith.

An dúnadh

Tabharfaidh an Cigire cead do rannpháirtithe ráitis ghearra dúnta a dhéanamh más mian leo. Ba chóir go n-achoimreofar sna ráitis na príomhphointí a rinneadh níos luaithe agus ar mian leis an rannpháirtí go gcuirfeadh an Bord Pleanála san áireamh. Níor cheart aon tsaincheist ná argóint dlí nua a tharraingt anuas.

Mionathruithe agus coinníollacha féideartha

Is féidir tograí leasaithe agus coinníollacha féideartha a chur i láthair ag an éisteacht lena bplé agus le trácht a dhéanamh orthu. Má ghlacann an cigire leo, ní dhéanfaidh siad dochar do mholadh an chigire ná do chinneadh an Bhoird.

Is féidir le héisteachtaí ó bhéal a bheith strusmhar. Iarraimid ar rannpháirtithe a bheith dea-bhéasach, cúirtéiseach agus meas a léiriú i gcónaí ar an uile dhuine atá rannpháirteach. Bímid ag súil go nglacfaidh na rannpháirtithe uile le cinneadh an chigire.
 
Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir éisteachtaí ó bhéal a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as Microsoft Teams. Chun a fháil amach conas freastal ar chruinniú nó éisteacht ó bhéal trí Microsoft Teams, féach ar ár leathanach treorach.