Léim go dtí an príomhábhar

Cad a tharlaíonn tar éis éisteacht ó bhéal?

Tar éis an éisteacht ó bhéal a chríochnú, ullmhaíonn an cigire tuarascáil agus moladh don Bhord. Áirítear sa tuarascáil gach doiciméad a bhaineann leis an gcás, an t-eolas a fuarthas ag an éisteacht ó bhéal san áireamh.

Breithníonn an Bord tuarascáil an chigire agus gach doiciméad sa chás agus eisíonn sé cinneadh. Cuirtear Tuarascáil an Chigire, Treoir an Bhoird agus Ordú an Bhoird (cinneadh) ar fáil ar www.pleanala.ie. Cuirtear gach doiciméad ar chomhad an cháis ar fáil don phobal lena scrúdú agus lena gceannach, cóip d'aon taifeadadh a rinneadh ar an éisteacht san áireamh.