Ar thug mé tuairim bhailí nó tuairim neamhbhailí?
Tar éis dúinn do thuairim a fháil, seiceálfaimid an gcomhlíonann sí na ceanglais reachtúla chun a bheith ina tuairim bhailí. Mura gcomhlíonann do thuairim na ceanglais sin, is neamhbhailí a bheidh sí.
Seolfaimid litir chugat ansin chun a insint duit:
- go bhfuaireamar do thuairim, agus
- gur chinneamar do thuairim a bheith bailí nó neamhbhailí.
Cad is gá dom a dhéanamh má tá mo thuairim bailí?
Má tá do thuairim bailí, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh. Le linn an phróisis achomhairc, tá seans ann go seolfaimid litir chugat maidir leis na nithe seo a leanas:
• Cuireadh a thabhairt duit barúlacha nó tuairimí a thabhairt ar rud éigin a fuaireamar,
• An cinneadh ón gCoimisiún éisteacht ó bhéal a thionól, • mionsonraí faoi éisteacht ó bhéal,
• An t-am faoina bhfuil súil ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh más rud é nach mbeidh sé in ann cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse 18 seachtaine.
Más rud é go scríobhfaimid chugat, lean na treoracha nó an chomhairle a bheidh tugtha sa litir. Más rud é go dteastóidh cabhair uait chun na treoracha nó an chomhairle a leanúint, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Luaigh uimhir thagartha cáis an achomhairc a bheidh tugtha sa litir ionas gur féidir linn do chás a shainaithint.
Cad a tharlóidh má tá mo thuairim neamhbhailí?
Má tá do thuairim neamhbhailí, seolfaimid do dhoiciméid uile ar ais chugat. Is le seic a aisíocfaimid do tháille. Ní fhéadfaidh tú an tuairim a chur isteach an athuair ach amháin i gcás go mbeidh tú in ann na ceanglais uile a chomhlíonadh.
Cén fáth a bhfuil mo thuairim neamhbhailí?
Seo a leanas roinnt cúiseanna a bhfuil tuairimí neamhbhailí: • ní chomhlíonann an tuairim na ceanglais reachtúla uile ina n-iomláine, mar atá tuairiscithe sa treoir seo. • níl aon achomharc bailí ann a bhféadfar tuairim a thabhairt maidir leis.
Cad a dhéanfaidh an Coimisiún Pleanála ina dhiaidh sin?
Beidh do thuairim ina cuid den chás. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh bunaithe ar an doiciméadacht ar fad a bhaineann leis an gcás.
Cén teorainn ama le haghaidh achomhairc a chinneadh?
Tá cuspóir reachtúil ag an gCoimisiún iarracht a dhéanamh cásanna a chinneadh laistigh de 18 seachtaine. Más rud é nach mbeidh an Coimisiún in ann cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine, scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe san achomharc chun é sin a chur in iúl dóibh. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún, seolfaimid litir agus cóip den Ordú ón gCoimisiún chugat chun an cinneadh a chur in iúl duit. Tá tuilleadh faisnéise faoin gcinneadh ón gCoimisiún ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.
An bhféadfaidh mé mo thuairim a tharraingt siar?
Féadfaidh. Féadfaidh tú do thuairim a tharraingt siar tráth ar bith sula ndéanfar cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn agus a lua gur mian leat do thuairim a tharraingt siar. Ní aisíocfaimid do tháille. Tarraingíodh an t-iarratas nó na hachomhairc a bhaineann leis an gcás siar.
An ndéanfaidh an Coimisiún breithniú ar mo thuairim go fóill?
Ní dhéanfaidh. Más rud é go dtarraingeoidh an t-iarratasóir a (h)iarratas siar nó go dtarraingeofar na hachomhairc uile a bhaineann leis an gcás siar, ní bheidh aon achomharc bailí ann a thuilleadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh bunaidh ón údarás pleanála
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge