Conas is féidir liom an doiciméad tuairime a ullmhú?
YIs féidir leat do dhoiciméad tuairime a ullmhú trí do dhoiciméad a scríobh agus trí é a shábháil ansin mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF. Má lámhscríobh tú do dhoiciméad, beidh ort é a scanadh agus é a shábháil mar PDF. Ní fhéadfaidh tú ach doiciméad amháin a uaslódáil ar líne, agus níor cheart an doiciméad sin a bheith níos mó ná 30 MB, an mhéid comhaid cheadaithe uasta.
Ainmnigh do dhoiciméad ar cheachtar de dhá bhealach:
| Bealaí chun doiciméad a ainmniú | Sampla |
|---|---|
| An chásuimhir agus d’ainm féin | 300000 – Ann Duine |
| Ainm agus suíomh na forbartha agus d’ainm féin | Town Square Project, Ballytown – John Murphy |
Beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait sula n-úsáidfidh tú an tsaoráid uaslódála ar líne
✔ Brabhsálaí Idirlín (Edge, Chrome, Firefox, Safari).
✔ Seoladh ríomhphoist, ionas gur féidir leat an ríomhphost á dheimhniú go bhfuaireamar do thuairim a fháil.
✔ Do thuairim a bheith sábháilte mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF nár cheart a bheith níos mó ná 30 MB.
✔ Uimhir thagartha cáis nó suíomh na forbartha beartaithe.
✔ Cárta dochair nó creidmheasa, ionas gur féidir leat an táille cheart a íoc.
Conas a úsáidim an t-uaslódálaí?
Conas tuairim a thabhairt maidir le hachomharc i leith forbairt chónaithe mhórscála: Cliceáil anseo
Leathanach 1
Réamhrá
Leathanach2
Ní mór duit na nithe seo a leanas a thabhairt ar an leath uachtair den leathanach seo:
• uimhir thagartha cáis an Choimisiúin Pleanála don iarratas, nó
• ainm agus suíomh na forbartha beartaithe mar atá san iarratas. Is féidir leat do thuairim a cheangal sa leath íochtair den leathanach seo.
Is féidir leat do thuairim a uaslódáil agus a cheangal isteach sa bhosca liath trí chliceáil ar an gcnaipe.

Leathanach3
Ní mór duit na nithe seo a leanas a thabhairt ar an leathanach seo:
• d’ainm, agus
• do sheoladh ríomhphoist sa dá bhosca ar leith, chun a chinntiú go bhfuil do sheoladh ríomhphoist ceart againn. Más gníomhaire thú atá ag uaslódáil tuairime thar ceann cliaint, ní mór duit d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist féin a thabhairt.

Leathanach4
Ar an leathanach seo, fiafrófar díot an bhfuil tú réidh leis an tuairim a thabhairt: Má tá, bogfaidh tú chuig an rannán íocaíochtaí chun an táille a íoc. Mura bhfuil, is féidir leat dul ar ais chun athruithe a dhéanamh. Sa rannán íocaíochtaí, iarrfar ort an táille atá tú ag iarraidh a íoc a roghnú:
Tuairim – €50
Iarrfar ort ansin do mhionsonraí cárta dochair nó creidmheasa a thabhairt. Seiceáil na mionsonraí go cúramach agus iad á n-iontráil agat. Nuair a bheidh tú réidh, cliceáil ar Íoc agus críochnaigh, agus cuirfear do thuairim isteach.

Leathanach5
Nuair a bheidh an próiseas críochnaithe go rathúil, feicfidh tú an scáileán Deimhniúcháin. Seolfar admháil chugat le ríomhphost freisin á dheimhniú go bhfuaireamar do thuairim. Más rud é go mbeidh aon fhadhbanna ann, lean na treoracha ar an scáileán.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge