Cad is tuairim ann?
Is é is tuairim ann ná cás ina dtugann tú do thuairimí maidir le hachomharc bailí chuig an gCoimisiún Pleanála
Cad is achomharc ann?
Tríd is tríd, ní mór d’aon duine atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chuig a c(h)omhairle contae áitiúil, chuig a c(h)omhairle cathrach áitiúil nó chuig a c(h)omhairle cathrach agus contae áitiúil (an t-údarás pleanála). Déanfaidh an t-údarás pleanála cinneadh ar an iarratas, áit a ndéanfaidh sé cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú. Féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin chuig an gCoimisiún Pleanála
Any person can make an observation if they are not already a participant in the appeal. You can only make an observation if someone has made a valid appeal on a planning authority’s decision on a planning application
Cé a fhéadfaidh tuairim a thabhairt?
Féadfaidh aon duine tuairim a thabhairt i gcás nach mbeidh sé/sí ina rannpháirtí san achomharc cheana féin. Ní fhéadfaidh tú tuairim a thabhairt ach amháin i gcás go mbeidh achomharc bailí déanta ag duine éigin ar chinneadh ó údarás pleanála ar iarratas pleanála.
Conas is féidir liom tuairim a thabhairt?
Ní mór duit do thuairim a thabhairt i scríbhinn leis an bpost nó trí í a sheachadadh i bpearsa orainn. Is féidir leat do thuairim a sheoladh freisin trí úsáid a bhaint as ár saoráid uaslódála ar líne.Tá Foirm Thuairime maidir le hachomharc i leith forbairt chónaithe mhórscála ar fáil lena comhlánú agat. Is féidir an fhoirm a chlóscríobh nó a lámhscríobh. Ní gá duit an fhoirm sin a chomhlánú chun tuairim a thabhairt, áfach, agus is féidir leat an fhoirm a úsáid nó scríobh chugainn.
Cá mhéad ama atá agam chun tuairim a thabhairt?
Tá teorainneacha ama dochta ann le haghaidh tuairim a thabhairt, agus iad ag brath ar an staid.Tá áireamhán féilire ar fáil ar ár suíomh Gréasáin chun cabhrú leat an lá deiridh ar a bhféadfaidh tú do thuairim a thabhairt a ríomh. Tá rialacha difriúla ann maidir leis na teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus an 1 Eanáir (agus an dá lá sin san áireamh), ar rialacha iad lena bhféadfaí difear a dhéanamh don dáta deiridh.
Cén costas atá ar thuairim a thabhairt?
Tá costas €50 ar thuairim a thabhairt. Ní mór duit a chinntiú go gcuirtear an táille cheart isteach in éineacht leis an tuairim. Ní ghearrtar aon táille ar eagraíochtaí áirithe atá leagtha amach sna Rialacháin. Is féidir leat liosta de na heagraíochtaí sin a fháil sa Treoir uainn maidir le Táillí agus Muirir.
Cé na nithe a sheolfaidh mé in éineacht le mo thuairim?
Ba cheart duit na forais atá le do thuairim (cúiseanna agus argóintí) agus aon doiciméid is mian leat a chur ar áireamh a ullmhú go cúramach. Tar éis duit do thuairim a thabhairt, ní fhéadfaidh tú aon aighneachtaí eile a dhéanamh ach amháin i gcás go n-iarrfaimid go sonrach ort déanamh amhlaidh. Tabhair faoi deara nach bhféadfaidh an Coimisiún Pleanála breithniú a dhéanamh ar shaincheisteanna nach saincheisteanna pleanála iad.
Chun tuairim bhailí iomlán a thabhairt::
| ✔ | Ní mór duit do thuairim a chur i scríbhinn (í a chlóscríobh nó a lámhscríobh). |
| ✔ | Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh féin a lua go soiléir. Más rud é go mbeidh gníomhaire pleanála ag gníomhú thar do cheann, ní mór don ghníomhaire a (h)ainm agus a s(h)eoladh féin a lua go soiléir, mar aon le d’ainm agus do sheoladh. |
| ✔ | Ní mór duit dóthain mionsonraí a thabhairt dúinn ionas go mbeimid in ann an t-iarratas nó an t-achomharc a bhfuil tú ag tabhairt na tuairime maidir leis a shainaithint go héasca. Seo a leanas samplaí de na mionsonraí lena nglacaimid: • cóip den chinneadh ón údarás pleanála, nó • ainm an údaráis pleanála agus uimhir thagartha an údaráis pleanála ar an gclár (mar shampla: Comhairle Cathrach Bhaile an Bhaile, 23719/18), nó • uimhir thagartha cáis an Choimisiúin Pleanála (mar shampla: ABP-300000- 19). |
| ✔ | Ní mór duit na nithe seo a leanas a sholáthar dúinn: • na forais phleanála atá le do thuairim (cúiseanna agus argóintí), agus • aon mhíreanna is mian leat a úsáid chun tacú leis na forais atá le do thuairim. |
| ✔ | Ní mór duit an táille cheart €50 a íoc. |
| ✔ | Ní mór duit do thuairim a thabhairt in am. |
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge