Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim a Thabhairt ar Achomharc Pleanála

Is ionann tuairim agus do dhearcadh a thabhairt ar achomharc bailí chuig an mBord Pleanála.

Féadfaidh duine ar bith tuairim a thabhairt más amhlaidh nach rannpháirtí san achomharc iad cheana féin. Ní féidir tuairim a thabhairt ach amháin má tá achomharc bailí déanta ag duine éigin ar chinneadh údaráis pleanála ar iarratas pleanála.

Cad is achomharc ann?
I gcoitinne, ní mór do dhuine ar bith ar mian léi nó leis forbairt a dhéanamh iarratas a dhéanamh ar chead pleanála chuig a gcomhairle contae, a gcomhairle cathrach nó a gcomhairle cathrach agus contae (an t-údarás pleanála). Déanfaidh an t-údarás pleanála cinneadh ar an iarratas cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú. Is féidir an cinneadh seo a achomharc chuig an mBord Pleanála.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Conas Tuairim a Thabhairt ar Achomharc Pleanála (PDF, 298KB)