Léim go dtí an príomhábhar

Tar éis do thuairim a thabhairt

An bhfuil mo thuairim bailí nó neamhbhailí?

Tar éis do thuairim a fháil, seiceálfaimid é féachaint an gcomhlíonann na riachtanais reachtúla chun tuairim bhailí a thabhairt. Mura gcomhlíonann, beidh sé neamhbhailí. An chéad rud eile ná go bhfaighidh tú litir uainn le rá leat:

  • go bhfuaireamar do thuairim, agus
  • cibé an tuairim bhailí neamhbhailí í.

 

Céard é an chéad rud eile a dhéanaim más tuairim bhailí í?

Más tuairim bhailí é, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Le linn an phróisis achomhairc, is féidir go bhfaighidh tú litir uainn mar gheall ar:

  • tuairimí nó tráchtanna a iarrfar ort a thabhairt, b’fhéidir, ar rud éigin atá faighte againn,
  • cinneadh an Bhoird éisteacht ó bhéal a thionól,
  • mionsonraí na héisteachta ó bhéal
  • cathain is dóigh leis an mBord go ndéanfar a chinneadh nuair nach féidir é a dhéanamh laistigh den tréimhse 18 seachtaine.

Má scríobhaimid chugat, iarrtar ort déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle sa litir. Má bhíonn cabhair uait chun déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tabhair uimhir thagartha an cháis achomhairc ar an litir, ionas gur féidir linn do chás a aithint.

 

Cad a tharlaíonn i gcás tuairim neamhbhailí?

Más tuairim neamhbhailí é, cuirfimid na doiciméid ar ais chugat. Aisíocfaimid do tháille i bhfoirm seic. Ní féidir an tuairim a chur isteach arís ach amháin má chomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais.

 

Cén fáth gur tuairim neamhbhailí í mo thuairim?

Seo cuid de na cúiseanna a mbíonn tuairimí neamhbhailí:

  • ní chomhlíonann an tuairim gach ceann de na riachtanais reachtúla a ndéantar cur síos orthu sa treoir seo,
  • níl aon achomharc bailí ann le tuairim a thabhairt maidir leis.

 

Cad é an chéad rud eile a dhéanann an Bord Pleanála?

Déantar cuid den chás de do thuairim. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar na doiciméid uile sa chás.

 

Cad é an teorainn ama chun achomharc a chinneadh?

Tá cuspóir reachtúil ag an mBord cásanna a chinneadh, más féidir, laistigh de 18 seachtaine. Mura féidir leis an mBord cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine, scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe san achomharc chun é sin a chur in iúl dóibh.

Nuair a dhéanann an Bord cinneadh, seolfaimid litir agus cóip d’Ordú an Bhoird chugat chun an cinneadh a chur in iúl duit. 
 

An féidir liom mo thuairim a aistarraingt?

Is féidir tuairim a aistarraingt uair ar bith sula ndéantar an cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn á rá gur mian leat an tuairim a aistarraingt. Ní aisíocfar do tháille leat.
 

Tá an t-iarratas nó na hachomhairc sa chás aistarraingthe. An gcuirfidh an Bord mo thuairim san áireamh i gcónaí?

Ní chuirfidh. Má aistarraingíonn an t-iarratasóir a iarratas nó má aistarraingítear gach achomharc i leith an cháis, ní bheidh achomharc bailí ann níos mó. Beidh feidhm le cinneadh bunaidh an údaráis pleanála.