Léim go dtí an príomhábhar

COVID-19

Mar gheall ar an méadú ar bhaol Covid-19 beidh srian ar rochtain an phobail ar oifig An Bhoird Phleanála. Níor chóir don phobal teacht isteach san oifig ag an am seo, mura bhfuil sé riachtanach.

Tuairimí ar iarratais FTS

Is ionann iarratas ar fhorbairt tithíochta straitéisí (FTS) agus iarratas ar chead pleanála a dhéantar go díreach chuig an mBord Pleanála maidir le forbairtí áirithe tithíochta.

Cineálacha Forbartha Tithíochta Straitéisí

Cuirtear iarratais ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí go díreach chuig an mBord Pleanála dá gcinneadh. Ní féidir na cinntí sin a achomharc. Seo iad na ceithre chineál iarratais ar fhorbairt straitéiseach tithíochta:

  • 100 teach nó níos mó
  • Aonaid chóiríochta do mhic léinn
  • Forbairt mheasctha de thithíocht agus de chóiríocht do mhic léinn
  • Athrú ar chead a thug údarás pleanála cheana
  • Athrú ar chead pleanála a thug An Bord Pleanála