Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim FST: Conas tuairim a thabhairt

Cá mhéad ama atá agam le tuairim a chur isteach?

Cé mhéad ama atá agam chun tuairim a thabhairt don Bhord?
Más mian leat tuairim a thabhairt, ní mór duit é a dhéanamh laistigh de chúig seachtaine ón dáta ar a bhfuair an Bord Pleanála an t-iarratas. Ní cheadaíonn an dlí dúinn doiciméid dhéanach a ghlacadh amhail is gur doiciméid bhailí iad. Gheobhaidh tú sonraí na n-iarratas reatha, lena n-áirítear na dátaí ar taisceadh linne iad.

Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?

Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?
€20 a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt.

Conas is féidir liom íoc as tuairim a thabhairt?
Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.

 

Ag an deasc fáilte Leis an bpost Ar líne leis an uaslódálaí

Airgead tirim

✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost. ✖ Ní ghlactar leo

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo ✔ Glactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Orduithe poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.

Gheofar tuilleadh sonraí sa Treoir do Tháillí agus Muirir agus faoi conas is féidir leat táillí a íoc ar ár suíomh Gréasáin.


Conas tuairim a thabhairt

Cad is gá dom a dhéanamh chun tuairim bhailí a thabhairt?
Ba chóir duit forais do thuairime (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an tuairim a thabhairt, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an mBord Pleanála aon saincheist a chur san áireamh nach saincheist phleanála í.

Chun tuairim bhailí a thabhairt, ní mór duit:

do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)
d’ainm agus do sheoladh poist a scríobh go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.
dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
• ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san iarratas (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile)
• uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas. Uimhir shé dhigit is ea an cás-uimhir thagartha: 300000).
na nithe seo a leanas a thabhairt dúinn:
• na forais phleanála le do thuairim (cúisanna agus argóintí), agus
• aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime.
an táille cheart €20 a íoc.
an tuairim a thabhairt in am agus laistigh den tréimhse ama cúig seachtaine ag tosú ar an lá a fhaigheann An Bord Pleanala an t-iarratas.

Is féidir an fhoirm tuairime a úsáid chun cabhrú leat an tuairim a thabhait, nó is féidir leat scríobh chugainn.