Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim FTS (Comhlachtaí Forordaithe)

Sula dtugann tú tuairim

Cad is Forbairt Tithíochta Straitéisí ann?

Cuirtear iarratais ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí go díreach chuig an mBord Pleanála dá gcinneadh. Ní féidir na cinntí sin a achomharc. Seo iad na ceithre chineál iarratais ar fhorbairt tithíochta straitéisí:
 

(a) 100 teach nó níos mó

100 teach nó níos mó a fhorbairt ar talamh atá zónáilte sa phleanáitiúil forbartha le haghaidh úsáid chónaithe. Is féidir talamh a zónáil do mheascán d’úsáidí cónaithe agus d’úsáidí eile.

(b) Aonaid chóiríochta do mhic léinn

Aonaid chóiríochta do mhic léinn a fhorbairt, ina mbeadh 200 spás leapa nó níos mó. Tá an láithreán beartaithe zónáilte do chóiríocht do mhic léinn i bPlean Forbartha Cathrach, nó i bPlean Forbartha Contae, nó i bPlean Forbartha Cathrach agus Contae. Is féidir go bhfuil cóiríocht do mhic léinn agus úsáidí eile ceadaithe ar láithreán faoin zónáil.

(c) Forbairt mheasctha de thithíocht agus de chóiríocht do mhic léinn

Forbairt ina bhfuil meascán de thithe agus de chóiríocht do mhic léinn.

(d) Athrú ar chead a thug údarás pleanála cheana

Fuair iarratasóir cead pleanála ó údarás áitiúil pleanála le haghaidh forbairt faoi alt 34 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. Is mian leis an iarratasóir athruithe a dhéanamh ar an bhforbairt. Ciallóidh na hathruithe go mbeidh an fhorbairt athbhreithnithe sna catagóirí (a), (b) nó (c) agus ní mór iarratas ar an athrú a chur chuig an mBord Pleanála.

Mar shampla: tugadh cead d’fhorbairt chun 96 teach a thógáil. Anois is mian leis an bhforbróir cúig theach eile a thógáil, rud a d’fhágfadh 101 teach ar an láithreán.

(e) Athrú ar chead pleanála a thug An Bord Pleanála

Fuair iarratasóir cead pleanála ón mBord Pleanála le haghaidh forbairt faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Tithíocht) agus Tionóntachtaí Cónaithe 2016. Is mian leis an iarratasóir athruithe a dhéanamh ar an bhforbairt.

Conas a bheidh a fhios agam go ndearnadh iarratas?

Sula gcuireann iarratasóir iarratas ar Fhorbairt Tithíochta Straitéisí isteach chuig an mBord Pleanála, ní mór dóibh dhá rud a dhéanamh:

  • Fógra a fhoilsiú i nuachtán mar gheall ar an bhforbairt bheartaithe. Ní mór don nuachtán a bheith i gcúrsaíocht sa cheantar áitiúil.
  • Fógra suímh phoiblí a chur suas ag láithreán na forbartha beartaithe.

Ba chóir don fhógra nuachtáin agus don fhógra láithreáin suíomh an iarratais a thabhairt agus cur síos a dhéanamh ar an bhforbairt bheartaithe. Ba chóir go dtabharfadh na fógraí eolas don phobal ar na hamanna agus na háiteanna mar ar féidir féachaint ar an iarratas saor in aisce.

Cá bhfaighidh mé cóipeanna den iarratas nó cá háit is féidir iad a fheiceáil?

Tá dhá shlí le cóipeanna den iarratas a fheiceáil nó a fháil.

Láithreán gréasáin mar ar féidir féachaint ar an iarratas

Ní mór don iarratasóir láithreán gréasáin a chur ar fáil mar ar féidir leis an bpobal féachaint ar an iarratas. Gheobhaidh tú seoladh an láithreáin ghréasáín ar an bhfógra nuachtáin agus ar an bhfógra láithreáin. Tabharfaidh na fógraí eolas don phobal ar an tslí le tuaim a thabhairt don Bhord Pleanála i dtaobh an iarratais. Ní mór don láithreán gréasáin a bheith beo i gcónaí agus ar fáil don phobal ar feadh ocht seachtaine ar a laghad tar éis chinneadh an Bhoird Pleanála.

 

Cóipeanna crua ag oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála áitiúil

Ní mór don iarratasóir cóipeanna páipéir den iarratas a thabhairt don Bhord Pleanála agus don údarás pleanála áitiúil. Is féidir féachaint ar na hiarratais in oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála áitiúil saor in aisce. Nó is féidir cóip den iarratas a cheannach ar tháille shonraithe a bhraitheann ar líon agus leagan amach na leathanach sna doiciméid iarratais.

Má chuirtear Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta isteach leis an iarratas, is féidir féachaint air agus é a cheannach ag oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála.

An féidir liom féachaint ar chóipeanna den chomhairliúchán réamhiarratais nó iad a fháil?

Is féidir. Mar sin féin, sular féidir an cáschomhad a chur ar fáil don phobal, ní mór dhá chéim eile a chomhlíonadh:

  1. Ní mór Tuairim a bheith eisithe ag an mBord ag deireadh na gcomhairliúchán réamhiarratais.
  2. Tá iarratas bailí déanta ag an iarratasóir chuig an mBord Pleanála.

Nuair a dhéantar na bearta seo, is féidir leat féachaint ar na cáschomhaid chinnte seo ar ár seirbhís rochtana poiblí. Gheofar na sonraí ar ár láithreán gréasáin. Gheofar tuilleadh sonraí ar ár láithreán gréasáin. Beidh cuntas sa cháschomhad d’aon chruinniú idir An Bord Pleanála agus an t-iarratasóir ionchasach a thionóltar le linn an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais.

An féidir liom féachaint ar chóipeanna den cháschomhad scóipe nó iad a fháil?
Is féidir. Mar sin féin, sular féidir na doiciméid seo a chur ar fáil don phobal, ní mór dhá chéim eile a chomhlíonadh:

  1. Ní mór Tuairim a bheith eisithe ag an mBord ag deireadh an cháis scóipe.
  2. Tá iarratas bailí déanta ag an iarratasóir chuig an mBord Pleanála.

Nuair a dhéantar na bearta seo, is féidir leat féachaint ar na cáschomhaid chinnte seo ar ár seirbhís rochtana poiblí. Gheofar na sonraí ar ár láithreán gréasáin. Beidh cuntas sa cháschomhad d’aon chruinniú idir An Bord Pleanála agus an t-iarratasóir ionchasach a thionóltar le linn an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Tuairim FST (Comhlachtaí Forordaithe) [PDF, 430KB]