Léim go dtí an príomhábhar

An Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III)

Faisnéis maidir leis an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III)

Trasuíodh an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite i ndlí na hÉireann trí Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), 2025 (I.R. 274 de 2025), agus formhór na bhforálacha ag teacht i bhfeidhm an 7 Lúnasa 2025.
Tháinig an Treoir bhunaidh maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir 2009/28/CE) – an Chéad Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite – i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2009 agus athmhúnlaíodh í leis an Dara Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir (AE) 2018/2001), a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2018, agus ceanglas ann í a thrasuí ó mhí an Mheithimh 2021 ar aghaidh. Leasaíodh í sin leis an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir (AE) 2023/2413), a tháinig i bhfeidhm an 20 Samhain 2023.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil thíos faoi na himpleachtaí a bheidh ag an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite a thrasuí, rud a rinneadh le déanaí, a mhéid a bhaineann sé sin le Forbairtí Fuinnimh In-athnuaite Bonneagair Straitéisigh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála go díreach.
 

RED III Renewable Energy Directive framework graphic

Tuilleadh Faisnéise:

  • Treoir maidir le Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite

    Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha, le comhlachtaí forordaithe agus le rannpháirtithe eile an treoir seo a úsáid i leith Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta, a mhéid a bhaineann sí le Forbairtí Fuinnimh In-athnuaite Bonneagair Straitéisigh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála.

    Amharc ar an Treoir Scóipeála →
  • Faisnéis d’Iarratasóirí Ionchasacha agus don Phobal

    Treoir d’iarratasóirí ionchasacha agus don phobal maidir leis na himpleachtaí a bheidh ag an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite a thrasuí, rud a rinneadh le déanaí, a mhéid a bhaineann sé sin le Forbairtí Fuinnimh In-athnuaite Bonneagair Straitéisigh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála.

    Amharc ar an Treoir d’Iarratasóirí Ionchasacha agus don Phobal
    Faisnéis d’Údaráis Phleanála →
  • Amharc ar an Treoir d’Iarratasóirí Ionchasacha agus don Phobal
    Faisnéis d’Údaráis Phleanála

    Tugtar sa treoir seo forbhreathnú ar cheanglais an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, a mhéid a bhaineann sí leis na hidirghníomhaíochtaí a cheanglaítear idir an Coimisiún agus Údaráis Phleanála.
     .

    Amharc ar an Treoir d’Údaráis Phleanála  →