Léim go dtí an príomhábhar

Treoir maidir le Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite

Maidir leis an treoir seo 

Ón 1 Samhain 2026 ar aghaidh, beidh aon iarratas a thaiscfear leis an gCoimisiún ar fhorbairtí fuinnimh in-athnuaite faoi alt 37E den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, faoi réir scóipeáil éigeantach measúnachta tionchair timpeallachta. Is é atá san fhaisnéis seo a leanas ná Treoir don Choimisiún, rud ar féidir le hiarratasóirí ionchasacha, le comhlachtaí forordaithe agus le rannpháirtithe eile é a úsáid i leith Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta, a mhéid a bhaineann sí le Forbairtí Fuinnimh In-athnuaite Bonneagair Straitéisigh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála go díreach. Níl anseo ach Treoir, agus níl aon Treoirlínte maidir le Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta inti. 
Ullmhaíodh an Treoir i gcomhar le ERM. Cé go bhfuil an Treoir dírithe go príomha ar fhorbairtí fuinnimh gaoithe ar talamh, beidh feidhm ag cuid mhór dá bhfuil inti maidir le Forbairtí eile Fuinnimh In-athnuaite Bonneagair Straitéisigh. 
Nuashonrófar an Treoir ag eatraimh chuí. 


Clár Ábhar:

 


1. Réamhrá    

Trasuíodh an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite i ndlí na hÉireann trí Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), 2025 (I.R. 274 de 2025). Le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite) (Uimh. 3), 2025 (I.R. 435 de 2025), leasaítear an Rialachán bunaidh chun teacht i bhfeidhm Scóipeála éigeantaí Measúnachta Tionchair Timpeallachta an 1 Deireadh Fómhair 2025 (I.R. 274 de 2025) a chur siar go dtí an 1 Bealtaine 2026 (I.R. 435 de 2025). Le Rialachán leasaitheach eile, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite) (Leasú), 2026 (I.R. 185 de 2026) , cuirtear teacht i bhfeidhm Scóipeála éigeantaí siar ón 1 Bealtaine 2026 go dtí an 1 Samhain 2026. Tá feidhm ag forálacha na Rialachán maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite ar talamh agus amach ón gcósta. Sna Rialacháin, mínítear ‘fuinneamh in-athnuaite’ mar a leanas:

"Ciallaíonn ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinse in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh osmóiseach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

Is iad na forbairtí fuinnimh in-athnuaite a riarann an Coimisiún Pleanála iad ná iad siúd atá liostaithe sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, agus a chomhlíonann an míniú ar ‘fuinneamh in-athnuaite’ mar atá leagtha amach sa mhíniú agus aon athruithe ar an gcéanna. De réir Chiorclán CEPP 1/2026 dar dáta an 9 Eanáir 2026, is faoin údarás pleanála atá sé na forbairtí sin a shainaithint arb é atá iontu tionscadail faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Déanfar é sin ag an gcéim comhchomhairliúcháin réamhiarratais faoi alt 37B nó alt 287 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.

Ní mór tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta (alt 37E(1)) a bheith ag gabháil le haon iarratais a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála go díreach faoi alt 37E.  Ní cheanglaítear go mbeadh tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta ag gabháil le forbairtí fuinnimh in-athnuaite mhuirí a chuirtear isteach faoi alt 293. Mar sin féin, sáróidh formhór na dtionscadal sin an tairseach atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agusForbairt, 2001, arna leasú, ar mhodh a d’fhágfadh go mbeadh sé éigeantach tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a chur isteach.  
Sa Treoir seo, tugtar na ceanglais reachtacha maidir le gach iarraidh scóipeála measúnachta tionchair timpeallachta, áit a bhfuil na mionsonraí atá leagtha amach i Rannáin 8, 9 agus 10 dírithe ar fhorbairt fuinnimh gaoithe ar talamh i bhfianaise leitheadúlacht na gcineálacha cásanna sin a fhaigheann an Coimisiún. Is iomchuí do gach forbairt bonneagair straitéisigh, áfach, atá an méid atá sa Treoir seo. Nuashonrófar an Treoir chun go n-áireofar léi cineálacha iomchuí eile forbartha. 

2. Príomhthosca Nós Imeachta 

Cén Áit chuig ar Cheart Iarrataí a Chur Isteach

Ba cheart aon iarraidh ar thuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a scóipeáil a dhéanamh i scríbhinn chuig:
 An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.  

Cén Uair Ba Cheart Iarrataí a Chur Isteach

Ní fhéadfar an iarraidh a chur isteach ach amháin i gcás gur seirbheáladh fógra faoi alt 37B(4)(a) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe a bhaineann le tionscadal fuinnimh in-athnuaite.

Cad Ba Cheart a Chur Isteach

Ní mór don iarratasóir ionchasach dóthain faisnéise a sholáthar don Choimisiún i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe chun go mbeidh comhlachtaí forordaithe in ann aighneachtaí eolacha a dhéanamh agus chun go mbeidh an Coimisiún in ann tuairim a thabhairt i ndáil leis an iarraidh. Go háirithe, ní mór breac-chuntas agus tuairisc atá sách mionsonraithe a bheith tugtha ar an bhforbairt bheartaithe agus ní mór í a bheith léirithe go soiléir ar líníochtaí atá ar scála cuí. 
Ceanglaítear ar an iarratasóir ionchasach Tuarascáil Scóipeála a chur isteach freisin, agus tá tuairisc níos mine tugtha air sin i Rannán 5 thíos. 
Féadfaidh go n-iarrfaidh an Coimisiún ar an iarratasóir ionchasach dóthain cóipeanna crua nó leictreonacha den iarraidh scóipeála a chur isteach ionas gur féidir í a scaipeadh ar na comhlachtaí forordaithe cuí.  Moltar cóip chrua amháin agus cóip bhog amháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Amlíne le haghaidh Tuairim a Thabhairt 

Ní fhoráiltear leis an reachtaíocht d’aon tréimhse ama reachtúil nach mór don Choimisiún tuairim a thabhairt maidir le hiarraidh scóipeála inti. Ceanglaítear ar an gCoimisiún iarraidh scóipeála a chomhlíonadh a luaithe is indéanta.  

Táillí

De réir na bhforálacha d’alt 144 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, tá sé cinnte ag an gCoimisiún go ngearrfar táille ar aon iarraidh scóipeála a gheofar an 5 Meán Fómhair 2011 nó ina dhiaidh ar thuairim i scríbhinn maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta. Féach an "Treoir maidir le Táillí is iníoctha leis an gCoimisiún Pleanála" ón gCoimisiún chun faisnéis a fháil faoi na táillí reatha.  Maidir leis sin, is é €5,000 an táille ar an iarraidh scóipeála. 

Tuairim Scóipeála 

Déanfar an tuairim scóipeála arna tabhairt ag an gCoimisiún a sheoladh chuig an iarratasóir ionchasach, i dteannta aon aighneachtaí arna gcur isteach ag comhlachtaí forordaithe. Beidh comhad an Choimisiúin maidir leis an nós imeachta scóipeála ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal in oifigí an Choimisiúin tar éis an tuairim i scríbhinn a thabhairt. Liostófar an cás ar liosta seachtainiúil an Choimisiúin de na cásanna a cinneadh, agus postálfar an tuairim ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. Ní mór an Tuairim Scóipeála a bheith ag gabháil leis an iarratas. 

Athruithe Iarscóipeála 

I gcás go dtiocfaidh athrú ábhartha ar fhorbairt bheartaithe i gcomparáid léi sin atá curtha i láthair san iarraidh scóipeála agus lena mbaineann an Tuairim Scóipeála, arb athrú é a fhágfaidh gur dóigh go dtiocfaidh éifeachtaí suntasacha difriúla nó éifeachtaí suntasacha sa bhreis chun cinn, ba cheart d’iarratasóirí a bheith ar an eolas freisin go bhféadfaidh nach mbeidh sé cuí a thuilleadh brath ar an Tuairim Scóipeála atá ann cheana. In imthosca den sórt sin, agus i gcás go rachaidh na hathruithe níos faide ná na paraiméadair dhearaidh a breithníodh ag an gcéim scóipeála, féadfaidh go mbeidh sé riachtanach dul i mbun scóipeála arís, i gcomhairle leis an gCoimisiún Pleanála, chun a chinntiú go mbeidh raon feidhme na measúnachta timpeallachta cuí don togra athbhreithnithe go fóill. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún i gcás go dtarlóidh sé sin. 

Rannpháirtíocht an Phobail

Ós rud é nach ndéanann an Coimisiún aon chinneadh maidir le fiúntas na forbartha beartaithe, níl aon fhoráil ann do rannpháirtíocht an phobail ag an gcéim seo den phróiseas. Mar sin, ní iarrfar ar an bpobal aon aighneachtaí a dhéanamh ná ní ghlacfar le haon aighneachtaí uaidh ach oiread.
 

3. Cad is Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta ann?

Tá scóipeáil mínithe mar a leanas sa doiciméad dar teideal Measúnacht Tionchair Timpeallachta, Treoir maidir le Scóipeáil, a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2017: “an próiseas a bhaineann le hábhar agus méid na faisnéise a shainaithint atá le cur faoi bhráid an Údaráis Inniúil faoin bpróiseas measúnachta tionchair timpeallachta”.

Luaitear sa doiciméad freisin gur “cheart a shainiú inti Téarmaí Tagartha na Tuarascála ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta agus leibhéal mionsonraí na faisnéise is gá don mheasúnacht, mar aon le léiriú a thabhairt, agus meastachán a sholáthar, ar an am a bheidh ag teastáil chun an Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a ullmhú agus ar fhad féideartha na Tuarascála”.

Leagtar amach sa doiciméad na tairbhí a bhaineann le Scóipeáil i measúnacht tionchair timpeallachta, a bhfuil gnéithe iomchuí di leagtha amach mar a leanas:

  • Sainaithníonn sí na príomh-shaincheisteanna a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu: Cabhraíonn scóipeáil lena chinntiú go dtugtar leis an bhfaisnéis comhshaoil a úsáidtear le haghaidh cinnteoireachta léargas cuimsitheach ar éifeachtaí tábhachtacha an Tionscadail, lena n-áirítear saincheisteanna is ábhar imní ar leith do na grúpaí agus na daoine aonair a ndéantar difear dóibh. 
  • Sábhálann sí am agus airgead: Cabhraíonn scóipeáil le hacmhainní a dhíriú ar na saincheisteanna tábhachtacha le haghaidh cinnteoireachta, agus seachnaíonn sí cur amú iarrachta ar shaincheisteanna nach bhfuil chomh hiomchuí sin. Ina theannta sin, laghdaíonn sí an baol go mbeadh moilleanna ann mar gheall ar iarrataí ar thuilleadh faisnéise tar éis an t-iarratas ar Thoiliú Forbartha a chur isteach agus tar éis faisnéis comhshaoil a sholáthar. 
  • Socraíonn sí teorainneacha cuí ama agus spáis: Cabhraíonn scóipeáil leis an Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a phleanáil, a bhainistiú agus a acmhainniú go héifeachtach. Is féidir léi reachtaíocht eile nó rialuithe eile rialála a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith iomchuí don Tionscadal, agus is féidir léi deiseanna a sholáthar don obair measúnachta is gá, do chórais dhifriúla rialaithe, a dhéanamh ag an aon am amháin, rud a sheachnóidh dúbláil saothair agus costas do gach duine lena mbaineann. 
  • Cabhraíonn sí le réamh-Roghanna Eile agus réamh-Bhearta Maolaithe a shainaithint: Ba cheart do scóipeáil réamhroghanna eile ar an Tionscadal beartaithe agus réamhbhearta maolaithe ar cheart don Fhorbróir iad a bhreithniú a shainaithint.

Sna Treoirlínte maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022) ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, is i Rannán 3.3 a thugtar aghaidh ar scóipeáil. Luaitear i Rannán 3.3.1 gurb é “dóthain mionsonraí a sholáthar ag an gcéim scóipeála an bealach is fearr chun freagraí úsáideacha sonracha a éascú ó chomhairlithe”.

Rud suntasach ar leith is ea na príomhchritéir scóipeála atá leagtha amach i Rannán 3.3.4 mar a leanas: 
Ba cheart do na páirtithe uile a bheith ar an eolas faoin ngá atá leis an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a choinneáil chomh dírithe agus is féidir. Ar an tslí sin, is ar na príomh-shaincheisteanna suntasacha a dhírítear iarracht agus acmhainní na bpáirtithe uile. Is leis na critéir seo a leanas a threoraítear scóipeáil de ghnáth (is é an Coimisiún Pleanála a chuir an cló trom leis):-  

  • Bain úsáid as na focail ‘éifeachtaí ar dóigh dóibh a bheith ann’ agus ‘éifeachtaí suntasacha’ mar phríomhchritéir le haghaidh a chinneadh cé na nithe ar cheart aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart aon saincheisteanna nach n-éireoidh leo sa tástáil sin a fhágáil ar lár (a scóipeáil amach) ó aon mheasúnacht eile. I rannán amháin den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an bpróiseas scóipeála, á mhíniú cén fáth ar scóipeáladh na saincheisteanna sin amach agus nach mbreithneofar tuilleadh iad. Is gá na tosca forordaithe comhshaoil uile (Airteagal 3(1) de 2014/52/AE) a liostú sa rannán scóipeála den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach féidir na tosca comhshaoil féin a scóipeáil amach agus nach mór iad a bheith sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Ní féidir ach fothopaicí agus ceannteidil a bhaineann le gach toisc a scóipeáil isteach nó amach. Ba cheart gach toisc comhshaoil a chumhdach go soiléir faoi cheannteideal sonrach rannáin amháin nó níos mó sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Más rud é go gcinnfidh an scóipeáil nach dóigh go dtiocfaidh aon saincheisteanna suntasacha chun cinn faoi aon cheannteideal, ba cheart téacs mínitheach a áireamh.  
  • Tosaíocht - i gcás go mbeidh tuarascálacha ar mheasúnacht tionchair timpeallachta ar fáil do thionscadail chomhchosúla ar láithreáin chomhchosúla nó do thograí eile tionscadail don aon láithreán amháin, is féidir leo sin a bheith ina dtagairtí úsáideacha. 
  • Idirghníomhaíochtaí – breithniú cúramach ar chonairí – idir chonairí díreacha agus chonairí indíreacha – ar féidir leo éifeachtaí a mhéadú trí idirghníomhú nó carnadh éifeachtaí – mar shampla, an acmhainneacht atá ann go dtiocfadh éifeachtaí suntasacha carnacha chun cinn mar thoradh ar éifeachtaí neamhshuntasacha iomadúla. (Féach freisin Tionchair Indíreacha, Thánaisteacha agus/nó Charnacha i rannán 3.7.3).

4. Ceanglais Reachtacha 


Tugtar sna rannáin seo a leanas forbhreathnú ar na príomhthosca reachtacha. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur ar mhaithe le comhthéacs atá an fhaisnéis seo tugtha agus nach bhfuil sí ceaptha chun a bheith ina hathbhreithniú cuimsitheach. Ba cheart do gach rannpháirtí sa phróiseas scóipeála a dheimhniú dóibh féin go dtuigeann siad na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe iomchuí.

4.1 An Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta  

Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 5(1) de 2014/52/AE: 

I gcás go gceanglaítear measúnacht tionchair timpeallachta a dhéanamh, ullmhóidh an forbróir tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus cuirfidh sé nó sí isteach í. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar ag an bhforbróir:

A.    Tuairisc ar an tionscadal, ina mbeidh faisnéis faoi láithreán, dearadh agus méid an tionscadail agus faoi ghnéithe iomchuí eile de. 
B.    Tuairisc ar na héifeachtaí suntasacha is dóigh don tionscadal a bheith aige ar an gcomhshaol. 
C.    Tuairisc ar na gnéithe den tionscadal agus/nó ar na bearta atá beartaithe chun éifeachtaí dochracha suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, a chúiteamh. 
D.    Tuairisc ar na roghanna eile réasúnacha a ndearna an forbróir staidéar orthu, atá iomchuí don tionscadal agus dá shaintréithe sonracha, agus léiriú ana príomhchúiseanna leis an rogha a roghnaíodh, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí an tionscadail ar an gcomhshaol. 
E.    Achoimre neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d); agus 
F.    Aon fhaisnéis bhreise atá sonraithe in Iarscríbhinn IV atá iomchuí do na saintréithe sonracha atá ag tionscadal nó cineál tionscadail ar leith agus do na gnéithe comhshaoil a ndéanfar difear dóibh. 

I gcás go n-eiseofar tuairim de bhun mhír 2, beidh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta bunaithe ar an tuairim sin, agus áireofar léi an fhaisnéis a d’fhéadfaí a cheangal go réasúnach le haghaidh teacht ar chonclúid réasúnaithe ar na héifeachtaí suntasacha a bheadh ag an tionscadal ar an gcomhshaol, agus aird á tabhairt ar an eolas reatha agus ar mhodhanna reatha measúnachta. D’fhonn dúbláil measúnachtaí a sheachaint, cuirfidh an forbróir san áireamh na torthaí atá ar fáil ó mheasúnachtaí iomchuí eile faoi reachtaíocht an Aontais nó faoin reachtaíocht náisiúnta, agus an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta á hullmhú aige nó aici.

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 5(2) de 2014/52/AE:

I gcás go n-iarrfaidh an forbróir air déanamh amhlaidh, déanfaidh an t-údarás inniúil, agus an fhaisnéis arna soláthar ag an bhforbróir á cur san áireamh aige, go háirithe maidir le saintréithe sonracha an tionscadail, lena n-áirítear a shuíomh agus a acmhainn theicniúil, agus an tionchar is dóigh a bheidh aige ar an gcomhshaol, tuairim a eisiúint maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh ag an bhforbróir sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 6(1) sula dtabharfaidh sé an tuairim uaidh.

Féadfaidh na Ballstáit freisin a cheangal ar na húdaráis inniúla tuairim a thabhairt dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beag beann ar cé acu a iarrfaidh nó nach n-iarrfaidh an forbróir amhlaidh.

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 5(3) de 2014/52/AE:

 Chun iomláine agus cáilíocht na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a chinntiú:
(a)    cinnteoidh an forbróir gurb iad saineolaithe inniúla a ullmhóidh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta;
(b)    cinnteoidh an t-údarás inniúil go bhfuil dóthain saineolais aige, nó go bhfuil rochtain aige, de réir mar is gá, ar dhóthain saineolais, chun an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a scrúdú; agus
(c)    i gcás gur gá, lorgóidh an t-údarás inniúil faisnéis fhorlíontach ón bhforbróir, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, a bhaineann go díreach le teacht ar an gconclúid réasúnaithe ar na héifeachtaí suntasacha a bheadh ag an tionscadal ar an gcomhshaol.

4.2    An Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite - (2023/2413)
Airteagal 16b(2) 


I gcás ina gceanglaítear measúnú comhshaoil a dhéanamh de bhun Threoir 2011/92/AE nó 92/43/CEE, déanfar é i nós imeachta aonair ina gcomhcheanglaítear na measúnuithe iomchuí uile le haghaidh tionscadal fuinnimh in-athnuaite ar leith. Nuair a cheanglaítear aon mheasúnú den sórt sin a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus an fhaisnéis a sholáthair an forbróir tionscadail á cur san áireamh, eiseoidh an t-údarás inniúil tuairim maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh ag an bhforbróir tionscadail sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, agus ní dhéanfar a raon feidhme a leathnú ina dhiaidh sin.

4.3  An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú

4.3.1    Scóipeáil le haghaidh Forbairt faoin Seachtú Sceideal
I gcás forbairt ar talamh, foráiltear le halt 37D(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, nach bhféadfar iarraidh ar thuairim maidir le raon feidhme tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a dhéanamh ach amháin nuair a bheidh Fógra seirbheáilte ar iarratasóir ionchasach faoi alt 37B(4)(a). (Ní mór an chéim comhchomhairliúcháin réamhiarratais a bheith dúnta ag iarratasóir ionchasach, agus ní mór cinneadh ar a fhorbairt bonneagair straitéisigh nó ar a forbairt bonneagair straitéisigh a bheith faighte aige nó aici, sula ndéanfaidh sé nó sí iarraidh ar Thuairim Scóipeála Measúnachta Tionchair Timpeallachta).  
Níor leasaíodh é sin leis na forálacha nua atá leagtha amach i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), 2025 (I.R. 274 de 2025).

Ní léir cé acu a bheidh nó nach mbeidh iarratas nua ar chomhchomhairliúchán réamhiarratais ag teastáil más rud é go gceanglófar leis an tuairim scóipeála go ndéanfaí athruithe ar an scéim is ábhar don chinneadh deiridh ar fhorbairt bonneagair straitéisigh. Ina theannta sin, féadfaidh go mbeidh sé riachtanach an Sceideal Faisnéise chun Bonn Eolais a Chur faoin tSeiceáil Iomláine a ghabhann le cinntí ar fhorbairt bonneagair straitéisigh anois a atheisiúint más rud é go dtarraingeofar aird sa Tuairim Scóipeála ar dhoiciméadacht is gá a bheith sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus nár tagraíodh di sa Sceideal Faisnéise chun Bonn Eolais a Chur faoin tSeiceáil Iomláine. 

Is mar a leanas atá na forálacha reachtacha atá leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, i ndáil le scóipeáil le haghaidh forbairtí ar talamh, arna leasú le I.R. 274 de 2025:

37D.—(1) I gcás go mbeidh fógra faoi alt 37B(4)(a) arna sheirbheáil i ndáil le forbairt bheartaithe, féadfaidh iarratasóir ionchasach (i gcás forbairtí faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite), “nó, i gcás go mbeidh an t-iarratas ar fhorbairt fuinnimh in-athnuaite nó ar fhorbairt athchumhachtaithe, déanfaidh an t-iarratasóir ionchasach”, a iarraidh ar an mBord tuairim i scríbhinn arna hullmhú ag an mBord a thabhairt dó nó di maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i ndáil leis an bhforbairt. 

(2) Ar iarraidh den sórt sin a fháil— 
(a) rachaidh an Bord i gcomhairle leis an iarrthóir agus le cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire chun na críche, agus
(b) déanfaidh an Bord an iarraidh a chomhlíonadh a luaithe is indéanta, tar éis an fhaisnéis arna soláthar ag an iarratasóir ionchasach, go háirithe maidir le saintréithe sonracha na forbartha beartaithe, lena n-áirítear a suíomh agus a hacmhainn theicniúil, agus an tionchar is dóigh a bheidh aici ar an gcomhshaol, a chur san áireamh. 
(3) Déanfaidh iarratasóir ionchasach, chun go ndéanfadh an Bord de réir iarrata faoin alt seo, dóthain faisnéise i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe a sholáthar don Bhord chun a chumasú don Bhord an fhorbairt bheartaithe a mheasúnú. 

(3A) I gcás go mbeidh tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) soláthartha, beidh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta bunaithe ar an tuairim sin, agus áireofar léi an fhaisnéis a d’fhéadfaí a cheangal go réasúnach le haghaidh teacht ar chonclúid réasúnaithe ar na héifeachtaí suntasacha a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus aird á tabhairt ar an eolas reatha agus ar mhodhanna reatha measúnachta.

(3B) I gcás go mbeidh an fhorbairt bheartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ina forbairt fuinnimh in-athnuaite nó ina forbairt athchumhachtaithe, agus go dtabharfar tuairim faoin alt seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún Pleanála raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a leathnú ina dhiaidh sin.

(4) Ní dochar tuairim a sholáthar faoin alt seo do chomhlíonadh aon fheidhmeanna eile dá chuid faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo ag an mBord agus ní féidir brath air sa phróiseas pleanála foirmiúil ná in imeachtaí dlí.
Cé nach bhfuil aon amlínte léirithe, déanfaidh an Coimisiún Pleanála dianiarracht an próiseas a chur i gcrích go gasta. 


4.3.2   Forbairt Mhuirí 
I gcás forbairt mhuirí de chineál a bheidh le cur isteach faoi Chuid XXI, féadfaidh iarratasóir ionchasach tuairim scóipeála a iarraidh ar an gCoimisiún faoi alt 290 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.  Murab ionann agus an scéal i gcás forbairt ar talamh, ní gá a phróiseas comhchomhairliúcháin réamhiarratais nó a próiseas comhchomhairliúcháin réamhiarratais leis an gCoimisiún a bheith dúnta ag an iarratasóir ionchasach sula n-iarrfaidh sé nó sí tuairim scóipeála faoi alt 290.

4.3.3   Forbairt a gceanglaítear measúnacht tionchair timpeallachta a dhéanamh ina leith  

In alt 173(3) den Acht, tagraítear d’fhorbairt a gceanglaítear measúnacht tionchair timpeallachta a dhéanamh ina leith. Tá na Leasuithe dá bhforáiltear le I.R. 274 de 2025 léirithe i ndath dearg mar a leanas:
(3)(a)(i) Beidh feidhm ag fomhír (ii) i gcás go n-iarrfaidh duine a gceanglaítear air nó uirthi leis an Acht seo nó faoin Acht seo tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a chur faoi bhráid an Bhoird ar an mBord tuairim i scríbhinn a thabhairt dó nó di maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a cheanglaítear a áireamh sa tuarascáil. 
(ia) I gcás go gceanglófar ar dhuine leis an Acht seo nó faoin Acht seo tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála i leith iarratas ar fhorbairt fuinnimh in-athnuaite nó ar fhorbairt athchumhachtaithe, iarrfaidh an duine ar an gCoimisiún Pleanála tuairim i scríbhinn dá dtagraítear i bhfomhír (i) a thabhairt don duine.”,

(ii) Faoi réir fhomhír (iii), déanfaidh an Bord, agus an fhaisnéis arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) á cur san áireamh, go háirithe maidir le saintréithe sonracha na forbartha beartaithe, lena n-áirítear a suíomh agus a hacmhainn theicniúil, agus an tionchar is dóigh a bheidh aici ar an gcomhshaol, tuairim i scríbhinn a thabhairt maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, faoi réir aon chomhchomhairliúcháin fhorordaithe atá le déanamh ag an mBord i ndáil le tuairim den sórt sin. 
(iii) Tabharfaidh an Bord an tuairim i scríbhinn sula gcuirfidh an duine dá dtagraítear i bhfomhír (i) an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta isteach.
(aa) I gcás go mbeidh tuairim dá dtagraítear i mír (a) soláthartha, beidh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta bunaithe ar an tuairim sin, agus áireofar léi an fhaisnéis a d’fhéadfaí a cheangal go réasúnach le haghaidh teacht ar chonclúid réasúnaithe ar na héifeachtaí suntasacha a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus aird á tabhairt ar an eolas reatha agus ar mhodhanna reatha measúnachta.

(ab) I gcás go soláthrófar tuairim dá dtagraítear i mír (a) i ndáil le forbairt bheartaithe ar forbairt fuinnimh in-athnuaite nó forbairt athchumhachtaithe í, ní dhéanfaidh an Coimisiún Pleanála raon feidhme ná leibhéal mionsonraí na faisnéise a cheanglaítear a áireamh sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a leathnú ina dhiaidh sin.

4.4 Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú

 

Tá na codanna seo a leanas de na Rialacháin aibhsithe, ach níl siad uileghabhálach. 

Airteagal 94 – Ábhar na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta
Leagtar amach in Airteagal 94 ábhar na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, agus tá sé curtha ar áireamh mar Aguisín 1 thíos. 
Airteagal 211 – Comhchomhairliúcháin ar Fhaisnéis atá le bheith i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta 
Leagtar amach in Airteagal 211(1) na Comhlachtaí Forordaithe a rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leo, agus foráiltear freisin le hAirteagal 211(2) go bhféadfar a iarraidh ar na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 213 aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh
(Aguisín 2)

Sceideal 6 – Faisnéis atá le bheith i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta 
Tá an fhaisnéis atá le bheith i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, mar atá leagtha amach i Sceideal 6, curtha ar áireamh in Aguisín 3 thíos mar áis tagartha. 

4.5    An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2024
Is le halt 233 d’Acht 2024 a sholáthraítear na forálacha iomchuí maidir le Scóipeáil. Féach Aguisín 4 chun na forálacha sonracha a léamh

  • 5. An Tuarascáil Scóipeála 

  • Ionas go mbeidh an Coimisiún Pleanála in ann tuairim scóipeála a sholáthar, cuirfidh an t-iarratasóir ionchasach Tuarascáil Scóipeála isteach. Áireofar leis an Tuarascáil Scóipeála plean de shuíomh an láithreáin agus plean/pleananna de leagan amach an láithreáin atá ar scála cuí, lena n-éascófar suíomh beartaithe na ngnéithe uile den fhorbairt bheartaithe a shainaithint. 
    Ba cheart tuairisc mhionsonraithe ar chéimeanna tógála, oibríochtúla agus díchoimisiúnaithe na forbartha beartaithe a thabhairt sa tuarascáil. 
    Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt sa tuarascáil i gcás gach toisce comhshaoil:
    •    Comhthéacs
    •    Timpeallacht Bhonnlíne
    •    Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme 
    •    Modheolaíocht measúnachta
    •    Réamhbhearta maolaithe 

    Nóta – Is féidir naisc chuig samplaí de Thuarascálacha Scóipeála ó dhlínsí eile a fháil in Aguisín 5. 


6. Comhchomhairliúchán le Comhlachtaí Forordaithe 

Leagtar amach in Airteagal 211(1) gur mar a leanas a bheidh na comhlachtaí sonraithe chun críocha alt 37D(2)(a):

(i) an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
(ii) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 
(iii) an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, 
(iv) an t-údarás pleanála iomchuí, agus 
(v) i gcás gur dealraitheach don údarás gur dhóigh go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol i stát trasteorann, na Stáit trasteorann iomchuí, de réir mar is cuí.

Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 211(2): 

“I dteannta na bhforálacha d’fho-airteagal (1), féadfaidh an Bord aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an bhfaisnéis atá le bheith sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a iarraidh ar na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 213, de réir mar is cuí.” 

I bhfianaise mhéid na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 213, tá siad leagtha amach in Aguisín 2 a ghabhann leis an doiciméad seo. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhforáiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 213(3):

“Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, a cheangal ar an iarratasóir cóipeanna nó cóipeanna breise d’iarratas agus de thuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus, i gcás go mbeidh ráiteas tionchair Natura ag gabháil leis an iarratas, den ráiteas tionchair Natura (lena n-áirítear cóipeanna i bhfoirm leictreonach) a sheoladh chuig aon chomhlacht nó aon duine a chinnfidh sé”.

Nóta – athraíonn ainm Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais ó am go chéile. Mar sin, ba cheart an t-ainm reatha a áireamh.

7. Éifeachtaí Suntasacha ar Dóigh Dóibh a Bheith Ann

7.1    Forbhreathnú
Áireofar le tuarascálacha ar mheasúnacht tionchair timpeallachta éifeachtaí féideartha éagsúla a bheidh sa raon idir éifeachtaí do-airithe agus éifeachtaí ollmhóra . Is é an phríomhthoisc ná na héifeachtaí suntasacha is dóigh a bheidh ag tionscadal ar an gcomhshaol, a mhéid a bhaineann le saintréithe agus suíomh an tionscadail. 

Eascraíonn an ceanglas go sainaithneofaí éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann agus go ndéanfaí measúnacht orthu as an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE), lena gceanglaítear go ndíreofaí in aon mheasúnacht timpeallachta ar na héifeachtaí sin ar dóigh dóibh a bheith suntasach, agus aird á tabhairt ar shaintréithe na forbartha beartaithe, ar a suíomh agus ar chineál na dtionchar féideartha.

Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir leasaitheach critéir le haghaidh saintréithe agus suíomh an tionscadail agus cineál agus saintréithe an tionchair fhéideartha a chinneadh. 
Tá tuairisc tugtha ar éifeacht ar dóigh di a bheith ann mar a leanas sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022)
“na héifeachtaí ar féidir a bheith ag súil le réasún go dtarlóidh siad mar gheall ar an tionscadal beartaithe más rud é go gcuirfear na bearta maolaithe uile i bhfeidhm i gceart”.

Tugtar sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022) comhairle úsáideach i ndáil le héifeachtaí a bhreithniú. Rud suntasach ar leith is ea na mínithe a thugtar iontu maidir le tuairisc a thabhairt ar shuntasacht éifeachtaí laistigh de Thábla 3.4. Tá sliocht as an tábla sin tugtha thíos. 
 

1Treoirlínte maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta - An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (2022)

2  Treoirlínte maidir le Measúnacht Tionchair Éiceolaíoch sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn: Timpeallachtaí Talún, Fionnuisce, Cósta agus Muirí – Leagan 1.3, arna nuashonrú i mí Mheán Fómhair 2024

Sliocht as Tábla 3.4 (An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Treoirlínte maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022))

Tuairisc a Thabhairt ar Shuntasacht Éifeachtaí 
Is ionann ‘suntasacht’ agus coincheap ar féidir leis bríonna difriúla a bheith leis maidir le topaicí difriúla – in éagmais mínithe sonracha do thopaicí difriúla, féadfaidh go mbeidh na mínithe seo a leanas úsáideach
 
Éifeachtaí Do-airithe 
Éifeacht is féidir a thomhas ach nach bhfuil aon iarmhairtí suntasacha ag baint léi.
Éifeachtaí Neamhshuntasacha
Éifeacht as a dtagann athruithe inbhraite ar shainghné an chomhshaoil ach nach bhfuil aon iarmhairtí suntasacha ag baint léi.
Éifeachtaí Beaga
Éifeacht as a dtagann athruithe inbhraite ar shainghné an chomhshaoil ach nach ndéanann aon difear d’íogaireachtaí an chomhshaoil.
 
Éifeachtaí Measartha
Éifeacht a athraíonn sainghné an chomhshaoil ar mhodh atá i gcomhréir le treochtaí bonnlíne atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn.
Éifeachtaí Suntasacha
Éifeacht a athraíonn aon ghné íogair den chomhshaol, de bharr chineál, mhéid, fhad nó dhéine na héifeachta.
Éifeachtaí An-Suntasach
Éifeacht a athraíonn an chuid is mó de ghné íogair den chomhshaol go suntasach, de bharr chineál, mhéid, fhad nó dhéine na héifeachta.
Éifeachtaí Ollmhóra
Éifeacht a scriosann saintréithe íogaire

Foinse:  Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022

Rud eile atá iomchuí agus éifeachtaí á mbreithniú is ea an cháilíocht, an méid agus an comhthéacs, an dóchúlacht, an fad agus an mhinicíocht, agus an cineál (díreach, indíreach, carnach agus iarmharach).  Cuirtear i láthair sa rannán seo a leanas sraith ceisteanna coitianta atá ceaptha chun cabhrú le hiarratasóirí na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022) a chur i bhfeidhm agus éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann á sainaithint agus á meas acu ag an gcéim scóipeála measúnachta tionchair timpeallachta.
 

7.2      Conas is féidir liom a chinneadh ag an gcéim scóipeála an “dóigh” go mbeidh éifeacht ann?

Agus cinneadh á dhéanamh acu ag an gcéim scóipeála an dóigh go mbeidh éifeacht ann, cuirfidh iarratasóirí breithiúnas réasúnaithe réamhchúramach i bhfeidhm a bheidh bunaithe ar shaintréithe na forbartha beartaithe agus ar íogaireacht agus comhthéacs na timpeallachta glactha. Déanfar breithniú ar cé acu atá nó nach bhfuil conairí inchreidte ann trína bhféadfadh aon éifeacht teacht chun cinn, lena n-áirítear conairí díreacha, indíreacha, tánaisteacha nó carnacha, agus ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh idirghníomhaíocht comhshaoil eascairt as cineál, scála nó suíomh an togra.
Bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil ag an gcéim scóipeála, i gcás go mbeidh ionchas réasúnach ann go bhféadfadh éifeacht tarlú, agus éiginnteachtaí bunúsacha á gcur san áireamh, caithfear leis an éifeacht sin mar éifeacht ar dóigh di a bheith ann chun raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a shainiú. Níor cheart caitheamh le héifeachtaí mar éifeachtaí nach dóigh dóibh a bheith ann ach amháin i gcás gur féidir a thaispeáint go soiléir, agus údar comhréireach ann, nach bhfuil aon chonair inchreidte ann chun go dtarlódh siad.
Ba cheart an breithiúnas sin a bheith bunaithe ar na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, agus ba cheart é a chur i bhfeidhm trí leas a bhaint as breithiúnas gairmiúil comhréireach, i gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022).

7.3  Conas is féidir liom a chinneadh ag an gcéim scóipeála an éifeacht “shuntasach” í aon éifeacht (sula ndéanfar measúnacht iomlán)?

I gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), cinntear suntasacht aon éifeachta trí bhreithniú a dhéanamh ar mhéid na héifeachta i gcomhcheangal le híogaireacht na timpeallachta glactha. Tá an prionsabal sin léirithe i bhFíor 3.4 de na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), lena dtaispeántar conas a dhíorthaítear suntasacht éifeachta ón idirghníomhaíocht idir an dá pharaiméadar sin. Is í an idirghníomhaíocht idir na tosca sin a threoraítear cé acu a d’fhéadfaí a rá le réasún gur éifeacht dho-airithe, éifeacht bheag, éifeacht mheasartha, éifeacht shuntasach, éifeacht an-suntasach nó éifeacht ollmhór í aon éifeacht ar leith. Tá sliocht as an bhfíor sin curtha i láthair thíos. 

EPA Guidelines on the Information to be Contained in Environmental Impact Assessment Reports (2022)

Foinse: Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022)

Sliocht as Fíor 3.4 (An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Treoirlínte maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022)


Ag an gcéim scóipeála, i gcás go dtabharfar le fios san fhaisnéis a bheidh ar fáil go bhféadfadh éifeacht shuntasach eascairt le réasún as éifeacht ar dóigh di a bheith ann, déanfar an ní sin a scóipeáil isteach sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta chun measúnacht iomlán a dhéanamh air. Maidir le héifeachtaí a mbeifear ag súil leis le réasún go mbeidh siad do-airithe, beag nó neamhshuntasach, agus aird á tabhairt ar mhéid agus ar íogaireacht araon, féadfar a mholadh go ndéanfaí iad a scóipeáil amach, faoi réir údar soiléir réasúnaithe a bheith ann leis sin (féach rannán 9 thíos).
Agus iad ag teacht ar an mbreithiúnas sin, ba cheart d’iarratasóirí aird a bheith acu ar shaintréithe na héifeachta, lena n-áirítear a cineál, a méid, a fad, a minicíocht agus a hinaisathraitheacht, mar aon le luach, íogaireacht agus athléimneacht na timpeallachta glactha. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar an acmhainneacht atá ann go mbeadh idirghníomhaíocht nó éifeachtaí carnacha ann.

Ní bheifear ag súil leis go ndéanfaidh iarratasóirí aon mheasúnacht mhionsonraithe ag an gcéim scóipeála. Mar sin féin, míneofar go soiléir an réasúnaíocht is bun le conclúidí maidir leis an tsuntasacht ar dóigh di a bheith ann, agus fianaise chomhréireach nó breithiúnas gairmiúil mar thaca léi.
Ar mhaithe le comhsheasmhacht a áirithiú ar fud na ndisciplíní, moltar d’iarratasóirí aicmiú éifeachtaí na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil

(Tábla 3.4, Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022)) a chur i bhfeidhm ar fud na gcaibidlí ar thosca comhshaoil laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, ach amháin
i gcás go dtabharfar údar soiléir le cur chuige malartach le treoir atá sonrach don topaic.

Ba cheart an breithiúnas sin a bheith bunaithe ar na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, agus ba cheart é a chur i bhfeidhm trí leas a bhaint as breithiúnas gairmiúil comhréireach, i gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022).

7.4 Cén leibhéal fianaise nó údair a mbeidh an Coimisiún Pleanála ag súil leis?

Ag an gcéim scóipeála, tabharfaidh iarratasóirí údar soiléir, comhréireach agus réasúnaithe chun tacú leis na tograí scóipeála atá leagtha amach sa Tuarascáil Scóipeála. Léireofar leis an leibhéal mionsonraí a sholáthrófar cineál na héifeachta féideartha, íogaireacht na timpeallachta glactha, agus an méid éiginnteachta, i gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022).

I gcás go mbeidh sé beartaithe fothopaicí, ceannteidil nó éifeachtaí a scóipeáil amach, míneoidh iarratasóirí go soiléir an bunús atá leis an seasamh sin, agus aird á tabhairt ar an méid seo a leanas:

•    Dálaí agus íogaireachtaí na timpeallachta bonnlíne;
•    Saintréithe agus scála na forbartha beartaithe;
•    Conairí inchreidte a bheith i láthair nó gan a bheith i láthair le haghaidh éifeachtaí suntasacha;
•    Caighdeáin iomchuí, treoir iomchuí nó dea-chleachtas seanbhunaithe; agus
•    Breithiúnas gairmiúil, i gcás gur cuí.

Tá samplaí d’fhianaise chomhréireach agus d’údar comhréireach is cuí do scóipeáil leagtha amach i Rannán 9 den Treoir seo. 

7.5 Conas a dhéanann bearta maolaithe difear do cé acu a dhéanfar rud éigin a scóipeáil isteach nó amach?

I gcás go mbeidh bearta maolaithe ina gcuid dhílis de dhearadh an tionscadail, féadfar iad a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ag an gcéim scóipeála ar cé acu is dóigh nó nach dóigh gur éifeacht shuntasach a bheidh in aon éifeacht.
I gcás go mbeidh éifeachtacht an mhaolaithe éiginnte, neamhthástáilte nó ag brath ar chinntí dearaidh amach anseo, áfach, déanfar an éifeacht a scóipeáil isteach sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus déanfar measúnacht iomlán uirthi, agus meastóireacht á déanamh ar an tsuntasacht iarmharach tar éis an maolú a chur i bhfeidhm.


8. Bonnlínte le haghaidh Measúnacht Timpeallachta 

8.1      Bonnlíne 
 

Tá sé tábhachtach go mbunófaí an timpeallacht bhonnlíne chuí. Tá sé sin an-iomchuí i gcás go bhfuil an láithreán ina ábhar do cheadanna nó do cheadúnais eile a gceanglaítear iad a chomhlíonadh/a chur i gcrích. 
Mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022):

Ní mór an tuairisc ar an gcás bonnlíne a bheith sách cruinn chun go mbeidh sí ina tagairt iontaofa ar féidir éifeachtaí a mheasúnú ina haghaidh agus ar féidir faireachán comhshaoil ar éifeachtaí an tionscadail a thomhas ina haghaidh (i gcás gurb iomchuí).  
Féadfaidh go gcuirfear in iúl sa tuairisc sin gurb ionann an timpeallacht bhonnlíne agus an timpeallacht atá ann faoi láthair, gurb ionann í agus an timpeallacht glactha dhóchúil amach anseo, nó gurb ionann í agus meascán den dá cheann díobh. Ba cheart é sin a leagan amach go soiléir a mhéid a bhaineann sé le gach toisc comhshaoil. 

Mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022):

Tá sé tábhachtach a chinntiú ar aon chaoi go ndéanfar measúnacht ar an gcás is measa. Is é sin an cás ar dhóigh go mbeadh sé ina chúis leis na tionchair chomhshaoil is suntasaí.

8.2    Leanúint de Shaolré Oibríochtúil 
Tugtar i gCiorclán CEPP 1/2026 dar dáta an 9 Eanáir 2026 roinnt soiléire i ndáil leis na tograí le haghaidh leanúint de shaolré oibríochtúil aon fheirme gaoithe atá ann cheana, i gcás nach dtiocfadh aon athrú fisiciúil chun cinn, agus i ndáil le tograí athchumhachtaithe, i gcás go n-athsholáthrófaí tuirbíní atá ann cheana. 
I gcás tograí le haghaidh leanúint de shaolré oibríochtúil aon fheirmeacha gaoithe atá ann cheana, nó le haghaidh saolré aon fheirmeacha atá ann cheana a fhadú, ní áirítear leo aon oibreacha fisiciúla ar an láithreán ná ar na tuirbíní. Soiléirítear sa Chiorclán gur “cheart an bhonnlíne a bheith ina léiriú ar stádas reatha na timpeallachta agus an láithreáin mar atá tráth an iarratais, seachas na dálaí a bhí ann sular cuireadh an fhorbairt fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana i bhfeidhm”.

8.3    Athchumhachtú 
Tugtar sa Chiorclán freisin comhairle maidir le breithniú a dhéanamh ar an timpeallacht bhonnlíne le haghaidh tograí athchumhachtaithe, á thabhairt faoi deara go ndéantar tagairt shonrach dó sin in Airteagal 16X den Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Leagtar an méid seo a leanas amach ann: “measfar, tríd is tríd, gur tograí athchumhachtaithe iad tograí a bhaineann le gléasra atá ann cheana a athsholáthar nó a athnuachan (lena n-áirítear suiteálacha nó córais oibriúcháin agus trealamh a athsholáthar go hiomlán nó go páirteach), bíodh suíomhanna athbhreithnithe tuirbíní nó oibreacha coimhdeacha ag gabháil leo nó ná bíodh. I gcás go gceanglófar measúnacht timpeallachta (lena n-áirítear scagadh measúnachta tionchair timpeallachta nó measúnacht tionchair timpeallachta) a dhéanamh le haghaidh athchumhachtaithe, beidh sí teoranta do na tionchair a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an athrú nó ar an síneadh i gcomparáid leis an tionscadal bunaidh ”.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go luaitear an méid seo a leanas go sonrach sa Chiorclán: “tríd is tríd, is mar thionscadail nua forbartha fuinnimh in-athnuaite a chaithfear le tograí lena gcuirfear tuirbíní nua nó toilleadh giniúna nua leis gan suiteálacha atá ann cheana a athsholáthar. 
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfaidh go dtiocfaidh cásanna chun cinn ina ndéanfar feirmeacha gaoithe atá ann cheana a athchumhachtú ach ina mbeidh teorainn an láithreáin is ábhar don iarratas difriúil leis an teorainn a beartaíodh ar dtús. San imthoisc ar leith sin, cuirtear an méid seo a leanas in iúl sa Chiorclán: “cé nach é an toradh cinntitheach a bheidh ar athruithe beartaithe ar theorainn an láithreáin is ábhar don iarratas ná nach bhféadfar caitheamh le hiarratas mar iarratas ar thogra athchumhachtaithe (i.e., athruithe ar shocruithe um rochtain ar an láithreán nó leasuithe ar ghnéithe coimhdeacha den fhorbairt a ceadaíodh roimhe sin), is gnách gur mar fhorbairt nua fuinnimh in-athnuaite freisin a chaithfear le tograí arb ionann iad, tríd is tríd, agus giniúint nua ar limistéir atá suite lasmuigh de na limistéir sin a ndearnadh measúnacht orthu mar chuid den tionscadal bunaidh (cibé acu a thagann nó nach dtagann na limistéir sin faoi theorainn leasaithe líne deirge). Tá sé mar aidhm leis an idirdhealú sin a chinntiú nach gcuirfear coincheap an athchumhachtaithe i bhfeidhm chomh leathan sin go mbainfear an bonn den cheanglas den Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite go mbeadh an mheasúnacht timpeallachta le haghaidh athchumhachtaithe teoranta don athrú nó don síneadh i gcoibhneas leis an bhforbairt bhunaidh”. Moltar gur le linn an phróisis comhchomhairliúcháin réamhiarratais a bhreithneofar an ní sin, a mhéid a bhaineann sé le tograí sonracha.

9.    Tosca Comhshaoil a Bhreithniú 

9.1  Forbhreathnú 

Leagtar amach sa rannán seo an t-ábhar a thabharfar aghaidh air do gach toisc comhshaoil laistigh de Thuarascáil Scóipeála. Níl sé beartaithe struchtúr, ceannteidil ná formáid na tuarascála a fhorordú. Níl ábhar an rannáin seo uileghabhálach, agus ba cheart d’iarratasóirí aird a bheith acu freisin ar an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta (Treoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE), ar na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), ar na Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006), agus ar aon treoir nó dea-chleachtas iomchuí eile, de réir mar is cuí do chineál, scála agus suíomh na forbartha beartaithe.
Beidh raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a sholáthrófar comhréireach, agus aird á tabhairt ar shaintréithe na forbartha beartaithe agus ar íogaireacht agus comhthéacs na timpeallachta glactha.
Tabharfar aghaidh ar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar do gach toisc comhshaoil:
•    Comhthéacs na toisce agus a iomchuí atá sí;
•    An timpeallacht bhonnlíne chuí, ar leibhéal atá dóthanach chun íogaireacht gabhdóirí a thuiscint;
•    Príomh-shaincheisteanna agus raon feidhme, lena n-áirítear éifeachtaí féideartha agus conclúidí scóipeála;
•    An mhodheolaíocht bheartaithe measúnachta, i gcás go mbeidh sé beartaithe measúnacht a dhéanamh ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta; agus
•    Réamhbhearta maolaithe, i gcás gurb iomchuí, chun bonn eolais a chur faoi scóipeáil.
Féadfaidh iarratasóirí an fhaisnéis sin a chur i láthair in aon fhormáid chuí, ar choinníoll go míneofar cinntí scóipeála go soiléir agus go dtabharfar údar láidir leo. Tugtar sna rannáin seo a leanas treoir atá sonrach don topaic agus samplaí léiritheacha de na cineálacha faisnéise is féidir a áireamh faoi na ceannteidil atá leagtha amach thuas do gach toisc comhshaoil. Is é is aidhm do na samplaí seo cabhrú le sainaithint a dhéanamh, ag an gcéim scóipeála, ar na nithe a d’fhéadfadh a bheith iomchuí maidir leis na héifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann a shainaithint agus maidir le raon feidhme comhréireach na measúnachta a shainiú, go príomha i gcás feirmeacha gaoithe nua ar talamh. Tá faisnéis atá iomchuí maidir le leanúint de shaolré oibríochtúil agus maidir le hathchumhachtú tugtha thíos. 

9.2 Scóipeáil Amach 

Mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), ní fhéadfar tosca comhshaoil a scóipeáil amach ina n-iomláine, agus ní mór iad a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu i gcónaí laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, féadfar raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na measúnachta do thoisc comhshaoil a dhéanamh comhréireach trí fhothopaicí, ceannteidil nó comhpháirteanna measúnachta laistigh den toisc sin a scóipeáil amach.
Chun críocha na Treorach seo, oibríonn scóipeáil trí na sásraí gaolmhara seo a leanas:
Baineann scóipeáil amach le fothopaicí sonracha, ceannteidil shonracha nó éifeachtaí féideartha sonracha ar ina leith is féidir a thaispeáint go soiléir, bunaithe ar fhianaise chomhréireach agus ar bhreithiúnas gairmiúil réasúnaithe, nach bhfuil aon chonair inchreidte ann trína bhféadfadh éifeacht shuntasach ar dóigh di a bheith ann teacht chun cinn. I gcás fothopaicí nó ceannteidil den sórt sin, ní cheanglaítear aon mheasúnacht eile a dhéanamh orthu laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta.
Tá an cur chuige sin ag teacht leis an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, lena gceanglaítear go ndéanfaí measúnacht ar éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann, ach nach gceanglaítear léi go ndéanfaí measúnacht ar éifeachtaí nach bhfuil aon chonair inchreidte ann trína bhféadfadh siad teacht chun bheith suntasach.
Dá réir sin, i gcás gur féidir a thaispeáint nach n-eascróidh as toisc comhshaoil ar leith aon éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann, ní fhéadfar an toisc sin a scóipeáil amach go hiomlán, ach féadfar aghaidh a thabhairt uirthi ar leibhéal laghdaithe mionsonraí, a bheidh i gcomhréir lena iomchuí atá sí, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
•    Fothopaicí, ceannteidil nó éifeachtaí aonair a scóipeáil amach; agus
•    I gcás go mbeidh údar le déanamh amhlaidh, deireadh a chur leis an gceanglas go mbeadh caibidil neamhspleách ann.
In imthosca den sórt sin, sainaithneofar an toisc comhshaoil go soiléir agus breithneofar í laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. I gcás nach mbeidh aon údar ann le caibidil neamhspleách mar gheall ar an raon feidhme laghdaithe, féadfar an fhaisnéis iomchuí a chur i láthair laistigh de chaibidil chomhdhlúite ‘Tosca Eile Comhshaoil’, ar choinníoll:
•    Go sainaithneofar go sainráite an toisc comhshaoil;
•    Go saineofar go soiléir an fhothopaic, an ceannteideal nó an éifeacht a breithníodh; agus
•    Go míneofar go trédhearcach an réasúnaíocht is bun leis an gcumhdach laghdaithe.
Is ní comhréireachta agus cur i láthair é sin, agus ní chuireann sé deireadh leis an gceanglas go dtabharfaí aghaidh ar gach toisc comhshaoil laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. 
Taispeántar sna rannáin seo a leanas conas is féidir na prionsabail sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas do chineálacha difriúla forbartha fuinnimh gaoithe ar talamh do gach toisc comhshaoil, agus aird á tabhairt ar chineál na forbartha beartaithe agus ar íogaireacht agus comhthéacs na timpeallachta glactha, agus samplaí d’fhianaise chomhréireach tugtha do gach toisc. Tá feidhm ag an treoir maidir leis na cásanna forbartha uile, tríd is tríd; dá bhrí sin, ní thugtar aghaidh i rannáin atá sonrach don chás ach amháin ar thosca breise a bhaineann le gach cás.
Níl na fothopaicí, na ceannteidil ná na héifeachtaí atá sainaitheanta uileghabhálach, agus níl sna samplaí d’fhianaise dá dtagraítear ach samplaí léiritheacha agus níl siad le bheith teorantach. Féadfaidh go n-áireofar leis sin, i gcás go mbeidh údar leis, an chéim díchoimisiúnaithe, rud a meastar de ghnáth nach dtagann aon éifeachtaí chun cinn as atá níos measa ná iad sin a thagann chun cinn le linn na tógála.
Is inghlactha a bheidh an cur chuige comhréireach sin, ar choinníoll go sainaithneofar go láidir gach éifeacht shuntasach ar dóigh dóibh a bheith ann agus go ndéanfar iad a scóipeáil isteach sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus ar choinníoll go mbeidh an réasúnaíocht is bun le cinntí scóipeála doiciméadaithe go soiléir agus go mbeidh fianaise/breithiúnas gairmiúil mar thaca léi.
Agus prionsabail na scóipeála amach á gcur i bhfeidhm, ba cheart a mheabhrú gurb amhlaidh, i gcás forbairtí faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (mar atá leagtha amach sna ceanglais reachtacha i rannán 4 thuas), a shainítear agus a shocraítear leis an Tuairim Scóipeála raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta nach féidir a leathnú ina dhiaidh sin agus go gceanglaítear ar iarratasóirí cloí leis an raon feidhme sin a luaithe a eisítear é.

9.3 Tábla Scóipeála 

Chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht a chothú, moltar d’iarratasóirí an raon feidhme comhaontaithe ón Tuarascáil Scóipeála a dhoiciméadú go soiléir agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Moltar Tábla Scóipeála struchtúrtha a úsáid, a bhfuil sampla de curtha i láthair thíos.

Tábla scóipeála samplach

Toisc Comhshaoil (e.g., Sócmhainní Ábhartha)
Topaic Comhshaoil / Éifeacht Fhéideartha Céim/Céimeanna Iomchuí den Fhorbairt Raon Feidhme Beartaithe na Measúnachta An Réasúnaíocht is Bun leis an gCinneadh Scóipeála
Saincheist comhshaoil atá á breithniú Céim/céimeanna iomchuí den tionscadal (e.g., tógáil, oibriú, díchoimisiúnú) Cé acu atá an tsaincheist scóipeáilte isteach nó amach Údar leis an gcinneadh scóipeála

Ag céim na Tuarascála Scóipeála, ba cheart an méid seo a leanas a leagan amach go soiléir sa Tábla Scóipeála do gach toisc comhshaoil agus do gach ní iomchuí:

•    Raon feidhme beartaithe na measúnachta;
•    Cé acu atá fothopaicí sonracha, ceannteidil shonracha nó éifeachtaí sonracha scóipeáilte isteach nó amach;
•    An réasúnaíocht is bun le gach cinneadh scóipeála; agus
•    An fhianaise nó an breithiúnas gairmiúil a bhfuiltear ag brath uirthi nó air.

Nuair a bheidh Tuairim Scóipeála eisithe, ba cheart an Tábla Scóipeála a oiriúnú agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, agus ba cheart é a nuashonrú de réir mar is gá chun na cinntí scóipeála arna ndeimhniú ag an gCoimisiún Pleanála a léiriú. Ar an tslí sin, soláthrófar leis an tábla modh soiléir iniúchta chun a thaispeáint gur ullmhaíodh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta de réir na Tuairime Scóipeála eisithe.

9.4 Daonra agus Sláinte an Duine 

9.4 Comhthéacs
Is toisc iomchuí maidir le forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh is ea Daonra agus Sláinte an Duine, i gcás go bhféadfaidh go ndéanfar difear do dhaoine nó pobail mar thoradh ar athruithe ar dhálaí comhshaoil, ar úsáid talún nó ar thaitneamhacht. I gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), ba cheart, ag an gcéim scóipeála, díriú ar na héifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann ar ghabhdóirí daonra agus ar dhaoine a shainaithint, agus ní ar phróifíl shocheacnamaíoch ghinearálta an limistéir a sholáthar.
I gcás forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh, is go hindíreach a thagann éifeachtaí ar dhaonra agus ar shláinte an duine chun cinn de ghnáth, trí thosca eile comhshaoil, lena n-áirítear torann, preabadh scátha, trácht, taitneamhacht amhairc cónaithe, idirghníomhaíochtaí úsáide talún, agus carnadh éifeachtaí. Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála conas a thabharfar aghaidh ar thosca a bhaineann le daonra (amhail patrúin lonnaíochta, dáileadh gabhdóirí agus conairí neamhchosanta) agus ar thosca a bhaineann le sláinte an duine laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, cibé acu trí chaibidil neamhspleách ar Dhaonra agus ar Shláinte an Duine nó, i gcás gur cuí, trí mheasúnachtaí atá sainithe agus crostagartha go soiléir laistigh de na caibidlí.


Timpeallacht Bhonnlíne
Ag an gcéim scóipeála, ba cheart an bhonnlíne a bheith comhréireach agus dóthanach chun gabhdóirí daonra agus conairí féideartha neamhchosanta a shainaithint. Níor cheart aon anailís shocheacnamaíoch mhionsonraithe a bheith i gceist léi, ach amháin i gcás go mbeidh údar soiléir leis sin mar gheall ar chonair inchreidte a bheith i láthair le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun a thuiscint cé na daoine a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus conas a d’fhéadfaí difear a dhéanamh dóibh, agus is gnách go n-áireofar leis an bhfaisnéis sin an méid seo a leanas:

•    Patrúin lonnaíochta agus dáileadh daonra, lena n-áirítear pobail agus teaghaisí scaipthe a shainaithint a bhféadfaí difear a dhéanamh go hinchreidte dóibh;
•    Gabhdóirí íogaire daonra agus Suíomhanna atá Íogair i leith Torainn a shainaithint, amhail teaghaisí, foirgnimh shláinte, ionaid adhartha, agus saoráidí eile pobail;
•    Patrúin úsáide talún atá iomchuí do neamhchosaint daonra, lena n-áirítear úsáidí cónaithe, áineasa agus pobail;
•    Strusairí comhshaoil atá ann cheana atá iomchuí do neamhchosaint taitneamhachta agus charnach (e.g., bóithre, feirmeacha gaoithe atá ann cheana); agus
•    An comhthéacs bonnlíne do phríomhchonairí ar dóigh dóibh bonn eolais a chur faoi mheasúnacht tráth níos déanaí (e.g., bealaí tarlaithe trí lonnaíochtaí, fuaimdhreacha ciúine tuaithe).
Ba cheart an fhaisnéis bhonnlíne daonra agus dhéimeagrafach a bheith dóthanach chun cobhsaíocht nó íogaireacht a thaispeáint. Ní bheidh anailís níos mine ag teastáil ach amháin i gcás go sainaithneofar conair inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha daonra ar dóigh dóibh a bheith ann.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí a bhaineann le daonra agus sláinte an duine a mheasúnú tuilleadh ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Tuirbíní nó bonneagar gaolmhar a bheith suite i ngar do theaghaisí nó do Shuíomhanna eile atá Íogair i leith Torainn, rud a thugann le fios go bhfuil acmhainneacht ann go mbeadh éifeachtaí a bhaineann le torann nó le tonnchrith ann do dhaoine agus do phobail;
•    Foirgnimh áitithe a bheith i láthair laistigh de na hachair scagtha preabadh scátha is infheidhme, rud a thugann le fios go bhfuil acmhainneacht ann go mbeadh éifeachtaí ann ar thaitneamhacht cónaithe nó ar thaitneamhacht áit oibre;
•    Tógáil nó ródú neamhghnách tráchta trí lonnaíochtaí nó in aice leo, agus acmhainneacht ann go mbeadh éifeachtaí acu ar thaitneamhacht pobail, ar scoitheadh pobail nó ar shábháilteacht an phobail;
•    Éifeachtaí ar thaitneamhacht amhairc cónaithe, i gcás go mbeidh tuirbíní le feiceáil trí na hamhairc dhlúthraoin a fhaigheann cónaitheoirí, rud ar gnách go dtabharfar aghaidh air laistigh den mheasúnacht Tírdhreacha agus Amhairc; agus/nó
•    Acmhainneacht inchreidte go mbeadh neamhchosaint charnach ann, i gcás go bhféadfaidh go ndéanfaidh feirmeacha gaoithe iomadúla nó tionscadail eile bhonneagair difear do na pobail chéanna trí chonair chomhroinnte amháin nó níos mó.
Modheolaíocht Measúnachta
I gcás go ndéanfar éifeachtaí ar Dhaonra agus ar Shláinte an Duine a scóipeáil isteach sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa mhodheolaíocht measúnachta:
•    Deimhniú á rá go dtabharfar tuairisc ar éifeachtaí, agus go ndéanfar meastóireacht orthu, de réir na dTreoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022);
•    Na gabhdóirí iomchuí daonra, na conairí iomchuí neamhchosanta agus na céimeanna iomchuí forbartha a breithníodh a shainaithint;
•    An cur chuige a ghlacfar i leith aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí a bhaineann le daonra trí na measúnachtaí iomchuí atá sonrach don topaic, lena n-áirítear: 
o    Torann agus Tonnchrith, agus treoir iomchuí á cur i bhfeidhm;
o    Preabadh Scátha, agus tagairt á déanamh do na paraiméadair atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006) agus do na moltaí atá i ndréacht-Treoirlínte 2019;
o    Trácht agus Iompar, i gcás go bhféadfaidh go dtiocfaidh éifeachtaí a bhaineann leis an bpobal chun cinn; agus
o    Éifeachtaí carnacha, i gcás go bhféadfaidh go mbainfidh neamhchosaint chomhcheangailte do phobail thar chonair amháin nó níos mó.
•    An limistéar/na limistéir staidéir atá beartaithe a shainiú, i gcomhréir le cineál na n-éifeachtaí féideartha agus le híogaireacht na timpeallachta glactha.
Réamhbhearta Maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Mionchoigeartú leagan amach, micreashuí, agus slánachair;
•    Gealltanas cloí le Plean Bainistíochta Tráchta Tógála;
•    Bearta rialaithe preabadh scátha, i gcás gur gá;
•    Bearta den Phlean Bainistíochta Comhshaoil Tógála a bhaineann le torann, deannach, uaireanta oibre agus idirchaidreamh pobail; agus
•    Faireachán agus bainistíocht fhreagrúil, i gcás go sainaithneofar conair fhéideartha riosca i measúnacht tráth níos déanaí.
Scóipeáil Amach
Is minic a dhéantar éifeachtaí ar Dhaonra agus ar Shláinte an Duine a scóipeáil amach trí chrostagairt do chaibidlí iomchuí eile nó, i gcás gur cuí, tugtar aghaidh orthu laistigh de chaibidil ‘Tosca Eile Comhshaoil’, seachas trí mheasúnacht neamhspleách.
Maidir le forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh, is gnách go mbainfidh tosca a bhaineann le daonra le dáileadh spásúil daoine agus úsáidí talún, seachas le hathruithe ar mhéid, struchtúr nó fostaíocht daonra. Tá nithe amhail patrúin lonnaíochta, comhthéacs úsáide talún, saintréithe bonnlíne daonra agus treochtaí déimeagrafacha iomchuí go príomha a mhéid a thugann siad bonn eolais faoi shainaithint gabhdóirí agus conairí neamhchosanta le haghaidh éifeachtaí a bhaineann le taitneamhacht (e.g., torann, preabadh scátha, trácht nó taitneamhacht amhairc).
Is annamh a thagann as forbairtí oibríochtúla fuinnimh gaoithe ar talamh gníomhaíochtaí as a dtiocfadh éifeachtaí díreacha ar shaintréithe daonra, lena n-áirítear leibhéil fostaíochta, fás daonra nó athrú déimeagrafach. Is gnách go mbíonn éifeachtaí fostaíochta teoranta do ghníomhaíocht ghearrthéarmach tógála, agus is annamh a thagann astu aon éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann ar gá measúnacht mhionsonraithe a dhéanamh orthu faoin toisc a bhaineann le Daonra agus Sláinte an Duine.
Dá réir sin, féadfar fothopaicí sonracha, ceannteidil shonracha nó éifeachtaí sonracha laistigh den toisc a scóipeáil amach, i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Úsáideadh patrúin lonnaíochta, comhthéacs úsáide talún agus faisnéis bhonnlíne daonra chun gabhdóirí iomchuí agus conairí iomchuí neamhchosanta a shainaithint, ach ní thugann siad le fios go bhfuil acmhainneacht ann go dtiocfadh athrú ar leibhéal an daonra;
•    Tugtar aghaidh go hiomlán ar éifeachtaí torainn, éifeachtaí preabadh scátha, éifeachtaí tráchta agus éifeachtaí taitneamhachta amhairc cónaithe laistigh de na caibidlí iomchuí atá sonrach don topaic;
•    Níl aon chonair inchreidte ann le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar fhostaíocht, dáileadh daonra nó treochtaí déimeagrafacha de dheasca na forbartha beartaithe; agus
•    Ní thiocfaidh aon éifeachtaí carnacha a bhaineann le daonra chun cinn a bheidh sa bhreis orthu sin a gabhadh tríd an measúnacht charnach ar chonairí a bhaineann le taitneamhacht.
 
9.5    Bithéagsúlacht 
Comhthéacs
Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála cé chomh hiomchuí agus atá an bhithéagsúlacht don fhorbairt bheartaithe, agus aird á tabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar ghnáthóga, ar speicis agus ar phróisis éiceolaíocha, lena n-áirítear láithreáin ainmnithe, speicis chosanta agus gnáthóga íogaire. 
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart an fhaisnéis bhonnlíne a bheith dóthanach chun íogaireachtaí éiceolaíocha agus conairí féideartha le haghaidh éifeachta a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Athbhreithniú deisce ar láithreáin Eorpacha, ar limistéir oidhreachta nádúrtha agus ar láithreáin ainmnithe eile laistigh de limistéar staidéir cuí, bunaithe ar na conairí éiceolaíocha féideartha (e.g., nascacht hidreolaíoch);
•    Faisnéis faoi ghnáthóga atá dóthanach chun bonn eolais a chur faoi scóipeáil, ar faisnéis í a díorthaíodh ó fhoinsí deisce atá ar fáil agus, i gcás go bhfuil sí ar fáil, faisnéis ó réamhshuirbhé (e.g., Suirbhé Gnáthóg Chéim 1 nó a choibhéis); agus
•    Athbhreithniú ar na taifid speiceas cosanta atá ar fáil, lena n-áirítear mamaigh, amhail ialtóga agus madraí uisce, agus speicis eile is ábhar imní caomhantais.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí bithéagsúlachta a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Láithreáin Eorpacha nó gabhdóirí éiceolaíocha ainmnithe eile a bheith i láthair laistigh den limistéar staidéir, agus acmhainneacht ann go dtiocfadh an méid seo a leanas chun cinn:
o    caillteanas gnáthóige;
o    suaitheadh; agus/nó
o    nascacht hidreolaíoch.
•    Fianaise nó dóchúlacht réasúnach go mbeidh speicis chosanta le fáil laistigh den láithreán nó dá limistéar feidhme;
•    Gnáthóga leathnádúrtha, talamh portaigh, bogaigh nó gnáthóga eile a bhfuil ardluach éiceolaíoch ag baint leo a bheith i láthair; agus
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas:
o    caillteanas díreach gnáthóige;
o    suaitheadh nó díláithriú; agus/nó
o    éifeachtaí carnacha éiceolaíocha in éineacht le forbairtí eile.
Modheolaíocht Measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa mhodheolaíocht measúnachta:
•    An cur chuige beartaithe i leith suirbhéireacht agus measúnacht éiceolaíoch, i gcás gur gá, lena n-áirítear an t-údar atá le cineál, uainiú agus méid an tsuirbhé, bunaithe ar íogaireacht gabhdóirí, ar dhálaí bonnlíne, agus ar chonairí inchreidte a bheith i láthair le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann;
•    An cur chuige i leith meastóireacht a dhéanamh ar mhéid tionchar agus ar luach agus suntasacht gabhdóirí, áit a moltar cur chuige atá i gcomhréir leis an Treoir ó Institiúid Chairte na nÉiceolaithe agus na mBainisteoirí Comhshaoil (2024), rud atá sonrach don éiceolaíocht. 
•    An cur chuige i leith éifeachtaí carnacha bithéagsúlachta, lena n-áirítear caillteanas carnach gnáthóige nó ilroinnt charnach gnáthóige, i gcás gurb iomchuí; agus
•    An bunús le haon spleáchas ar shonraí éiceolaíocha atá ann cheana nó le hiarracht laghdaithe suirbhéireachta, lena n-áirítear tráthúlacht, ábharthacht agus teorainneacha na sonraí a dheimhniú, agus an breithiúnas gairmiúil a cuireadh i bhfeidhm ag an gcéim scóipeála.
Réamhbhearta Maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Gnáthóga íogaire a sheachaint trí mhicreashuí agus trí dhearadh;
•    Criosanna maolánacha cuí chuig sruthchúrsaí agus gnéithe éiceolaíocha;
•    Gealltanas tabhairt faoi shuirbhéanna réamhthógála, i gcás gur gá; agus
•    Bearta um ghnáthóga a chosaint, a athbhunú agus a athchóiriú, i gcás gurb iomchuí.
Scóipeáil Amach
Féadfar éifeachtaí bithéagsúlachta a scóipeáil amach i gcás go dtaispeánfaidh dálaí bonnlíne laistigh den láithreán agus timpeall air gur ann do thimpeallacht glactha íseal-íogaireachta agus nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann, i gcomhréir leis an dea-chleachtas reatha atá i dTreoirlínte 2022 ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus sa Treoir ó Institiúid Chairte na nÉiceolaithe agus na mBainisteoirí Comhshaoil (2024).
I gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne gur ann do shaintréithe amhail talamh atá feabhsaithe ó thaobh na talmhaíochta de, nach ann d’aon ainmniúcháin éiceolaíocha reachtúla nó neamhreachtúla, nach ann d’aon taifid ar speicis chosanta, agus gur ann do bheagán éagsúlachta gnáthóg, ach gan a bheith teoranta dóibh, is dóigh nach éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí ar an mbithéagsúlacht agus ar chaomhnú an dúlra. In imthosca den sórt sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach ar shuirbhéanna bonnlíne agus ar bhreithmheas deisce chun a dheimhniú nach bhfuil aon ghnáthóga ná aon speicis i láthair, gan aon ghá le samhaltú mionsonraithe ná le hiarracht mhéadaithe suirbhéireachta atá sonrach don speiceas. Tá an cur chuige spriocdhírithe rioscabhunaithe sin comhsheasmhach leis na prionsabail um measúnacht cás ar chás atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006) .
Tá an bhithéagsúlacht fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. I gcás nach sainaithneofar aon chonair inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann, áfach, féadfaidh an leibhéal measúnachta a bheith comhréireach chun íogaireacht gabhdóirí, cineál agus méid na n-oibreacha beartaithe agus méid an athraithe a bhfuiltear ag coinne leis a léiriú.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Cuireadh Réamh-Bhreithmheas Éiceolaíoch agus/nó Suirbhé Gnáthóg Chéim 1 i gcrích laistigh de dhá bhliain ón iarraidh scóipeála, rud atá dóthanach chun bonn eolais a chur faoi íogaireacht gabhdóirí agus faoi éifeachtaí féideartha;
•    Sainaithníodh na gnáthóga agus na speicis atá suite laistigh den limistéar staidéir agus taifeadadh saintréithe na ngnáthóg agus na speiceas sin;
•    Deimhnítear san fhianaise bhonnlíne:
o    nach bhfuil aon ainmniúcháin éiceolaíocha reachtúla ná neamhreachtúla i láthair laistigh den limistéar staidéir iomchuí; agus
o    nach bhfuil aon ghnáthóg thacaíochta oiriúnach do speicis chosanta i láthair;
•    Tugadh údar rioscabhunaithe le suirbhéireacht nó measúnacht éiceolaíoch sa bhreis a theorannú, agus aird á tabhairt ar chineál na forbartha beartaithe agus ar íogaireachtaí bonnlíne; agus
•    Sainaithníodh bearta caighdeánacha maolaithe agus ceangaltais chaighdeánacha mhaolaithe, lena n-áirítear maoláin chuí, rialuithe tógála, agus bearta bainistíochta speiceas ionrach.
•    Nóta – más rud é go mbeidh suirbhéanna leantacha agus/nó faireachán leantach ag teastáil chun aon cheann de na nithe thuas a chinneadh, féadfaidh go mbeidh conair inchreidte ann agus nach mbeidh sé cuí an éifeacht a scóipeáil amach.


9.6    Éaneolaíocht 
Comhthéacs
Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála cé chomh hiomchuí agus atá an éaneolaíocht don fhorbairt bheartaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar speicis éan trí éifeachtaí imbhuailte, díláithriúcháin nó bacainne. Beidh tosca éaneolaíocha an-iomchuí i gcás go mbeidh sé beartaithe forbairt a shuí i limistéir a d’fhéadfadh tacú le pobail íogaire éan nó le conairí imirce éan.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart an fhaisnéis bhonnlíne a bheith dóthanach chun íogaireacht éaneolaíoch agus conairí féideartha riosca a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Athbhreithniú deisce a dhéanamh ar láithreáin ainmnithe (e.g., limistéir chosanta speisialta), ar thaifid speiceas cosanta agus ar shonraí éaneolaíocha iomchuí laistigh de limistéar staidéir cuí;
•    Breithniú a dhéanamh ar chríocha éan creiche, ar phríomhlimistéir phórúcháin nó shealgaireachta agus ar bhealaí imirceacha atá ar eolas; 
•    Suirbhéanna iomchuí: agus
•    Tagairt do shaintréithe láithreáin (amhail talamh portaigh sléibhe, tírdhreacha oscailte nó neamhchosanta, nó gnáthóga eile agus comhthéacsanna tírdhreacha arb eol go bhfuil ard-íogaireacht éaneolaíoch ag baint leo).
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí éaneolaíocha a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Láithreáin Eorpacha nó gabhdóirí éaneolaíocha ainmnithe eile a bheith i láthair laistigh den limistéar staidéir, agus acmhainneacht ann go dtiocfadh an méid seo a leanas chun cinn:
o    riosca imbhuailte;
o    díláithriú nó suaitheadh; agus/nó
o    éifeachtaí bacainne a dhéanann difear do línte eitilte nó do nascacht.
•    Fianaise nó dóchúlacht réasúnach go mbeidh speicis íogaire éan le fáil laistigh den láithreán nó dá limistéar feidhme, lena n-áirítear:
o    éin chreiche;
o    speicis Iarscríbhinn I; agus/nó
o    buíonta imirceacha a bhíonn i láthair go tráthrialta.
•    Saintréithe láithreáin arb eol go bhfuil ard-íogaireacht éaneolaíoch ag baint leo, lena n-áirítear:
o    talamh portaigh sléibhe nó móinteán oscailte; agus/nó
o    bogaigh; agus/nó
o    línte droma, droimíní, nó conairí eitilte atá ar eolas.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas:
o    éifeachtaí imbhuailte nó díláithriúcháin tuirbíní;
o    suaitheadh le linn an fhorbairt a thógáil nó a oibriú; agus
o    éifeachtaí carnacha éaneolaíocha in éineacht le forbairtí eile fuinnimh gaoithe.
Modheolaíocht Measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa mhodheolaíocht measúnachta:
•    An cur chuige beartaithe suirbhéireachta, lena n-áirítear modheolaíocht na n-ionad amhairc agus an t-údar le fad agus méid an tsuirbhé, i gcomhréir le treoir agus leis an dea-chleachtas. 
•    An cur chuige beartaithe i leith measúnacht riosca imbhuailte, lena n-áirítear prionsabail samhaltaithe, i gcás gurb iomchuí;
•    An cur chuige i leith measúnacht charnach, lena n-áirítear forbairtí eile fuinnimh gaoithe a shainaithint lena mbreithniú; agus
•    An limistéar/na limistéir staidéir atá beartaithe. 
Réamhbhearta Maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Tuirbíní a leagan amach agus a dhearadh chun príomhlínte eitilte nó limistéir íogaire a sheachaint;
•    Suíomhanna ardriosca a sheachaint trí dhearadh; agus
•    Rialuithe oibríochtúla nó ciorrú, i gcás go sainaithneofar aon ghá leo i measúnacht tráth níos déanaí.
Scóipeáil Amach 
Féadfar éifeachtaí éaneolaíocha a scóipeáil amach i gcás go dtabharfar le fios san fhaisnéis bhonnlíne laistigh den láithreán agus timpeall air gur ann do thimpeallacht glactha éaneolaíoch íseal-íogaireachta agus nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
I gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne gur ann do shaintréithe amhail gan aon láithreáin éaneolaíocha ainmnithe a bheith i láthair, easpa gnáthóg oiriúnach a bheith ar fáil, ísealghníomhaíocht éan, agus gan aon fhianaise ar línte suntasacha eitilte ná ar phríomhghabhdóirí a bheith suite laistigh den limistéar staidéir, ach gan a bheith teoranta dóibh, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí éaneolaíocha. In imthosca den sórt sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach ar bhailiú spriocdhírithe sonraí bonnlíne agus ar bhreithmheas deisce chun a dheimhniú gur ann d’íogaireacht íseal agus do bheagán acmhainneachta le haghaidh idirghníomhaíochta, gan aon ghá le suirbhéanna séasúracha fadaithe ná le samhaltú mionsonraithe riosca imbhuailte, faoi réir an mhodheolaíocht dea-chleachtais a bheith á leanúint.
Tá an éaneolaíocht fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart méid, fad agus déine na hiarrachta suirbhéireachta agus na measúnachta a bheith ag teacht le híogaireacht gabhdóirí, le comhthéacs láithreáin agus suíomh tírdhreacha, agus leis an dóchúlacht go dtiocfaidh éifeachtaí suntasacha chun cinn, i gcomhréir leis an gcur chuige um measúnacht cás ar chás atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006), faoi réir an mhodheolaíocht dea-chleachtais a bheith á leanúint.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Rinneadh athbhreithniú deisce ar thaifid éaneolaíocha atá ann cheana agus ar láithreáin ainmnithe éaneolaíocha atá suite laistigh den limistéar staidéir;
•    Níl aon ghnáthóga i láthair a bhfuil acmhainneacht acu tacú le speicis éan pórúcháin, geimhridh nó imirceach;
•    Deimhnítear san fhianaise bhonnlíne:
o    nach bhfuil aon láithreáin Eorpacha ná aon ghabhdóirí éaneolaíocha atá ainmnithe go náisiúnta i láthair; agus
o    nach bhfuil buíonta éan a bhfuil íseal-íogaireachta ag baint leo i láthair;
•    Tugadh údar rioscabhunaithe le hiarracht spriocdhírithe nó laghdaithe suirbhéireachta agus le gan conairí inchreidte imbhuailte nó díláithriúcháin a bheith i láthair; agus
•    Sainaithníodh bearta caighdeánacha maolaithe agus ceangaltais chaighdeánacha mhaolaithe, lena n-áirítear maoláin chuí agus rialuithe tógála.
•    Nóta – más rud é go mbeidh suirbhéanna leantacha agus/nó faireachán leantach ag teastáil chun aon cheann de na nithe thuas a chinneadh, féadfaidh go mbeidh conair inchreidte ann agus nach mbeidh sé cuí an éifeacht a scóipeáil amach.

9.7    Talamh agus Ithreacha (lena n-áirítear Móin)
Comhthéacs
Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála cé chomh hiomchuí agus atá talamh, ithreacha agus móin don fhorbairt bheartaithe, agus tosca iomchuí ann amhail an acmhainneacht go ndéanfadh suaitheadh talún, tochailt nó oibreacha draenála difear d’acmhainní ithreach, do chobhsaíocht móna, d’úsáid talún, do gheolaíocht amhail timpeallachtaí aolchloiche nó carstacha nó do ghabhdóirí gaolmhara comhshaoil.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun íogaireachtaí talún agus ithreach agus conairí féideartha le haghaidh éifeachta a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Faisnéis deisce faoi chineálacha ithreach, faoi mhóin a bheith i láthair agus faoi úsáid talún;
•    Limistéir mhóna nó ithreacha atá ar mhórán carbóin a shainaithint, i gcás go bhfuil siad i láthair;
•    Tuairisc ar an topagrafaíocht, ar dhálaí fána agus ar aon íogaireachtaí draenála nó cobhsaíochta atá ar eolas; agus
•    Naisc fhéideartha le gabhdóirí uisce agus bithéagsúlachta a shainaithint.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí talún agus ithreacha a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Móin nó ithreacha atá ar mhórán carbóin a bheith i láthair, go háirithe i gcás: 
o    go bhfuil sé beartaithe tochailt, draenáil nó ualú a ghabháil de láimh; agus/nó
o    go bhfuil doimhneacht nó cobhsaíocht móna éiginnte.
•    Fianaise ar éagobhsaíocht fána, ar shoghabháltacht i leith sciorradh talún nó ar dhálaí íogaire talún.
•    Oibreacha beartaithe a bhféadfadh an méid seo a leanas teacht astu: 
o    suaitheadh suntasach talún; agus/nó
o    athrú ar phatrúin tírghné nó draenála.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    éagobhsaíocht nó cliseadh móna;
o    caillteanas nó díghrádú ithreacha atá ar mhórán carbóin; agus/nó
o    éifeachtaí carnacha talún nó móna ar fud córais chomhroinnte hidreolaíocha nó fána.
Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    An cur chuige rioscabhunaithe beartaithe i leith measúnacht talún, ithreacha agus móna, trína mbeidh raon feidhme agus méid an tsuirbhé agus na measúnachta ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta bunaithe ar íogaireacht gabhdóirí;
•    Na cineálacha beartaithe suirbhé agus measúnachta atá le déanamh ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, i gcás gurb iomchuí;
•    An limistéar/na limistéir staidéir atá beartaithe le haghaidh measúnacht talún agus ithreach; agus
•    An cur chuige i leith éifeachtaí carnacha talún agus móna a bhreithniú, i gcás gurb iomchuí.
Réamhbhearta maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Seachaint trí dhearadh agus micreashuí chun suaitheadh talún a íoslaghdú;
•    Prionsabail um bainistíocht móna agus um rialú draenála, i gcás gurb iomchuí; agus
•    Bearta atá le háirithiú trí Phlean Imlíneach Bainistíochta Comhshaoil Tógála, lena n-áirítear cleachtais um láimhseáil agus athbhunú ithreach.
Scóipeáil Amach
Féadfar éifeachtaí ar thalamh agus ithreacha a scóipeáil amach i gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne laistigh den láithreán agus timpeall air gur ann d’íseal-íogaireacht talún agus nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
I gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne saintréithe amhail gan aon mhóin ná ithreacha atá ar mhórán carbóin, aon talamh éillithe ná aon dálaí talún éagobhsaí a bheith i láthair, ithreacha a bhfuil íseal-íogaireacht ag baint leo, agus gan aon aolchloch/carst a bheith i láthair, ach gan a bheith teoranta dóibh, is beag acmhainneacht go mbeadh éifeachtaí suntasacha ann ar thalamh agus ithreacha. In imthosca den sórt sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach ar fhaisnéis deisce agus ar dheimhniú ardleibhéil ar dhálaí talún, gan aon ghá le himscrúdú mionsonraithe láithreáin a dhéanamh ag an gcéim scóipeála.
Tá talamh agus ithreacha fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart doimhneacht agus méid na measúnachta a bheith ag teacht le híogaireacht talún, le scála agus cineál an tsuaite talún atá beartaithe, agus leis an dóchúlacht go dtiocfaidh éifeachtaí suntasacha chun cinn, i gcomhréir le cur chuige comhréireach rioscabhunaithe i leith measúnacht tionchair timpeallachta, mar atá leagtha amach sna Treoirlínte a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2022.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Athbhreithníodh faisnéis deisce chun saintréithe an mhéid seo a leanas a thaifeadadh:
o    ithreacha;
o    móin a bheith i láthair; agus
o    cobhsaíocht talún;
•    Deimhnítear san fhianaise bhonnlíne go bhfuil ithreacha íseal-íogaireachta i láthair agus nach bhfuil aon mhóin ná ithreacha atá ar mhórán carbóin ann;
•    Deimhnítear i ráiteas geoiteicniúil nó ithreacha ardleibhéil oiriúnacht na ndálaí talún don fhorbairt bheartaithe; agus
•    Sainaithníodh rialuithe agus ceangaltais chaighdeánacha tógála, lena n-áirítear bearta chun láimhseáil ithreach, draenáil agus suaitheadh talún a bhainistiú.

9.8    Uisce (Hidreolaíocht agus Hidrigeolaíocht)
Comhthéacs
Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála cé chomh hiomchuí agus atá an hidreolaíocht agus an hidrigeolaíocht don fhorbairt bheartaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar uiscí dromchla, ar screamhuisce nó ar bhogaigh trí oibreacha créfoirt, trí dhraenáil, trí thrasrianta sruthchúrsa nó trí athruithe ar phatrúin ó thaobh rith chun srutha de.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun íogaireachtaí agus conairí a bhaineann le huisce a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Gnéithe uisce dromchla, bogaigh agus dobharlaigh screamhuisce a shainaithint laistigh de limistéar staidéir cuí;
•    Aon láithreáin ainmnithe atá spleách ar uisce agus aon naisc hidreolaíocha iomchuí a shainaithint; agus
•    Soláthairtí uisce príobháideacha agus poiblí a shainaithint.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí a bhaineann le huisce a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Láithreáin ainmnithe atá spleách ar uisce a bheith i láthair laistigh den limistéar staidéir, agus acmhainneacht ann le haghaidh nascacht hidreolaíoch. 
•    Oibreacha beartaithe a bhaineann leis an méid seo a leanas: 
o    trasrianta sruthchúrsa;
o    oibreacha ionsrutha; agus/nó
o    athrú draenála nó astógáil/scaoileadh.
•    Fianaise ar ghabhdóirí íogaire, lena n-áirítear: 
o    dobharlaigh ardstádais;
o    soláthairtí uisce príobháideacha agus poiblí; agus/nó
o    bogaigh nó éiceachórais atá spleách ar screamhuisce.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    scaoileadh dríodair nó truaillithe;
o    athrú ar chórais sreafa; agus/nó
o    éifeachtaí carnacha hidreolaíocha nó hidrigeolaíocha laistigh den aon dobharcheantar amháin.
Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    Limistéir staidéir atá beartaithe agus an creat measúnachta;
•    Suirbhéanna agus tástáil iomchuí;
•    Úsáid a bhaint as measúnacht chonairbhunaithe atá ag teacht leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022); agus 
•    An bunús atá le héifeachtaí a scagadh de réir céim den tionscadal, lena n-áirítear deimhniú ar limistéir nach meastar go n-eascróidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann as éifeachtaí tógála nó díchoimisiúnaithe iontu, agus aird á tabhairt ar chineál, scála agus fad na n-oibreacha.
Réamhbhearta maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Bearta caighdeánacha draenála agus bearta caighdeánacha um chosc ar thruailliú;
•    Sruthchúrsaí agus gnéithe íogaire a mhaolú; agus
•    Rialuithe tógála atá le háirithiú trí Phlean Imlíneach Bainistíochta Comhshaoil Tógála.
Scóipeáil Amach
Féadfar éifeachtaí a bhaineann le huisce a scóipeáil amach i gcás go dtaispeánfaidh dálaí bonnlíne laistigh den láithreán agus timpeall air gur ann d’íseal-íogaireacht hidreolaíoch agus hidrigeolaíoch agus nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
I gcás, mar shampla, go bhfuil tuirbíní, rianta rochtana, trasrianta uisce agus bonneagar coimhdeach suite lasmuigh de chriosanna tionchair gnéithe íogaire uisce, nach bhfuil sé beartaithe aon astógáil ná aon scaoileadh a ghabháil de láimh, agus go bhfuil bearta leabaithe draenála agus bearta leabaithe um chosc ar thruailliú ina gcuid den dearadh, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí a bhaineann le huisce. In imthosca den sórt sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach ar dhálaí bonnlíne agus conairí féideartha a dheimhniú, gan aon ghá le samhaltú mionsonraithe ná le himscrúdú atá sonrach don láithreán a dhéanamh ag an gcéim scóipeála.
Tá an hidreolaíocht agus an hidrigeolaíocht fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart leibhéal agus méid na measúnachta a bheith ag teacht le híogaireacht gabhdóirí, le comhthéacs an láithreáin agus le cineál na gconairí féideartha, i gcomhréir le cur chuige comhréireach rioscabhunaithe i leith measúnacht tionchair timpeallachta, mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022).
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Sainaithníodh gabhdóirí uisce dromchla agus screamhuisce atá suite laistigh den limistéar staidéir agus taifeadadh saintréithe na ngabhdóirí sin;
•    Sainaithníodh conairí hidreolaíocha agus hidrigeolaíocha féideartha, agus rinneadh measúnacht orthu, ar leibhéal coincheapúil;
•    Deimhnítear san fhianaise bhonnlíne:
o    nach bhfuil aon láithreáin ainmnithe ná aon ghabhdóirí íogaire atá spleách ar uisce i láthair; agus
o    nach bhfuil aon ghá le haon astógáil nua, le haon scaoileadh nua ná le haon oibreacha ná trasrianta nua ionsrutha;
•    Tá bearta leabaithe draenála agus bearta leabaithe um chosc ar thruailliú ina gcuid de dhearadh an tionscadail; agus
•    Sainaithníodh bearta caighdeánacha maolaithe agus ceangaltais chaighdeánacha mhaolaithe, lena n-áirítear rialuithe atá le háirithiú trí phlean bainistíochta comhshaoil tógála.

9.9    Tírdhreach agus Amhairc 
Comhthéacs
Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála cé chomh hiomchuí agus atá tírdhreach agus taitneamhacht amhairc, mar aon leis an acmhainneacht go n-athródh tuirbíní sainghné tírdhreacha agus go ndéanfadh siad difear do na hamhairc a fhaigheann gabhdóirí cónaithe, áineasa agus pobail.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun íogaireacht tírdhreacha agus an comhthéacs amhairc a thuiscint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Cineálacha sainghné tírdhreacha atá suite laistigh den limistéar staidéir a shainaithint;
•    Ainmniúcháin tírdhreacha nó tírdhreacha íogaire a shainaithint;
•    Tuairisc ar an gcomhthéacs amhairc atá ann cheana, lena n-áirítear feirmeacha gaoithe atá ann cheana a bheith i láthair; agus
•    Príomhghabhdóirí amhairc, lena n-áirítear réadmhaoine cónaithe agus ionaid amhairc agus bealaí áille, agus príomhghabhdóirí áineasa a shainaithint.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí tírdhreacha agus amhairc a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Tírdhreacha ainmnithe nó tírdhreacha ard-íogaireachta a bheith i láthair laistigh den limistéar staidéir; 
•    Fianaise ar infheictheacht fhéideartha ón méid seo a leanas: 
o    gabhdóirí cónaithe;
o    príomhghabhdóirí áineasa nó pobail;
o    ionaid amhairc íogaire.
•    Forbairt bheartaithe lena mbaineann an méid seo a leanas: 
o    líon mór tuirbíní, nó tuirbíní atá an-ard;
o    suíomh feiceálach ar línte droma nó ar thírghné ardaithe.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    athrú suntasach ar shainghné tírdhreacha;
o    éifeachtaí suntasacha ar thaitneamhacht amhairc;
o    éifeachtaí carnacha tírdhreacha nó amhairc in éineacht le forbairtí eile fuinnimh gaoithe.
Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    An cur chuige i leith suntasacht éifeachtaí a shuí, i gcomhréir leis an gcleachtas i leith tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta; agus
•    An úsáid atá le baint as léarscáiliú, ionaid amhairc agus léirshamhluithe an chreasa infheictheachta teoiriciúla;
•    An cur chuige i leith ionaid amhairc agus léirshamhluithe ionadaíocha a roghnú, bunaithe ar anailís ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla, ar íogaireacht gabhdóirí agus ar an gcomhthéacs fuinnimh gaoithe atá ann cheana, chun a chinntiú go mbeidh an mheasúnacht comhréireach agus go mbeidh sí dírithe ar éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
•    Limistéir staidéir a shainiú, bunaithe ar shainghné agus infheictheacht tírdhreacha.
Réamhbhearta maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Bearta dearaidh atá ceaptha chun tranglam amhairc agus éifeachtaí carnacha a theorannú; agus
•    Gnéithe íogaire tírdhreacha a sheachaint, i gcás gurb indéanta.

Scóipeáil Amach
Féadfar éifeachtaí tírdhreacha agus amhairc a scóipeáil amach i gcás go dtaispeánfaidh dálaí bonnlíne laistigh den láithreán agus timpeall air gur ann d’íogaireacht tírdhreacha atá sa raon idir íseal-íogaireacht agus íogaireacht mheasartha, gur ann do líon beag gabhdóirí íogaire amhairc, agus nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
I gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne saintréithe amhail gan aon tírdhreacha áille ainmnithe a bheith i láthair, infheictheacht theoranta tuirbíní a bheith ann mar gheall ar thírghné nó ar fhásra, agus líon íseal gabhdóirí amhairc cónaithe nó gabhdóirí an-íogair amhairc a bheith ann, ach gan a bheith teoranta dóibh, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí tírdhreacha agus amhairc. In imthosca den sórt sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach ar limistéar staidéir laghdaithe, ar rogha spriocdhírithe ionad amhairc ionadaíoch, agus ar leibhéal cuí léirshamhlaithe, bunaithe ar réamhanailís ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla.
Tá tírdhreach agus taitneamhacht amhairc fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart méid agus leibhéal na measúnachta a bheith ag teacht le sainghné tírdhreacha, le híogaireacht gabhdóirí agus le scála agus infheictheacht na forbartha beartaithe, i gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe i leith tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta le haghaidh forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Sainaithníodh cineálacha agus ainmniúcháin sainghné tírdhreacha atá suite laistigh den limistéar staidéir;
•    Rinneadh réamhléarscáiliú ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla chun bonn eolais a chur faoi infheictheacht agus faoi shainiú an limistéir staidéir;
•    Deimhnítear san fhianaise bhonnlíne: 
o    nach bhfuil aon tírdhreacha áille ainmnithe ná aon ghabhdóirí an-íogair tírdhreacha i láthair; agus/nó
o    go bhfuil infheictheacht theoranta ann ó ghabhdóirí cónaithe nó ó ghabhdóirí íogaire eile;
•    Tugadh údar réasúnaithe leis an limistéar staidéir atá beartaithe, leis an líon ionad amhairc agus le suíomh na n-ionad amhairc; agus
•    Sainaithníodh prionsabail chaighdeánacha dearaidh agus mhaolaithe chun éifeachtaí tírdhreacha agus amhairc a theorannú.

9.10    Torann agus Tonnchrith
Comhthéacs
Ba cheart a mhíniú go soiléir agus go hachomair sa Tuarascáil Scóipeála na tosca iomchuí a mhéid a bhaineann siad le torann agus tonnchrith i gcás go bhféadfadh gníomhaíochtaí tógála nó tuirbíní oibríochtúla difear a dhéanamh do Shuíomhanna atá Íogair i leith Torainn, lena n-áirítear teaghaisí agus gabhdóirí íogaire eile.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun gabhdóirí agus an timpeallacht glactha a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Suíomh agus dáileadh na Suíomhanna atá Íogair i leith Torainn atá suite laistigh de limistéar staidéir cuí;
•    Tuairisc ar an timpeallacht torainn atá ann cheana, lena n-áirítear sainghné tuaithe nó uirbeach agus tionchar na bhfeirmeacha gaoithe atá ann cheana nó foinsí eile torainn; agus
•    Aon ghabhdóirí/Suíomhanna atá Íogair i leith Torainn a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith faoi réir neamhchosaint charnach ar thorann.

Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí torainn agus tonnchreatha a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Suíomhanna atá Íogair i leith Torainn a bheith i láthair laistigh d’achair: 
o    ina bhféadfadh torann tuirbíní oibríochtúla a bheith inbhraite; agus/nó
o    ina bhféadfadh torann tógála a bheith de chineál faidréiseach nó dian.
•    Leagan amach beartaithe tuirbíní nó teicneolaíocht bheartaithe tuirbíní lena mbaineann: 
o    acmhainneacht le haghaidh torann tonúil, torann ísealmhinicíochta nó modhnú aimplitiúide.
•    Fianaise ar shrianta torainn atá ann cheana nó ar neamhchosaint charnach ón méid seo a leanas: 
o    feirmeacha gaoithe eile; agus/nó
o    foinsí iompair nó tionsclaíocha.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    na critéir iomchuí thorainn a shárú; agus/nó
o    éifeachtaí carnacha torainn oibríochtúil.

Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    An cur chuige beartaithe i leith an mheasúnacht agus aon suirbhé tacaíochta a dhéanamh ar thorann agus tonnchrith, agus tagairt á déanamh do na Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006) agus i gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022) agus le caighdeáin/dea-chleachtas iomchuí eile; agus
•    An cur chuige i leith limistéir staidéir a shainiú agus i leith gabhdóirí ionadaíocha a roghnú.
Réamhbhearta maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Mionchoigeartú leagan amach tuirbíní agus achair scartha; 
•    Bearta bainistíochta tógála, lena n-áirítear uaireanta oibre agus rialuithe gníomhaíochta; agus
•    Rialuithe oibríochtúla, i gcás gur gá, chun comhlíonadh a chinntiú, lena n-áirítear comhlíonadh i gcás sainghné speisialta torainn.
Scóipeáil Amach
Féadfar éifeachtaí torainn agus tonnchreatha a scóipeáil amach i gcás go dtabharfaidh dálaí torainn bonnlíne, dáileadh gabhdóirí agus saintréithe na forbartha beartaithe le fios gur beag dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha ann.
I gcás gurb íseal atá na leibhéil torainn bonnlíne, gur sealadach agus áitiúil a bheidh na gníomhaíochtaí tógála agus go dtabharfar le fios i réamhbhreithmheas gur féidir le torann oibríochtúil na critéir atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006) a chomhlíonadh, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí torainn agus tonnchreatha. In imthosca den sórt sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach, agus féadfaidh go n-áireofar leis sin fothopaicí áirithe torainn agus tonnchreatha a scóipeáil amach, mar shampla:
•    Tonnchrith tógála; 
•    Tonnchrith oibríochtúil;
•    Torann tráchta cothabhála; agus
•    Torann díchoimisiúnaithe.
Sna cásanna sin, féadfar an mheasúnacht a dhíriú go comhréireach ar bhreithmheas ar leibhéal scagtha agus ar mheasúnacht chainníochtúil spriocdhírithe ag Suíomhanna ionadaíocha atá Íogair i leith Torainn, gan aon ghá le faireachán ná samhaltú fairsing bonnlíne a dhéanamh ag an gcéim scóipeála.
Tá torann agus tonnchrith fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart méid agus leibhéal na measúnachta a bheith ag teacht le híogaireacht gabhdóirí, le fad na ngníomhaíochtaí agus leis an dóchúlacht go sárófar na teorainneacha treorach iomchuí, i gcomhréir le cur chuige comhréireach fianaisebhunaithe.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Sainaithníodh Suíomhanna atá Íogair i leith Torainn atá suite laistigh den limistéar staidéir agus léarscáilíodh iad;
•    Taifeadadh saintréithe na ndálaí torainn bonnlíne ar leibhéal dóthanach;
•    Léirítear i réamhbhreithmheas go gcomhlíonfar na critéir iomchuí maidir le torann agus tonnchrith tógála agus oibríochtúil;
•    Sainíodh fad agus cineál na ngníomhaíochtaí tógála; agus
•    Sainaithníodh bearta caighdeánacha maolaithe agus ceangaltais chaighdeánacha mhaolaithe, lena n-áirítear bearta bainistíochta tógála agus rialuithe oibríochtúla, i gcás gur gá, lena n-áirítear sainghné torainn oibríochtúil (modhnú aimplitiúide agus torann tonúil)

9.11    Preabadh Scátha 
Comhthéacs
 

Is é is preabadh scátha ann ná éifeacht oibríochtúil fhéideartha a bhaineann le tuirbíní gaoithe ar talamh, áit a gcaitheann lanna a bhíonn ag rothlú scáthanna go headrannach ar fhoirgnimh áitithe, lena n-áirítear teaghaisí agus oifigí. 

Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun gabhdóirí a bhféadfadh preabadh scátha difear a dhéanamh dóibh a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Foirgnimh áitithe/ceadanna atá ar marthain a shainaithint ina bhféadfadh daoine a bheith i láthair ar feadh tréimhsí fada, eadhon teaghaisí agus oifigí, laistigh den achar scagtha iomchuí ó na tuirbíní beartaithe; agus
•    Tuairisc ar an ngaol spásúil ginearálta idir na tuirbíní agus na gabhdóirí (achar, treoshuíomh).
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí preabadh scátha a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Foirgnimh áitithe, lena n-áirítear teaghaisí agus oifigí, agus ceadanna atá ar marthain a bheith i láthair laistigh d’achair scagtha iomchuí preabadh scátha; 
•    Leagan amach, airde nó treoshuíomh tuirbíní a d’fhéadfadh scáthanna a chaitheamh go tréimhsiúil ar ghabhdóirí; 
•    Acmhainneacht le haghaidh éifeachtaí carnacha preabadh scátha a dhéanfadh difear do na gabhdóirí céanna; agus
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    tairseacha treoirlíne a shárú; agus/nó
o    ath-neamhchosaint nó neamhchosaint fhaidréiseach.
Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    Paraiméadair na dTreoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006) (30 uair an chloig in aghaidh na bliana/30 nóiméad in aghaidh an lae; íseal-acmhainneacht lasmuigh de dheich dtrastomhas rótair) a chur i bhfeidhm, mar aon leis na moltaí atá leagtha amach i ndréacht-Treoirlínte 2019 a chur i bhfeidhm.
•    Bogearraí aitheanta um preabadh scátha a shamhaltú a úsáid ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, i gcás gur gá; agus
•    Cásanna teoiriciúla agus réalaíocha a bhreithniú. I gcás go dtaispeánfar sa scagadh nach ann d’aon chonair inchreidte, ní bheidh gá le haon mheasúnacht mhionsonraithe a dhéanamh.
Réamhbhearta maolaithe

Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Micreashuí tuirbíní nó mionchoigeartú leagan amach; agus
•    Rialú nó ciorrú tuirbíní oibríochtúla, i gcás gur gá. 
Scóipeáil Amach

Féadfaidh go dtiocfaidh éifeachtaí preabadh scátha chun cinn le linn chéim oibríochtúil na forbartha fuinnimh gaoithe ar talamh i gcás go mbeidh tuirbíní gaoithe suite i ngar do ghabhdóirí cónaithe agus go bhféadfaí scáthanna a chaitheamh go tréimhsiúil faoi uillinneacha gréine agus dálaí oibríochtúla ar leith. Sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006), tugtar le fios nár cheart preabadh scátha a bheith ann ar feadh níos mó ná 30 uair an chloig in aghaidh na bliana ag aon teaghais de ghnáth, agus tugtar faoi deara gur gnách go gcuireann achar scartha de thart ar 500 m ó réadmhaoine cónaithe teorainn leis an acmhainneacht go dtiocfadh éifeachtaí den sórt sin chun cinn. Leagtar amach an méid seo a leanas i ndréacht-Treoirlínte 2019: “Má thugtar le fios le samhail oiriúnach um preabadh scátha a thuar go bhféadfadh preabadh scátha tarlú ag aon teaghais ar leith nó ag aon réadmhaoin eile a bhféadfaí difear a dhéanamh di, beidh gá le dearadh an láithreáin a athbhreithniú, áit a bhféadfaí tuirbín amháin nó níos mó a athlonnú chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann an preabadh scátha féideartha a dhíothú. Tar éis athbhreithniú den sórt sin, más rud é nach ndíothófar preabadh scátha d’aon teaghais ná d’aon réadmhaoin eile a bhféadfaí difear a dhéanamh di, ba cheart bearta atá sonraithe go soiléir lena ndéantar socrú do mhúchadh uathoibrithe tuirbíní chun preabadh scátha a dhíothú a cheangal mar choinníoll le haghaidh cead a dheonú”.

Féadfar éifeachtaí preabadh scátha a scóipeáil amach, mar shampla, i gcás go dtaispeánfar sa scagadh nach bhfuil aon ghabhdóirí cónaithe íogaire i láthair laistigh den achar scagtha iomchuí agus i gcás go dtabharfaidh tosca atá sonrach don láithreán, amhail leagan amach, treoshuíomh agus topagrafaíocht tuirbíní, le fios nach ann d’aon chonair inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann. Is féidir bogearraí aitheanta um preabadh scátha a shamhaltú a úsáid chun preabadh scátha a dhíothú, agus moltar go ndéanfaí amhlaidh. 
Toisc gur éifeacht a tharlaíonn le linn na céime oibríochtúla agus le linn na céime sin amháin é preabadh scátha, féadfar na céimeanna tógála agus díchoimisiúnaithe a scóipeáil amach. 
Tá preabadh scátha fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, i gcás go dtabharfaidh dáileadh gabhdóirí agus saintréithe na forbartha beartaithe le fios gur beag dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha ann, féadfar leibhéal na measúnachta a laghdú go comhréireach agus é a theorannú do chonclúidí scagtha a dheimhniú, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe cás ar chás atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006).
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:

•    Rinneadh scagadh preabadh scátha i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006) agus leis na moltaí atá leagtha amach i ndréacht-Treoirlínte 2019;
•    Deimhnítear sa scagadh nach bhfuil aon ghabhdóirí cónaithe suite laistigh den achar scagtha preabadh scátha is infheidhme; agus
•    Tugadh ráiteas soiléir lena ndeimhnítear nach ann d’aon éifeacht oibríochtúil inchreidte le haghaidh preabadh scátha.
•    Tá sé beartaithe trealamh cuí agus bogearraí ríomhaireachta cuí a úsáid laistigh de na tuirbíní. 
 


9.12
Air and Climate

 

Comhthéacs
Tá aercháilíocht agus aeráid i measc na dtosca iomchuí maidir le forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh, toisc go mbíonn éifeachtaí aercháilíochta teoranta de ghnáth do ghníomhaíochtaí tógála agus díchoimisiúnaithe agus toisc go mbaineann tosca aeráide go príomha le hathléimneacht agus le hoiriúnú seachas le hastaíochtaí oibríochtúla. 
Timpeallacht Bhonnlíne
San fhaisnéis bhonnlíne, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an gcomhthéacs ginearálta aeir agus aeráide, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Gabhdóirí íogaire a shainaithint atá suite i ngar do ghníomhaíochtaí tógála agus díchoimisiúnaithe; 
•    Tuairisc ar an gcomhthéacs áitiúil aercháilíochta; 
•    Tagairt do shrianta iomchuí aeráide, amhail riosca tuilte. 

Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí aercháilíochta agus aeráide a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Gníomhaíochtaí tógála agus díchoimisiúnaithe lena mbaineann: 
o    fad fada;
o    ardmhéideanna tráchta;
o    gaireacht do ghabhdóirí íogaire.
•    Fianaise ar shrianta aercháilíochta atá ann cheana nó ar thimpeallachtaí glactha íogaire atá ann cheana; 
•    Tosca aeráide, i gcás: 
o    go bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe a bheith leochaileach i leith tuilte nó adhaimsire; agus/nó
o    go dtabharfaidh dálaí láithreáin le fios go bhféadfadh fadhbanna athléimneachta nó oiriúnaithe a bheith ann.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    deannach suntasach nó astaíochtaí suntasacha le linn na céime tógála; agus/nó
o    éifeachtaí carnacha aercháilíochta le linn tréimhsí tógála a fhorluíonn ar a chéile.
Modheolaíocht measúnachta

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    Cur chuige comhréireach rioscabhunaithe i leith measúnacht aercháilíochta, bunaithe ar íogaireacht gabhdóirí agus ar scála na gníomhaíochta; 
•    An cur chuige beartaithe i leith measúnacht a dhéanamh ar dheannach agus astaíochtaí na céime tógála/díchoimisiúnaithe, i gcás gurb iomchuí; 
•    An cur chuige i leith aghaidh a thabhairt ar athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ar oiriúnú don aeráid, áit a bpléifear na tairbhí a ghabhann le maolú ar an athrú aeráide i rannáin ina dtugtar tuairisc ar bheartais nó ar an tionscadal seachas iad a phlé mar éifeachtaí comhshaoil; agus
•    An limistéar/na limistéir staidéir atá beartaithe.
Réamhbhearta maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe: 
•    Bearta caighdeánacha rialaithe deannaigh agus astaíochtaí; agus
•    Bearta dearaidh lena gcothaítear athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, lena n-áirítear tosca draenála agus suímh. 

Scóipeáil Amach
Aer 
Féadfar éifeachtaí aercháilíochta a scóipeáil amach i gcás go dtabharfaidh dálaí bonnlíne agus cineál na forbartha beartaithe le fios gur ann do ghabhdóirí íseal-íogaireachta agus do bheagán acmhainneachta le haghaidh astaíochtaí.
Is annamh a thagann astaíochtaí rialta aercháilíochta as forbairtí oibríochtúla fuinnimh gaoithe ar talamh. Is gnách gur éifeachtaí gearrthéarmacha áitiúla iad na héifeachtaí a tharlaíonn le linn na céime tógála, agus iad ag baint go príomha le gluaiseacht feithiclí, le hoibreacha créfoirt agus le giniúint deannaigh.  Mar shampla, i gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne gur ann d’aercháilíocht mhaith agus d’fhad gearr tógála agus nach ann d’aon ghabhdóirí íogaire in aice láimhe, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí aercháilíochta, agus féadfar aghaidh a thabhairt orthu trí bhreithmheas cáilíochtúil, le tacaíocht ó bhearta caighdeánacha rialaithe deannaigh.
I gcás go gcuirtear maolú caighdeánach dea-chleachtais i bhfeidhm, is gnách gur astaíochtaí neamhbhuana, áitiúla agus in-aisiompaithe iad astaíochtaí deannaigh agus tráchta le linn na céime tógála. Is gnách gur éifeachtaí diomaibhseacha iad éifeachtaí le linn na céime oibríochtúla, áit a mbíonn astaíochtaí teoranta do thrácht ainmhinic cothabhála.
Dá réir sin, i gcás gur féidir a thaispeáint nach ann d’aon chonair inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha aercháilíochta ar dóigh dóibh a bheith ann le linn na céime tógála, na céime oibríochtúla nó na céime díchoimisiúnaithe, féadfar na héifeachtaí a scóipeáil amach, agus ní bheidh aon ghá le measúnacht chainníochtúil mhionsonraithe a dhéanamh.
Aeráid (Comhardú Carbóin)
Is go príomha le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide, agus ní le héifeachtaí dochracha suntasacha ar an gcomhshaol, a bhaineann tosca aeráide i gcás forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh. I gcás go ndearfar bonneagar i gcomhréir le caighdeáin reatha agus go mbeidh an dearadh sin bunaithe ar fhaisnéis bhonnlíne maidir le riosca tuilte, le draenáil agus leis an gcomhthéacs aeráide, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí aeráide.
I gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), níl na tairbhí a ghabhann le maolú ar an athrú aeráide a bhaineann le forbairt fuinnimh in-athnuaite astu féin ina n-éifeachtaí comhshaoil lena measúnú laistigh de thuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta agus, dá bhrí sin, níor cheart iad a bheith i measc na bpríomhthosca agus cinntí scóipeála á ndéanamh. Agus breithniú á dhéanamh ar an aeráid ag an gcéim scóipeála, ba cheart a dhíriú ar cé acu a thiocfaidh nó nach dtiocfaidh as an bhforbairt bheartaithe éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann mar thoradh ar leochaileacht na forbartha beartaithe i leith an athraithe aeráide agus mar thoradh ar an gcumas athléimneachta agus oiriúnaithe atá aici.
Tá aer agus aeráid fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na measúnachta a bheith ag teacht le híogaireacht gabhdóirí, le scála na gníomhaíochta agus le cineál na gconairí féideartha, i gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022).
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Sainaithníodh gníomhaíochtaí tógála a d’fhéadfadh deannach nó astaíochtaí a ghiniúint;
•    Sainaithníodh gabhdóirí íogaire atá suite laistigh den limistéar staidéir;
•    Tugadh tuairisc ar aercháilíocht bhonnlíne agus ar an gcomhthéacs aeráide bonnline ar leibhéal atá dóthanach chun bonn eolais a chur faoi scóipeáil, bunaithe ar fhaisnéis deisce faoi aercháilíocht atá ann cheana, faoi íogaireacht gabhdóirí agus faoi dhálaí aeráide atá iomchuí don fhorbairt bheartaithe;
•    Níltear ag coinne le haon astaíochtaí oibríochtúla aercháilíochta; agus
•    Sainaithníodh bearta caighdeánacha maolaithe agus bearta leabaithe dearaidh, lena n-áirítear bearta rialaithe deannaigh agus bearta um athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide (e.g., dearadh draenála, seachaint riosca tuilte). 


9.13    Oidhreacht Chultúrtha 
Comhthéacs

Is toisc iomchuí í an oidhreacht chultúrtha i gcás go bhféadfadh forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh difear a dhéanamh do shócmhainní oidhreachta seandálaíochta, ailtireachta nó cultúrtha, cibé acu go díreach trí shuaitheadh talún nó go hindíreach trí éifeachtaí ar shuíomh nó comhthéacs an tírdhreacha oidhreachta cultúrtha i gcoitinne nó ar an léirthuiscint dó.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun íogaireachtaí oidhreachta a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Sócmhainní taifeadta oidhreachta seandálaíochta agus ailtireachta a shainaithint; 
•    Tuairisc ar chomhthéacs an tírdhreacha oidhreachta; agus
•    Tagairt don acmhainneacht le haghaidh idir-infheictheacht idir an fhorbairt bheartaithe agus sócmhainní oidhreachta, bunaithe ar réamhanailís ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla agus ar bhreithmheas láithreáin, i gcás gurb iomchuí.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí oidhreachta cultúrtha a mheasúnú go hiomlán ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Sócmhainní ainmnithe nó neamhainmnithe oidhreachta a bheith i láthair laistigh den limistéar staidéir.
•    Fianaise ar acmhainneacht le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    suaitheadh díreach d’iarsmaí seandálaíochta; agus/nó
o    athruithe ar an suíomh, ar an gcomhthéacs nó ar an léirthuiscint.
•    breithmheas ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla nó breithmheas láithreáin, rud ina léirítear: 
o    idir-infheictheacht idir tuirbíní agus gabhdóirí oidhreachta.
•    Conairí inchreidte le haghaidh an mhéid seo a leanas: 
o    éifeachtaí ar shuntasacht nó luach sócmhainní oidhreachta; agus/nó
o    éifeachtaí carnacha oidhreachta in éineacht le forbairtí eile.
Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa Mhodheolaíocht Measúnachta:
•    An creat beartaithe measúnachta oidhreachta, lena n-áirítear staidéar deisce agus suirbhé allamuigh, i gcás gur gá;
•    An cur chuige i leith scagadh agus measúnacht a dhéanamh ar éifeachtaí ar shócmhainní oidhreachta agus ar a suíomhanna, lena n-áirítear an t-údar le sócmhainní a áireamh lena measúnú tuilleadh nó le hiad a eisiamh óna measúnú tuilleadh, agus aird á tabhairt ar achar, ar infheictheacht, ar íogaireacht, agus ar an acmhainneacht le haghaidh athrú inbhraite ar shuntasacht, bunaithe ar anailís ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla, i gcás gurb iomchuí;
•    An cur chuige i leith éifeachtaí carnacha oidhreachta a bhreithniú; agus
•    An limistéar/na limistéir staidéir atá beartaithe.
Réamhbhearta maolaithe
Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Sócmhainní oidhreachta a sheachaint trí dhearadh; agus
•    Bearta tástála, faireacháin nó caomhnaithe seandálaíochta, i gcás gur gá.

Scóipeáil Amach 
Féadfar éifeachtaí oidhreachta cultúrtha a scóipeáil amach i gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne laistigh den láithreán agus timpeall air gur ann d’íseal-íogaireacht oidhreachta agus nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann, i gcomhréir leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022).

I gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne saintréithe amhail sócmhainní ainmnithe agus neamhainmnithe oidhreachta cultúrtha a bheith suite achar dóthanach ar shiúl ón bhforbairt bheartaithe agus sócmhainní den sórt sin a bheith suite lasmuigh den chrios infheictheachta teoiriciúla, ach gan a bheith teoranta dóibh, agus/nó i gcás go mbeidh saintréithe na timpeallachta glactha de chineál nach dtiocfadh aon athrú inbhraite as an bhforbairt bheartaithe, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí oidhreachta cultúrtha. In imthosca den sórt sin, beidh na héifeachtaí féideartha teoranta d’athruithe diomaibhseacha, lena n-áirítear athruithe ar an suíomh, ar an gcomhthéacs nó ar an léirthuiscint, arb athruithe iad nach ndéanfadh aon difear do shuntasacht ná luach oidhreachta na sócmhainne. 
Tá an oidhreacht chultúrtha fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ní bheidh gá le measúnacht mhionsonraithe a dhéanamh ar éifeacht, lena n-áirítear éifeachtaí ar an suíomh, ar ghaolta amhairc agus ar an léirthuiscint don chomhthéacs, ach amháin i gcás go sainaithneofar i mbreithmheas atá sonrach don láithreán nó in anailís ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla go bhféadfadh athrú inbhraite a bheith ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shuntasacht aon sócmhainne oidhreachta, i gcomhréir leis an gcur chuige um measúnacht cás ar chás atá leagtha amach sna Treoirlínte maidir le Fuinneamh Gaoithe a Fhorbairt (2006).
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Rinneadh athbhreithniú deisce ar shócmhainní ainmnithe agus neamhainmnithe oidhreachta cultúrtha atá suite laistigh den limistéar staidéir;
•    Úsáideadh anailís ar an gcrios infheictheachta teoiriciúla chun bonn eolais a chur faoi chonairí féideartha amhairc agus suímh;
•    Deimhnítear san fhianaise bhonnlíne:
o    gur ann d’achar dóthanach idir an fhorbairt bheartaithe agus sócmhainní oidhreachta; agus
o    go ndearnadh scagadh éifeachtach de réir tírghné agus/nó fásra; agus
•    Tugadh údar soiléir le gan aon suirbhé cunórach a dhéanamh i gcás nach ann d’aon chonair inchreidte le haghaidh tionchair.


9.14    Sócmhainní Ábhartha 
Comhthéacs
Is iomchuí atá sócmhainní ábhartha i gcás go bhféadfadh forbairt fuinnimh gaoithe ar talamh idirghníomhú le gréasáin iompair, le córais bainistíochta dramhaíola, le bonneagar, le leasanna eitlíochta nó le córais teileachumarsáide.
Timpeallacht Bhonnlíne
Ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis bhonnlíne a úsáid chun bonneagar iomchuí, srianta iomchuí agus conairí iomchuí dramhaíola a shainaithint, agus is gnách go n-áireofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis sin:
•    Bealaí rochtana tógála agus an gréasán bóithre áitiúla a shainaithint; 
•    Tuairisc ar lonnaíochtaí agus gabhdóirí in aice láimhe atá iomchuí d’éifeachtaí tráchta; 
•    Srianta eitlíochta agus teileachumarsáide atá ar eolas a shainaithint; 
•    An bonneagar bainistíochta dramhaíola atá ann cheana a shainaithint atá iomchuí don fhorbairt bheartaithe, lena n-áirítear infhaighteacht saoráidí ceadúnaithe le haghaidh dramhaíl tógála agus scartála; agus
•    Aon srianta atá sonrach don láithreán agus atá iomchuí do bhainistíocht dramhaíola a shainaithint, amhail rochtain theoranta, suíomhanna iargúlta, nó gabhdóirí atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de.
Príomh-Shaincheisteanna agus Raon Feidhme
Is dóigh go mbeidh gá le fothopaicí nó éifeachtaí a bhaineann le sócmhainní ábhartha a mheasúnú tuilleadh ag céim na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas i gceist:
•    Trácht: 
o    Trácht tógála nó trácht ualaigh neamhghnách a ródú trí lonnaíochtaí, trí ghabhdóirí íogaire nó trí chodanna srianta den ghréasán bóithre nó in aice leo, agus acmhainneacht ann le haghaidh éifeachtaí ar thaitneamhacht, ar shábháilteacht nó ar scoitheadh;
o    Riachtanas le leathnú bóithre, le mionathruithe ar acomhail, le neartú droichead nó le hathruithe buana eile ar bhonneagar iompair; agus/nó
o    Acmhainneacht inchreidte go dtiocfadh éifeachtaí carnacha tráchta chun cinn de dheasca céimeanna tógála a bheith ag forluí le forbairtí eile.
•    Bainistíocht Dramhaíola: 
o    Gníomhaíochtaí tógála nó díchoimisiúnaithe ar dóigh dóibh cainníochtaí suntasacha dramhaíola, dramhaíola guaisí nó ábhair thochailte barrachais a chruthú ar gá iad a dhiúscairt nó a aisghabháil lasmuigh den láithreán;
o    Srianta atá sonrach don láithreán agus a dhéanann difear do stóráil, leithscaradh, athúsáid nó iompar dramhaíola; agus/nó
o    Acmhainneacht inchreidte le haghaidh éifeachtaí carnacha bainistíochta dramhaíola i gcás go nginfeadh forbairtí iomadúla dramhaíl laistigh den aon cheantar amháin nó den aon chreat ama amháin.
•    Eitlíocht:
o    Aeradróim, héileapadanna, bonneagar radair, conairí eitilte nó leasanna cosanta atá faoi choimirciú a bheith suite laistigh d’achar comhchomhairliúcháin iomchuí ón bhforbairt bheartaithe;
o    Airde nó leagan amach tuirbíní a d’fhéadfadh cur isteach ar shábháilteacht eitlíochta, ar loingseoireacht nó ar chórais radair; agus/nó
o    Freagraí comhchomhairliúcháin ina sainaithnítear srianta féideartha eitlíochta nó riachtanais le maolú.
•    Teileachumarsáid:
o    Nasc-chonairí seasta, bonneagar craolacháin nó suiteálacha teileachumarsáide a bheith i láthair, agus acmhainneacht ann le haghaidh trasnaíocht ó struchtúir tuirbíní;
o    Fianaise go bhféadfaí difear a dhéanamh don líne radhairc nó do shláine comharthaí; agus/nó
o    Freagraí comhchomhairliúcháin ina sainaithnítear tionchair fhéideartha ar sheirbhísí teileachumarsáide.
Modheolaíocht measúnachta
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas sa mhodheolaíocht measúnachta:
•    An cur chuige beartaithe i leith trácht a mheasúnú, lena n-áirítear limistéir staidéir chuí a shainiú, gabhdóirí agus bealaí iomchuí a shainaithint, agus scagadh comhréireach a dhéanamh in aghaidh na dtairseach is infheidhme, agus an mheasúnacht dírithe ar thrácht tógála agus ar thrácht ualaigh neamhghnách, i gcás gurb iomchuí;
•    An cur chuige i leith comhchomhairliúchán eitlíochta agus teileachumarsáide, lena n-áirítear comhlachtaí iomchuí coimircithe a shainaithint, na hachair chomhchomhairliúcháin a chuirfear i bhfeidhm a dheimhniú, agus an bonn le haghaidh a chinneadh an mbeidh gá le measúnacht mhionsonraithe nó le maolú;
•    An cur chuige i leith éifeachtaí carnacha ar shócmhainní ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, i gcás gurb iomchuí, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar thréimhsí forluiteacha tógála, ar bhonneagar comhroinnte nó ar ghabhdóirí coiteanna;
•    An cur chuige beartaithe i leith dramhaíl a mheasúnú, ar cur chuige é a bheidh i gcomhréir le scála agus cineál na forbartha beartaithe, lena n-áirítear:
o    na príomhshruthanna dramhaíola le linn na céime tógála agus na céime díchoimisiúnaithe a shainaithint;
o    a dheimhniú go mbainisteofar dramhaíl i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola;
o    a dheimhniú gurb iad conraitheoirí údaraithe a láimhseálfaidh dramhaíl agus go ndéanfar í a dhiúscairt nó a aisghabháil ag saoráidí ceadúnaithe; agus
o    a dheimhniú go n-áiritheofar bearta mionsonraithe bainistíochta dramhaíola trí Phlean Bainistíochta Comhshaoil Tógála agus, i gcás gurb iomchuí, trí Phlean Bainistíochta Dramhaíola atá sonrach don tionscadal.
Réamhbhearta maolaithe

Féadfaidh go n-áireofar iad seo a leanas le prionsabail réamh-mhaolaithe:
•    Gealltanas cloí le Plean Bainistíochta Tráchta Tógála; 
•    Bearta ródaithe, uainiúcháin agus coimircithe le haghaidh gluaiseachtaí feithiclí earraí troma agus neamhghnácha; 
•    Cleachtais chuí bainistíochta dramhaíola a chur i bhfeidhm, ar cleachtais iad a bheidh i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, lena n-áirítear íoslaghdú, leithscaradh, athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola; agus
•    Gealltanas dramhaíl tógála agus díchoimisiúnaithe a bhainistiú ar aon dul leis an bPlean Bainistíochta Comhshaoil Tógála, lena n-áirítear úsáid a bhaint as saoráidí ceadúnaithe agus as nósanna imeachta coimeád taifead.

Scóipeáil Amach
Trácht
Féadfar éifeachtaí tráchta ag an gcéim oibríochtúil a scóipeáil amach i gcás go dtabharfaidh dálaí bonnlíne agus saintréithe na forbartha beartaithe le fios gur beag dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha ann, áit a mbeidh na tionchair teoranta don chéim tógála de ghnáth.
I gcás go dtaispeánfar san fhaisnéis bhonnlíne go bhfuil na bealaí rochtana atá ann cheana de chaighdeán oiriúnach, gur féidir freastal ar ualaí neamhghnácha gan aon athrú a dhéanamh ar an mórbhealach, agus go mbeidh na méideanna tráchta tógála íseal i gcoibhneas le sreafaí bonnlíne, ní dóigh gur éifeachtaí suntasacha a bheidh sna héifeachtaí iompair agus tráchta. In imthosca den sórt sin, is gnách go mbeidh na héifeachtaí teoranta do ghluaiseachtaí gearrthéarmacha feithiclí le linn na céime tógála, agus is féidir aghaidh a thabhairt orthu go comhréireach trí bhreithmheas ardleibhéil a mbeidh Plean Bainistíochta Tráchta Tógála mar thaca leis. Ní gnách go mbíonn gá le samhaltú mionsonraithe i gcás nach bhfuil aon fhianaise ann go dtiocfaidh athruithe suntasacha ar dhálaí tráchta, ar shábháilteacht ar bhóithre ná ar scaradh. Mar shampla, is gnách go ndéantar na fothopaicí seo a leanas a scóipeáil amach: 
•    Trácht na céime oibríochtúla agus na céime díchoimisiúnaithe;

Tá trácht fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart leibhéal na measúnachta a bheith ag teacht le scála agus fad an tráchta, le híogaireacht gabhdóirí agus leis an dóchúlacht go dtiocfaidh éifeachtaí suntasacha chun cinn.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Sainaithníodh gluaiseachtaí feithiclí a bhfuiltear ag coinne leo de réir céime (cineál, líon agus fad);
•    Sainíodh an ródú beartaithe feithiclí agus na pointí beartaithe rochtana;
•    Taifeadadh saintréithe an ghréasáin bóithre áitiúla;
•    Rinneadh scagadh in aghaidh tairseacha iomchuí; agus
•    Tugadh gealltanas Plean Bainistíochta Tráchta Tógála a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Giniúint Dramhaíola
Féadfar éifeachtaí dramhaíola a scóipeáil amach i gcás go dtabharfaidh cineál na forbartha beartaithe le fios gur beag an méid dramhaíola oibríochtúla a ghinfear agus nach dóigh go mbeidh giniúint dramhaíola ina cúis le héifeachtaí suntasacha ar an gcomhshaol.
Ní thagann ach méid beag dramhaíola as forbairtí oibríochtúla fuinnimh gaoithe ar talamh de ghnáth, áit a mbaineann an dramhaíl sin den chuid is mó le gnáthghníomhaíochtaí cothabhála. Dá réir sin, is annamh a thagann aon éifeachtaí suntasacha as dramhaíl oibríochtúil, agus is féidir aghaidh a thabhairt uirthi ar leibhéal nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna, áit a mbeidh an mheasúnacht dírithe ar bhainistíocht dramhaíola tógála agus díchoimisiúnaithe agus uirthi sin amháin.
Tá dramhaíl fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Mar sin féin, ba cheart raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na measúnachta a bheith comhréireach le scála agus cineál na dramhaíola a thiocfaidh chun cinn agus leis an acmhainneacht le haghaidh éifeachtaí suntasacha.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Sainaithníodh na sruthanna agus na cainníochtaí dramhaíola a bhfuiltear ag coinne leo;
•    Bainisteofar dramhaíl ar mhodh a chloífidh le hord na réiteach dramhaíola; agus
•    Cuirfear bearta cuí faireacháin agus bainistíochta chun feidhme chun comhlíonadh a chinntiú.

Eitlíocht agus Teileachumarsáid
Féadfar éifeachtaí eitlíochta agus teileachumarsáide a scóipeáil amach i gcás go ndeimhneofar le comhchomhairliúchán nach bhfuil aon srianta ná aon leasanna coimircithe i láthair agus i gcás nach sainaithneofar aon chonair inchreidte le haghaidh trasnaíochta.
I gcás go ndeimhneofar le comhchomhairliúchán le geallsealbhóirí iomchuí nach bhfuil aon aeradróim, aon chumhdach radair, aon leasanna cosanta ná aon srianta teileachumarsáide atá faoi choimirciú i láthair, ní dóigh go dtiocfaidh aon éifeachtaí eitlíochta agus teileachumarsáide chun cinn. In imthosca den sórt sin, ní bheidh gá le measúnacht mhionsonraithe a dhéanamh ach amháin i gcás go sainaithneofar le comhchomhairliúchán go bhféadfadh trasnaíocht a bheith ann.

Tá an eitlíocht agus an teileachumarsáid fós i measc na dtosca comhshaoil a thagann faoi raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. I gcás nach sainaithneofar aon éifeacht inchreidte, áfach, féadfar an mheasúnacht a theorannú d’fhianaise comhchomhairliúcháin agus do shrianta a dheimhniú, i gcomhréir le cur chuige comhréireach rioscabhunaithe.
Beidh an cur chuige sin inghlactha i gcás go dtaispeánfar an méid seo a leanas i bhfianaise chomhréireach:
•    Rinneadh comhchomhairliúchán leo seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
o    údaráis eitlíochta, geallsealbhóirí cosanta agus radair, agus oibritheoirí teileachumarsáide; 
•    Fuarthas deimhniú nach bhfuil aon srianta aeradróim radair ná teileachumarsáide atá faoi chosaint i gceist.
 

9.15    Éifeachtaí Carnacha 
Ceann de na ceanglais faoin Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta is ea éifeachtaí carnacha a bhreithniú. Ba cheart an ceanglas sin a chur i bhfeidhm go comhréireach, agus díriú á leagan ar na comhcheangail éifeachtaí sin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí suntasacha carnacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
Féadfaidh go dtiocfaidh éifeachtaí carnacha chun cinn trí idirghníomhaíocht idir éifeachtaí difriúla a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe féin nó trí charnadh éifeachtaí le forbairtí eile atá ann cheana, atá ceadaithe nó atá intuartha le réasún. Ba cheart an dá ghné sin a bhreithniú ag an gcéim scóipeála i gcás go mbeidh acmhainneacht ann le haghaidh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann.
Sna Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022), tarraingítear aird ar an ngá atá le breithniú a dhéanamh ar éifeachtaí carnacha agus ar idirghníomhaíochtaí idir éifeachtaí, ós rud é go bhféadfaidh go n-imreoidh an dóigh a bhfeidhmíonn éifeachtaí le chéile tionchar ar shuntasacht éifeachtaí.

Carnadh Éifeachtaí le Forbairtí Iomchuí Eile
Féadfaidh go dtiocfaidh éifeachtaí carnacha chun cinn i gcás go ngníomhóidh an fhorbairt bheartaithe i gcomhcheangal le forbairtí eile chun difear a dhéanamh don aon ghabhdóir comhshaoil amháin. Féadfaidh go dtarlóidh na héifeachtaí sin le linn aon chéime d’fhorbairt bheartaithe, lena n-áirítear an chéim tógála, an chéim oibríochtúil nó an chéim díchoimisiúnaithe.
Ceann de na buncheanglais a bhaineann le héifeachtaí carnacha a bhreithniú is ea na forbairtí sin a shainaithint a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe idirghníomhú leo le réasún chun éifeachtaí carnacha a chruthú. Is gnách go dtugtar gearrliostú ar an bpróiseas sin.

Chun tacú le cur chuige struchtúrtha trédhearcach i leith gearrliostú, moltar d’iarratasóirí creat céimnithe éifeachtaí carnacha a ghlacadh, cosúil leis an gcreat sin atá leagtha amach sa treoir ón gCigireacht Pleanála maidir le Tionscadail Bhonneagair a bhfuil Suntasacht Náisiúnta leo: Comhairle maidir le Measúnacht ar Éifeachtaí Carnacha (2024).
Cur Chuige Céimnithe i leith Éifeachtaí Carnacha a Ghearrliostú (Le Breithniú) 
Tá ceithre chéim i gceist leis an gcur chuige céimnithe:

Céim 1 – Liosta fada
Céim 2 – Gearrliosta
Céim 3 – Faisnéis a bhailiú
Céim 4 – Measúnacht

Chun críocha na scóipeála measúnachta tionchair timpeallachta, táthar ag súil leis go gcuirfidh iarratasóirí Céimeanna 1 agus 2 i gcrích agus go gcuirfidh siad an toradh i láthair i sceideal soiléir nó i maitrís shoiléir; cuirtear Céimeanna 3 agus 4 i gcrích mar chuid den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, áit a scagtar éifeachtaí carnacha isteach.

Céim 1 – Forbairtí Iomchuí Eile a Shainaithint
Ag an gcéim scóipeála, ba cheart d’iarratasóirí liosta cuimsitheach a thiomsú d’fhorbairtí eile atá suite laistigh de limistéar staidéir carnach sainithe nó de chrios tionchair carnach sainithe agus atá cuí do gach toisc comhshaoil. Ba cheart méid geografach an limistéir staidéir charnaigh a bheith sonrach don topaic, bunaithe ar chineál na héifeachta féideartha.
Ag an gcéim scóipeála, ba cheart an leibhéal mionsonraí arna soláthar a bheith dóthanach chun go mbeifear in ann tuiscint a ghnóthú ar scála, cineál agus suíomh forbairtí eile, gan aon ghá le measúnacht mhionsonraithe a dhéanamh.
Sa liosta fada d’fhorbairtí carnacha, ba cheart díriú ar fhorbairtí atá sainithe go dóthanach chun tacú le cleachtadh gearrliostúcháin fiúntach agus comhréireach, agus ba cheart an méid seo a leanas a bheith ar áireamh ann:
•    Forbairtí oibríochtúla, atá mar chuid den timpeallacht bhonnlíne;
•    Forbairtí atá á dtógáil;
•    Forbairtí ceadaithe nó formheasta nach bhfuil curtha chun feidhme go fóill; agus
•    Forbairtí atá sa chóras pleanála, i gcás go mbeidh dóthain faisnéise ar fáil chun gur féidir breithniú a dhéanamh ar a scála, ar a gcineál agus ar an acmhainneacht atá acu idirghníomhú le forbairt bheartaithe.
Ba cheart forbairtí atá ann cheana agus forbairtí ceadaithe/formheasta a bheith ar áireamh sa liosta fada. Féadfar forbairtí eile atá sa chóras pleanála, agus forbairtí eile atá intuartha le réasún, a áireamh i gcás go mbeidh dóthain faisnéise ann chun tacú le breithniú fiúntach a dhéanamh orthu. Agus an téarma “intuartha le réasún” á mhíniú, ba cheart d’iarratasóirí breithiúnas comhréireach a chur i bhfeidhm bunaithe ar stádas agus cinnteacht na faisnéise atá ar fáil. Níl aon cheanglas ann tograí amhantracha ná tograí hipitéiseacha a áireamh nach bhfuil dóthain faisnéise ann ina leith chun gur féidir measúnacht réasúnaithe a dhéanamh ar idirghníomhaíocht charnach fhéideartha.
Céim 2 – Scagadh Carnach/Gearrliostú le haghaidh Éifeachtaí Carnacha Féideartha
Is é atá i gceist le Céim 2 cleachtadh scagtha charnaigh agus gearrliostúcháin topaic ar thopaic a dhéanamh chun a chinneadh an bhféadfadh éifeachtaí suntasacha carnacha ar dóigh dóibh a bheith ann teacht as forbairt bheartaithe, nuair a bhreithnítear í in éineacht le forbairtí sainaitheanta eile.
Agus scagadh á dhéanamh, ba cheart an méid seo a leanas a bhreithniú ar leibhéal coincheapúil:
•    An acmhainneacht le haghaidh forluí fisiciúil, ama nó feidhmiúil idir forbairtí;
•    Cé acu is ann nó nach ann d’aon chonairí inchreidte le haghaidh idirghníomhaíocht charnach;
•    Íogaireacht agus comhthéacs na timpeallachta glactha; agus
•    An dóchúlacht go bhféadfadh éifeachtaí comhcheangailte a bheith suntasach nuair a chuirtear le chéile iad.
Sa chleachtadh scagtha sin, ba cheart aird a thabhairt ar leibhéal na faisnéise atá ar fáil le haghaidh forbairtí eile, agus ba cheart breithiúnas gairmiúil a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach. Ní iomchuí do gach toisc comhshaoil a bheidh gach forbairt a shainaithneofar.
Céimeanna 3 agus 4

I gcás go sainaithneofar i scagadh Chéim 2 an acmhainneacht le haghaidh éifeachtaí suntasacha carnacha ar dóigh dóibh a bheith ann, ba cheart na héifeachtaí comhshaoil sin a scóipeáil isteach sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta chun measúnacht mhionsonraithe a dhéanamh orthu le linn Chéim 3. Is le linn Chéim 4 a dhéanfar breithniú agus maolú cuí ar éifeachtaí iarmharacha.
Níltear ag súil leis go ngabhfaidh iarratasóirí Chéimeanna 3 agus 4 de láimh ag an gcéim scóipeála; ba cheart, áfach, raon feidhme agus méid beartaithe aon mheasúnachta carnaí amach anseo a shainiú go soiléir. 

 

9.16    Idirghníomhaíocht idir Éifeachtaí a Bhaineann le Forbairt Bheartaithe
Féadfaidh go dtarlóidh idirghníomhaíochtaí i gcás go ngníomhóidh gnéithe, gníomhaíochtaí nó conairí difriúla tionchair na forbartha beartaithe le chéile ar an aon ghabhdóir comhshaoil amháin nó i gcás go n-imreoidh éifeachtaí ar fud tosca difriúla comhshaoil tionchar ar a chéile.
I gcás forbairtí fuinnimh gaoithe ar talamh, féadfaidh go n-áireofar leis sin idirghníomhaíochtaí a eascróidh as an méid seo a leanas:
•    Comhpháirteanna difriúla tionscadail;
•    Éifeachtaí forluiteacha le linn na céime tógála, na céime oibríochtúla nó na céime díchoimisiúnaithe; agus
•    Idirghníomhaíochtaí idir tosca comhshaoil.
Ag an gcéim scóipeála, ba cheart d’iarratasóirí a bhreithniú an bhfuil idirghníomhaíochtaí den sórt sin inchreidte agus iomchuí agus an bhféadfadh éifeacht shuntasach ar dóigh di a bheith ann eascairt astu le réasún nuair a chuirtear le chéile iad. I gcás inar léir nach dóigh go mbeidh idirghníomhaíochtaí ina gcúis le héifeachtaí suntasacha, ba cheart é sin a lua agus údar a thabhairt leis, agus tagairt á déanamh do chineál an ghabhdóra, do dhálaí bonnlíne agus do réamhbhearta leabaithe maolaithe.
Níltear ag súil leis go ndéanfaidh iarratasóirí aon mheasúnacht mhionsonraithe ag an gcéim scóipeála; ba cheart, áfach, an réasúnaíocht is bun le cinntí scóipeála a dhoiciméadú go soiléir.

9.17    Leanúint de Shaolré Oibríochtúil 
I gcás forbairtí fuinnimh gaoithe ar talamh ar ina leith atá sé beartaithe leanúint de shaolré oibríochtúil na forbartha, rud a fhágann go leanfar le tuirbíní atá ann cheana a oibriú gan aon oibreacha fisiciúla a dhéanamh, gan aon bhonneagar a athsholáthar, nó gan aon athruithe a dhéanamh ar pharaiméadair oibríochtúla, beidh raon feidhme agus leibhéal na measúnachta timpeallachta comhréireach leis an easpa athraithe. Sna cásanna sin, le linn na scóipeála, ba cheart díriú ar bhailíocht leantach na measúnachtaí atá ann cheana a dheimhniú, go háirithe i bhfianaise aois na measúnachtaí sin, seachas suirbhéanna bonnlíne a dhéanamh arís ná athmheasúnú a dhéanamh ar éifeachtaí a breithníodh agus ar tugadh toiliú ina leith cheana féin.
Tá an cur chuige sin ag teacht leis an Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta, leis na Treoirlínte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith i dTuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (2022) agus leis an Treoir ón gCoimisiún Eorpach maidir le Scóipeáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta (2017), ina gcuirtear béim ar chomhréireacht agus ina ndírítear ar éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann, agus aird á tabhairt ar shaintréithe sonracha an togra.
Tríd is tríd, i gcás nach mbeidh sé beartaithe aon tuirbíní nua, aon bhonneagar nua, aon suaitheadh nua talún ná aon athrú oibríochtúil nua a ghabháil de láimh, ní thabharfar aon éifeachtaí nua comhshaoil isteach. Dá réir sin, faoi réir údar soiléir comhréireach a bheith ann, féadfar a lán fothopaicí, ceannteideal nó éifeachtaí a scóipeáil amach agus brath ar thuarascálacha ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, ar dhoiciméadacht toilithe agus ar thaifid maidir le faireachán nó comhlíonadh iarthoilithe atá ann cheana.
Agus na prionsabail atá leagtha amach níos luaithe sa Rannán seo á gcur i bhfeidhm, féadfaidh go mbeidh an méid seo a leanas cuí, tríd is tríd, le haghaidh leanúint de thograí saolré oibríochtúla, faoi réir a dheimhniú nach dtiocfaidh aon athrú ar dhálaí bonnlíne, ar neamhchosaint gabhdóirí ná ar sheasaimh chomhlíonta.

Doiciméadóidh iarratasóirí go soiléir an bunús atá le gach cinneadh scóipeála, agus taispeánfaidh siad go bhfuil sé cuí go fóill brath ar mheasúnachtaí atá ann cheana, agus aird á tabhairt ar aon athruithe a tháinig ar dhálaí bonnlíne agus ar threoir nó beartas nuashonraithe ó tugadh an toiliú bunaidh.

9.18    Athchumhachtú
Is é atá i gceist le tograí athchumhachtaithe ná tuirbíní atá ann cheana agus/nó bonneagar gaolmhar a athsholáthar nó a athnuachan, agus scóipeálfar iad ar bhonn athrúbhunaithe, i gcomhréir leis an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite agus le Ciorclán CEPP 1/2026. I gcás go gceanglófar measúnacht timpeallachta a dhéanamh, beidh sí teoranta do na tionchair a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar an athrú nó ar an síneadh i gcoibhneas leis an bhforbairt bhunaidh.

Dá bhrí sin, agus scóipeáil á déanamh le haghaidh tograí athchumhachtaithe, ba cheart díriú ar éifeachtaí nua nó éifeachtaí a dtiocfaidh athrú ábhartha orthu a shainaithint, arb éifeachtaí iad a eascróidh as athruithe ar mhéid, airde, leagan amach, teicneolaíocht, bunsraitheanna nó socruithe rochtana tuirbíní nó as oibreacha coimhdeacha tuirbíní.

Is í an fheirm ghaoithe oibríochtúil atá ann cheana an bhonnlíne. Ba cheart tuarascálacha roimhe ar mheasúnacht tionchair timpeallachta, doiciméadacht toilithe agus sonraí maidir le faireachán nó comhlíonadh iarthoilithe a úsáid chun a dheimhniú cé na héifeachtaí nach dtiocfaidh aon athrú orthu agus, dá bhrí sin, a fhéadfar a scóipeáil amach i gcomhréir le prionsabail sheanbhunaithe.
I gcás, mar thoradh ar athchumhachtú, go dtabharfar isteach athruithe atá inchomparáide ó thaobh cineáil nó scála de le bonneagar nua, ba cheart na prionsabail agus na ceanglais fianaise atá leagtha amach sa rannán ‘Forbairt Nua’ den Treoir seo a chur i bhfeidhm i leith na ngnéithe sin. Ba cheart an mheasúnacht a bheith spriocdhírithe agus comhréireach go fóill, áfach, gan díriú ach ar na gabhdóirí, na suíomhanna nó na conairí sin ar ina leith atá acmhainneacht inchreidte ann go dtiocfadh éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann chun cinn, arbh éifeachtaí nua nó éifeachtaí atá difriúil go hábhartha iad.


 


10. An Tuairim Scóipeála ón gCoimisiún Pleanála

Ar chríochnú an phróisis, soláthróidh an Coimisiún Tuairim Scóipeála don iarratasóir. Tá samplaí de Thuairim den sórt sin leagtha amach thíos. Is dóigh go mbeidh na rannáin seo a leanas ar áireamh sa Tuairim Scóipeála:
1.    Réamhrá 
2.    Comhchomhairliúchán (lena n-áirítear aguisíní ina gcumhdaítear na freagraí comhchomhairliúcháin uile) 
3.    An Tuairim Scóipeála 
4.    Bearta Maolaithe 
5.    Conclúid 
Ní mór an Tuairim Scóipeála a bheith ag gabháil leis an iarratas nuair a thaiscfear leis an gCoimisiún é. 
Tar éis í a eisiúint, ní fhéadfaidh an Coimisiún raon feidhme na tuarascála ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a leathnú.

Nóta – Tá naisc chuig samplaí de Thuairimí Scóipeála a eisíodh i roinnt dlínsí ar áireamh in Aguisín 5.
 

11. Formáid na Tuarascála ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta 


    Faisnéis a Chur i Láthair – Príomhphointí 
•    Ba cheart an fhaisnéis a chur i dtáblaí, i gcás gur féidir, agus ba cheart forscríobh agus athrá fairsing a sheachaint.
•    Ba cheart an comhthéacs, an bhonnlíne agus na príomhthionchair do gach gné den togra a leagan amach go soiléir faoi fho-rannáin ar leith – e.g., feirm ghaoithe, nasc leis an eangach, agus oibreacha ar an mBealach Seachadta Tuirbíní, de réir mar a bhaineann na nithe sin leis an togra.

Caibidlí Tosaigh 
Cé gurb éigeantach atá cuid mhór den fhaisnéis atá le háireamh sna caibidlí tosaigh, ba cheart an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:
 

Tuairisc ar an bhForbairt Bheartaithe Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an bhforbairt bheartaithe agus ar na gnéithe coimhdeacha di. 
Cuir an fhaisnéis i dtáblaí, i gcás gur féidir. 
Tabhair achair idir gach tuirbín/gné thógtha agus na gabhdóirí is gaire – e.g., gabhdóirí cónaithe/gabhdóirí oidhreachta cultúrtha/sruthchúrsaí. 
Beartas Pleanála Áirigh beartais iomchuí nó rannáin iomchuí de bheartais, seachas rannáin fhairsinge de dhoiciméid bheartais a chóipeáil.

Caibidlí maidir le Tosca Comhshaoil 
I gcás gach Caibidle ar Thoisc Comhshaoil – e.g., Daonra agus Sláinte an Duine 

Réamhrá  Ráiteas faoi Inniúlacht 
Modheolaíocht Sainaithin go soiléir an mhodheolaíocht atá á húsáid agus tabhair breac-chuntas ar na critéir shuntasachta
Dálaí Bonnlíne  Tabhair tuairisc shoiléir ar an timpeallacht bhonnlíne ar leibhéal atá dóthanach chun íogaireacht gabhdóirí a thuiscint agus chun conairí féideartha le haghaidh éifeachta a shainaithint.Féach an nóta maidir le bonnlínte i rannán 9 thíos. 
Tionchair ar Dóigh Dóibh a Bheith Ann - 
Díreach, indíreach, carnach 
•    Tógáil 
•    Oibríochtúil 
•    Díchoimisiúnú (i gcás gurb iomchuí)
•    Carnach 
Sainaithin éifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann 
Má shainaithnítear éifeachtaí eile, léirigh go soiléir a shuntasaí atá siad. 
Bearta Maolaithe 
 
Bain úsáid as an aimsir fháistineach chun a chur in iúl go bhfuil sé de rún agat na bearta a chur i gcrích. 
Éifeachtaí Iarmharacha Sainaithin go soiléir suntasacht aon éifeachtaí iarmharacha 

 

Timpeallacht Bhonnlíne
Cinntigh gur breithníodh an bhonnlíne chuí sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta. Féach an nóta maidir le bonnlínte i rannán 9 thuas.

Critéir Shuntasachta
Glac na critéir shuntasachta chéanna ar fud na gcaibidlí aonair laistigh den tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta mar áis tagartha. Tabhair údar soiléir le gan déanamh amhlaidh.  

Bearta Maolaithe 
Úsáidfear an aimsir fháistineach agus tuairisc á tabhairt ar na bearta maolaithe atá beartaithe chun na héifeachtaí suntasacha ar dóigh dóibh a bheith ann a mhaolú. Ní úsáidfear téarmaí amhail ‘is féidir’ ná aon teanga eile nach bhfuil chomh saintreorach céanna. 

Éifeachtaí Carnacha 
Ba cheart forbairtí oibríochtúla (cuid den bhonnlíne), forbairtí atá á dtógáil agus forbairtí a bhfuil ceadanna atá ar marthain i bhfeidhm dóibh a bheith i gceist leis seo. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar aon fhorbairtí le haghaidh cineálacha tionscadal den chineál céanna atá sa chóras pleanála (agus nach bhfuil sa phróiseas comhchomhairliúcháin réamhiarratais). Féach an nóta maidir le héifeachtaí carnacha i Rannán 9 thuas. 

Coimre de Bhearta Maolaithe 
Ba cheart na bearta maolaithe uile a leagan amach i gcaibidil ar leith den doiciméad.

Coimre d’Éifeachtaí Suntasacha 
Ba cheart na héifeachtaí suntasacha uile a leagan amach go hachomair laistigh de thábla i gcaibidil ar leith den doiciméad. 

Solúbthacht an Dearaidh 
I gcás go mbeidh Tuairim maidir le Solúbthacht an Dearaidh ag gabháil leis an iarratas, ba cheart é sin a léiriú sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta.