Cad is an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite ann
Tháinig an Treoir bhunaidh maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir 2009/28/CE) – an Chéad Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite – i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2009 agus athmhúnlaíodh í leis an Dara Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir (AE) 2018/2001), a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2018, agus ceanglas ann í a thrasuí ó mhí an Mheithimh 2021 ar aghaidh. Leasaíodh í sin leis an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir (AE) 2023/2413), a tháinig i bhfeidhm an 20 Samhain 2023. Trasuíodh an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite i ndlí na hÉireann trí Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), 2025 (I.R. 274 de 2025), agus formhór na bhforálacha ag teacht i bhfeidhm an 7 Lúnasa 2025.
Mar atá leagtha amach i gCiorclán CEPP1/2025 ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (15 Lúnasa 2025), tá an Treoir fadréimseach agus áirítear léi forálacha a bhfuil sé mar aidhm leo an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite a bhrostú trí amlínte éigeantacha deonaithe ceadanna a sholáthar le haghaidh cineálacha éagsúla tionscadal fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le forálacha a bhaineann le Treoracha maidir le cosaint an chomhshaoil agus a bhaineann leis an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad maidir le tionscadail áirithe fuinnimh in-athnuaite.
De bhreis ar amlínte éigeantacha deonaithe ceadanna a thabhairt isteach, tugtar isteach le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), 2025 (I.R. 274 de 2025), próiseas seiceála iomláine a gcuirtear tús leis a luaithe a fhaightear an t-iarratas (Rannán 4 thíos), mar aon le scóipeáil éigeantach le haghaidh Tuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (i gcás iarratais a thaiscfear ón 1 Deireadh Fómhair 2025 ar aghaidh)
Iarrataí Comhchomhairliúcháin Réamhiarratais
Fanfaidh an próiseas iarrataí comhchomhairliúcháin réamhiarratais mar a oibríonn sé faoi láthair faoi fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú.Foráiltear don mhéid seo a leanas le halt 37B(3) den Acht:
Féadfaidh an Bord, le linn aon chomhchomhairliúchán faoi fho-alt (1), comhairle a thabhairt don iarratasóir ionchasach maidir leis an iarratas beartaithe agus, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas—
(a) an dtiocfadh an fhorbairt bheartaithe, dá ndéanfaí í, faoi réim ceann amháin nó níos mó de mhíreanna (a) go (c) d’alt 37A(2),
(b) na nósanna imeachta a ghabhann le hiarratas pleanála a dhéanamh agus le hiarratas den sórt sin a bhreithniú, agus
(c) cad iad na cúinsí, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe nó leis an gcomhshaol, a d’fhéadfadh, i dtuairim an Bhoird, baint a bheith acu lena bhreith i ndáil leis an iarratas.
Agus aird á tabhairt ar an gceanglas nua maidir le seiceáil iomláine agus ar fhorálacha fho-ailt (b) agus (c) araon thuas, beidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cheanglófar chun an tseiceáil iomláine a éascú chun an t-iarratas a phróiseáil mar chuid den phlé agus den chomhairle a thabharfar sa phróiseas réamhiarratais.
Ba cheart d’iarratasóirí ionchasacha an tráchtaireacht seo a leanas i gCiorclán CEPP1/2025 ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (15 Lúnasa 2025) a bhreithniú freisin:
"Tá sé faoi rialú an iarratasóra a chinntiú go bhfuil an t-iarratas iomlán ó thaobh na faisnéise a chuirtear isteach leis an iarratas, ach freisin ó thaobh cháilíocht na faisnéise sin, lena n-áirítear cáilíocht na bpleananna agus na líníochtaí agus na measúnachtaí timpeallachta.
Tá sé ríthábhachtach go gcomhaontófaí na nithe sin leis na húdaráis phleanála agus leis an gCoimisiún ag céim an réamhiarratais, agus go n-úsáidfeadh an t-iarratasóir an próiseas réamhiarratais chun saincheisteanna den sórt sin a cheistiú ar bhealach críochnúil agus córasach. Leis sin, beifear in ann an fhaisnéis iomchuí uile is gá a bheith ag gabháil leis an iarratas a shainaithint. Bheadh sé inmholta freisin an t-iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis céim an réamhiarratais a bheith críochnaithe.”
Scóipeáil
Ón 1 Deireadh Fómhair 2025 ar aghaidh, beidh aon iarratas a thaiscfear leis an gCoimisiún ar fhorbairtí fuinnimh in-athnuaite faoi réir scóipeáil éigeantach Measúnachta Tionchair Timpeallachta.
Tabhair faoi deara go gceanglófar ar iarratas a chuirfear isteach ón 1 Deireadh Fómhair ar aghaidh dul faoi scóipeáil éigeantach Measúnachta Tionchair Timpeallachta, fiú i gcás go mbeidh an próiseas réamhiarratais dúnta.
De réir alt 37D(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, ní fhéadfar iarraidh ar thuairim maidir le raon feidhme Tuarascála ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a dhéanamh ach amháin nuair a bheidh Fógra seirbheáilte ar iarratasóir ionchasach faoi alt 37B(4)(a).
Níor leasaíodh é sin leis na forálacha nua atá leagtha amach i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), 2025 (I.R. 274 de 2025).
Fágann sé sin nach mór céim an réamhiarratais a bheith críochnaithe sula bhféadfar an tuairim scóipeála a iarraidh.
Is í €5,000 an táille iomchuí.
Is mar a leanas atá na forálacha reachtacha atá leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, i ndáil le scóipeáil, arna leasú le I.R. 274 de 2025:
37D.—(1) I gcás go mbeidh fógra faoi alt 37B(4)(a) arna sheirbheáil i ndáil le forbairt bheartaithe, féadfaidh iarratasóir ionchasach, “nó, i gcás go mbeidh an t-iarratas ar fhorbairt fuinnimh in-athnuaite nó ar fhorbairt athchumhachtaithe, déanfaidh an t-iarratasóir ionchasach”, a iarraidh ar an mBord tuairim i scríbhinn arna hullmhú ag an mBord a thabhairt dó nó di maidir le raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh i dtuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta i ndáil leis an bhforbairt.
(2) Ar iarraidh den sórt sin a fháil—
(a) rachaidh an Bord i gcomhairle leis an iarrthóir agus le cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire chun na críche, agus
(b) déanfaidh an Bord an iarraidh a chomhlíonadh a luaithe is indéanta, tar éis an fhaisnéis arna soláthar ag an iarratasóir ionchasach, go háirithe maidir le saintréithe sonracha na forbartha beartaithe, lena n-áirítear a suíomh agus a hacmhainn theicniúil, agus an tionchar is dóigh a bheidh aici ar an gcomhshaol, a chur san áireamh.
(3) Déanfaidh iarratasóir ionchasach, chun go ndéanfadh an Bord de réir iarrata faoin alt seo, dóthain faisnéise i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe a sholáthar don Bhord chun a chumasú don Bhord an fhorbairt bheartaithe a mheasúnú.
(3A) I gcás go mbeidh tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) soláthartha, beidh an tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta bunaithe ar an tuairim sin, agus áireofar léi an fhaisnéis a d’fhéadfaí a cheangal go réasúnach le haghaidh teacht ar chonclúid réasúnaithe ar na héifeachtaí suntasacha a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, agus aird á tabhairt ar an eolas reatha agus ar mhodhanna reatha measúnachta.
(3B) I gcás go mbeidh an fhorbairt bheartaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ina forbairt fuinnimh in-athnuaite nó ina forbairt athchumhachtaithe, agus go dtabharfar tuairim faoin alt seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún Pleanála raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na faisnéise a bheidh le háireamh sa tuarascáil ar mheasúnacht tionchair timpeallachta a leathnú ina dhiaidh sin.
(4) Ní dochar tuairim a sholáthar faoin alt seo do chomhlíonadh aon fheidhmeanna eile dá chuid faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo ag an mBord agus ní féidir brath air sa phróiseas pleanála foirmiúil ná in imeachtaí dlí.
Céim na Seiceála Iomláine
Ar an iarratas a fháil dó, admhóidh an Coimisiún go bhfuarthas an t-iarratas agus leagfaidh sé amach go n-eiseofar fógra maidir le hiomláine laistigh de 45 lá ón iarratas a fháil. Is é an admháil go bhfuil iarratas ina iarratas iomlán an rud a chuireann tús leis na hamlínte deonaithe ceadanna.
Ba cheart don iarratasóir ionchasach é nó í féin a shásamh go bhfuil an doiciméadacht riachtanach curtha isteach aige nó aici chun cabhrú leis an gCoimisiún an t-iarratas a phróiseáil ag an gcéim seo. Pléifear le linn an phróisis iarrataí comhchomhairliúcháin réamhiarratais an sceideal faisnéise a cheanglófar chun bonn eolais a chur faoin tseiceáil iomláine.
Luafar sna fógraí poiblí an tréimhse ama a bhféadfaidh breathnóirí agus comhlachtaí forordaithe aighneachtaí a dhéanamh lena linn. Ní mór an tuarascáil ón údarás pleanála a chur isteach laistigh de dheich seachtaine ón dáta a fhaightear an t-iarratas.
Is é atá san fhaisnéis seo a leanas ná treoir maidir leis an bhfaisnéis agus an doiciméadacht a cheanglódh an Coimisiún chun seiceáil iomláine a dhéanamh ar aon iarratas faoin Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite. Mar atá leagtha amach thuas, áfach, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bpléifear le linn an phróisis iarrataí comhchomhairliúcháin réamhiarratais an sceideal faisnéise a cheanglófar chun bonn eolais a chur faoin tseiceáil iomláine.
Ilghnéitheach
Táille - €100,000
Foirm Iarratais
An bhfuil suíomh Gréasáin neamhspleách soláthartha?
Dhá chóip chrua agus ocht gcóip bhoga
Leas an iarratasóra sa talamh
Fógraí Poiblí
An bhfuil tuairisc iomlán ar an bhforbairt bheartaithe soláthartha?
An bhfuil suíomh an togra soláthartha?
An bhfuil an tréimhse ama agus an táille le haghaidh aighneachtaí/tuairimí sonraithe?
An bhfuil seoladh an tsuímh Gréasáin neamhspleách ar áireamh?
An bhfuil tagairt déanta d’alt 37JA?
Éifeachtaí comhshaoil trasteorann (más infheidhme)
Más rud é go bhfuil Tuairim maidir le Solúbthacht an Dearaidh soláthartha, an bhfuil tagairt déanta di (más infheidhme)?
An bhfuil tagairt déanta don Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta agus don Ráiteas Tionchair Natura?
An bhfuil an láithreán faoi réir ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nó an bhfuil ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ina cheanglas?
An bhfuil na fógraí i nGaeilge (má tá an togra lonnaithe laistigh den Ghaeltacht)?
Doiciméadacht – de réir mar is infheidhme
Ráiteas Beartais faoi Ainmniú Fuinnimh In-athnuaite
Ráiteas Comhlíonta faoi Sholúbthacht an Dearaidh
Ráiteas Tionchair Natura mar aon le Tuarascáil Scagtha
Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta
An bhfuil na hAguisíní ar áireamh?
Comhlíonadh Airteagal 94 agus Sceideal 6 de na Rialacháin maidir le Pleanáil agus Forbairt
An bhfuil na ceanglais suirbhé agus mhodheolaíochta leagtha amach go soiléir?
An bhfuil imscrúduithe ar Chobhsaíocht Móna/So-ghabhálacht i leith Sciorradh Talún déanta, de réir mar is infheidhme?
Maoluithe
LÍNÍOCHTAÍ
Scálaí cuí.
An bhfuil na ceadanna slí léirithe?
Céim an Iarratais
A luaithe a mheastar an t-iarratas a bheith comhlánaithe, cuirtear tús leis an amlíne deonaithe ceadanna. Tá na hamlínte iomchuí mar a leanas:
Cineál Forbartha |
Amlíne Deonaithe Ceadanna |
|
Ar Talamh |
52 sheachtain |
|
Athchumhachtú ar Talamh |
30 seachtain |
|
Amach ón gCósta |
65 seachtaine |
|
Athchumhachtú Amach ón gCósta |
52 sheachtain |
An tréimhse a bhféadfar glacadh le haighneachtaí ón bPobal, ó Chomhlachtaí Forordaithe agus ón Údarás Pleanála lena linn, beidh sí faoi réir na n-amlínte iomchuí agus na tréimhse fógra iomchuí.
Mar atá sa chleachtas reatha maidir le hiarratais ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh, iarrfar ar an iarratasóir aighneacht a dhéanamh maidir leis na haighneachtaí/na tuairimí/an tuarascáil ón údarás pleanála a bheidh curtha isteach i gcúrsa an iarratais.
Beidh deiseanna teoranta ann a bhféadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a lorg iontu. Soláthrófar aga freagartha sainithe nach bhfadófar ach amháin in imthosca eisceachtúla. Ní fhadófar an amlíne deonaithe ceadanna ná ní fhéadfar í a ‘stopadh’ agus a atosú.
Mar is infheidhme faoi láthair, ullmhóidh an Cigire Tuarascáil agus Moladh don Choimisiún Pleanála, a eiseoidh Cinneadh.
Athrú Alt 146B ar iarratais ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh
Iarrataí chun cinntí ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh a athrú, mar atá iarrataí alt 146B, tá siad faoi réir fhorálacha RED III freisin i gcás go mbeidh feidhm acu maidir le forbairt fuinnimh in-athnuaite.
Dá bhrí sin, tá próiseas chéim na seiceála iomláine (4) agus próiseas chéim an iarratais (5) atá leagtha amach thuas infheidhme maidir le próiseas iarrataí alt 146B.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge