Is treoir achomair í seo ina leagtar amach forbhreathnú ar cheanglais an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III) a mhéid a bhaineann sí leis na hidirghníomhaíochtaí a cheanglaítear idir an Coimisiún agus Údaráis Phleanála. Ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar roinnt réimsí a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar údaráis phleanála maidir leis na himpleachtaí a bheidh ag an Treoir a trasuíodh le déanaí, a mhéid a bhaineann sé le Forbairtí Fuinnimh In-athnuaite Bonneagair Straitéisigh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála go díreach.
Leagtar amach sa Treoir Faisnéise maidir leis an Tríú Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite ón gCoimisiún, dar dáta an 29 Meán Fómhair, nósanna imeachta agus forálacha iomchuí na reachtaíochta maidir le hiarratais faoi RED III. Is féidir amharc uirthi ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus ba cheart í a léamh i dteannta na sreabhchairte. Foráiltear don mhéid seo a leanas le príomhfhorálacha Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pleanáil agus Forbairt) (Fuinneamh In-athnuaite), a tháinig in éifeacht an 7 Lúnasa 2025:
(a) Seiceáil Iomláine – leasaítear leis na Rialacháin alt 37JA den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú – i gcás go gcuirtear iarratas ar fhuinneamh in-athnuaite faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála faoi alt 37E den Acht, déanfaidh an Coimisiún seiceáil iomláine laistigh de 45 lá ón dáta a dhéantar an t-iarratas nó laistigh de 30 lá i leith gléasra athchumhachtaithe.
(b) Beidh sé éigeantach Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a scóipeáil dar tosach an 1 Bealtaine 2026 i gcás gach iarratais faoi RED III a thaiscfear ón dáta sin i leith.
(c) Is mar a leanas atá na hamlínte le haghaidh cinneadh ar iarratas a bheith déanta ag an gCoimisiún a luaithe a mheastar an t-iarratas a bheith iomlán:
|
Cineál Forbartha |
Amlíne Deonaithe Ceadanna |
|
Ar Talamh |
52 Sheachtain |
|
Athchumhachtú ar Talamh |
30 seachtain |
|
Amach ón gCósta |
65 seachtain |
|
Athchumhachtú Amach ón gCósta |
52 Sheachtain |
Iarrataí Comhchomhairliúcháin Réamhiarratais
Fanfaidh an próiseas comhchomhairliúcháin réamhiarratais mar a oibríonn sé faoi láthair faoi fhorálacha alt 37B(3) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Mar chuid de na comhchomhairliúcháin, cuirfidh an Coimisiún comhairle ar an iarratasóir maidir leis an bhfaisnéis atá riachtanach chun an tseiceáil iomláine a éascú, e.g., ba cheart tagairt don tseiceáil iomláine a bheith san fhógra nuachtáin. Ar an bpróiseas comhchomhairliúcháin réamhiarratais a chur i gcrích, cuirfear sceideal le haghaidh seicliosta seiceála iomláine ar aghaidh chuig an iarratasóir. Tar éis comhchomhairliúcháin leis an iarratasóir ionchasach, ní mór don Choimisiún, mar is é an cleachtas reatha é, fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir ionchasach agus ar an údarás pleanála/na húdaráis phleanála á rá an bhfuil an fhorbairt atá beartaithe ina bonneagar straitéiseach nó nach bhfuil, ina thuairim/ina dtuairim. Beidh an comhad sin ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal ag oifigí an údaráis pleanála agus ag oifigí an Choimisiúin.
Scóipeáil
Leagtar amach in alt 37D den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, na forálacha maidir le tuairim ón gCoimisiún i ndáil leis an bhfaisnéis atá le bheith i dtuarascáil tionchair timpeallachta. Ní fhéadfar iarraidh scóipeála a chur faoi bhráid an Choimisiúin ach amháin tar éis dheireadh an phróisis comhchomhairliúcháin réamhiarratais. Mar a luadh cheana féin, tá an próiseas sin éigeantach d’aon Iarratais faoi RED III a thaiscfear ón 1 Bealtaine 2026 i leith. Ceanglaítear ar an iarratasóir dóthain faisnéise a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar tuairim scóipeála a sholáthar. Tugtar Tuarascáil Scóipeála air sin. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis an údarás pleanála agus le comhlachtaí sonraithe eile dá dtagraítear thíos.(i) an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
(ii) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil,
(iii) an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
(iv) an t-údarás pleanála iomchuí, agus
(v) i gcás gur dealraitheach don údarás gur dhóigh go mbeadh éifeachtaí suntasacha ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol i stát trasteorann, na Stáit trasteorann iomchuí, de réir mar is cuí.
Tugtar faoi deara nach dtugtar aon tréimhse ama don Choimisiún do theacht ar thuairim maidir le hiarraidh scóipeála arna cur isteach ag an iarratasóir i ndáil le hiarratas faoi RED III. Cuirfear cóip den tuairim scóipeála ón gCoimisiún ar aghaidh chuig an iarratasóir agus chuig na comhlachtaí sonraithe dá dtagraítear thuas.
Iarratas
A luaithe a mheastar an t-iarratas a bheith iomlán, tá feidhm ag na gnáthnósanna imeachta maidir le forbairt bonneagair straitéisigh. Féadfaidh daoine den phobal agus comhlachtaí forordaithe aighneachtaí/tuairimí a chur isteach laistigh den tréimhse ama atá leagtha amach san fhógra nuachtáin.Is é Pointe Teagmhála Aonair SEAI an pointe teagmhála aonair le haghaidh Fuinnimh In-athnuaite – seolfaidh an Coimisiún fógra chuig spc@seai.ie i dtaobh fháil gach iarratais faoi RED III, i dtaobh a stádais iomláine agus i dtaobh an chinnidh. Mar is é an cleachtas reatha é, déantar cóipeanna de na haighneachtaí/tuairimí uile, lena n-áirítear an tuarascáil atá faighte ón údarás pleanála, a chur ar aghaidh chuig an iarratasóir le haghaidh tuairimí laistigh de thréimhse shonraithe ama. Ceanglaítear ar an údarás pleanála faoi alt 37E(4) den Acht tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 seachtaine ó dháta déanta an iarratais, ina leagtar amach a thuairimí maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol agus ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir.
Ag féachaint do na hamlínte atá leagtha amach thuas maidir le cinneadh a dhéanamh ar iarratas faoi RED III, is féidir nach mbeidh an Coimisiún in ann an spriocdháta 10 seachtaine a fhadú. Déanfar athbhreithniú air sin ar bhonn cás ar chás, áfach. Ina theannta sin, tá deis theoranta ag an gCoimisiún aon fhaisnéis bhreise a iarraidh ó aon pháirtí san iarratas a luaithe a bheidh an tseiceáil iomláine déanta.
Iarratas Neamhiomlán
In imthosca ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, ceanglaítear ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) A chur in iúl don iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán agus go gcaithfear iarratas iomlán a chur isteach gan moill mhíchuí.
(b) An t-iarratas a sheoladh ar ais chuig an iarratasóir mar aon le haisíocaíocht na táille.
(c) I gcás go bhfuil aighneachtaí/tuairimí déanta cheana féin, iad sin a sheoladh ar ais freisin mar aon leis an táille.
d) Aon tuarascáil atá curtha isteach ag an údarás pleanála a sheoladh ar ais freisin.
(e) Fógra a thabhairt do Phointe Teagmhála Aonair SEAI faoin iarratas neamhiomlán.

Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge