Léim go dtí an príomhábhar

Teastas rochtana leasaithe do dhaoine faoi mhíchumas: An próiseas cinnteoireachta

Conas a chinneann an Bord an t-achomharc?

Nuair a fhaigheann an Bord achomharc ar chinneadh a rinneadh údarás rialaithe tógála, féachtar ar an gcás iomlán ón thús deireadh amhail is go raibh an t-iarratas á dhéanamh den chéad uair.

Mar sin féin, má fhaigheann an Bord achomharc maidir le coinníoll amháin nó níos mó atá i gceangal le cinneadh an údaráis rialaithe tógála, féadfaidh sé an t-achomharc a athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh gan breithniú a dhéanamh ach amháin ar na coinníollacha seachas an cás uile a bhreithniú ó thús deireadh. Má chinneann an Bord déanamh amhlaidh, déanfar cinneadh ar an gcoinníoll nó ar na coinníollacha. Féadfaidh sé ordú a thabhairt don údarás rialaithe tógála, leis, coinníollach nó coinníollacha lena n-áirítear coinníoll nó coinníollacha nárbh ábhar don achomharc iad a chur leis, a leasú nó a scrios.


Cá fhad a thógann sé ar an mBord cinneadh a dhéanamh?

Deirtear sna Rialacháin Rialaithe Tógála gur chóir don Bhord achomharc a chinneadh laistigh de cheithre mhí. Má bhraithimid nach féidir é sin a dhéanamh nó nár chuí, cuirfimid gach duine atá bainteach leis an gcás ar an eolas agus tabharfaimid tuairim den uair a dhéanfaidh an Bord cinneadh.

Ná dearmad go dtoirmisctear de réir dlí foirgneamh a oscailt, obair a dhéanamh ann nó cur faoi ann fad a bhíonn tú ag feitheamh ar chinneadh ar achomharc agus go dtí go mbíonn deimhniú reachtúil comhlíonta ar fáil maidir leis. Coimeádann na húdaráis rialaithe tógála clárleabhar de ghníomhaíocht rialaithe tógála ina limistéar féin.


Conas a dhéanann an Bord a chinneadh?

Tar éis tuarascáil agus moladh an chigire ar an gcás a fháil, cuirtear an comhad ar aghaidh chuig an mBord dá chinneadh. Bunaítear cinneadh an Bhoird ar na haighneachtaí agus na doiciméid a chuirtear ar fáil leis an achomharc, ar threoir theicniúil agus cuirtear tuarascáil agus moltaí an chigire tuairiscithe san áireamh leis.


An gcuirfidh an Bord na cúiseanna le ceadú nó diúltú m’achomhairc ar fáil dom?

Cuirfidh. Beidh na cúiseanna agus na ábhair a cuireadh san áireamh agus an cinneadh á dhéanamh ar fáil ón mBord. Scríobhfaimid chuig na rannpháirtithe uile san achomharc le cinneadh an Bhoird a chur in iúl dóibh.

Is gnách Ordú an Bhoird ina mbeidh an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna agus na nithe a cuireadh san áireamh, mar le Treorú an Bhoird agus Tuarascáil an Chigire ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird. Beidh an comhad ar fáil le léamh laistigh de 3 lá ó chinneadh an Bhoird sa chuid dar teideal ‘Féachaint ar Chomhad Cáis atá Socraithe: Rochtain Poilblí.


Cathain a thagann cinneadh an Bhoird i bhfeidhm?

Athraíonn cinneadh an Bhoird cinneadh an údaráis rialaithe tógála ar an lá a dhéanann an Bord a chinneadh.