Léim go dtí an príomhábhar

Teastas rochtana leasaithe do dhaoine faoi mhíchumas: Tar éis d'achomharc a dhéanamh

An gcuirfear an t-achomharc in iúl don údarás rialaithe tógála?

Cuirfear, agus beidh deis acu tuairim a thabhairt ar an achomharc.

An dtugann an Cigire cuairt ar an láithreán?

Ní gnách don Chigire cuairt a thabhairt ar an láithreán sna cásanna seo; ina ionad sin braithfidh sé ar na doiciméid sa chomhad cáis chun tuarascáil agus moladh a ullmhú don Bhord. Uaireanta, mar sin féin, cinneann an Cigire gur gá cuairt a thabhairt ar an suíomh agus más amhlaidh, beimid i dteagmháil leat chun socruithe a dhéanamh.

An mbeidh cruinniú i dtaobh an cháis ann?

Ní bheidh, de ghnáth. Ní gnách cruinniú a thionól ach amháin má bhraitheann an Bord go gcabhródh sé leo tuiscint a fháil ar na ceisteanna teicniúla sa chás agus an t-achomharc a chinneadh.

An bhfuil sé de chumhacht ag an mBord an t-achomharc a chur ar neamhní nó ar ceal?

Tugann Airteagal 37 de na Rialacháin Rialaithe Tógála an chumhacht don Bhord Pleanála achomharc a chur ar neamhní in dhá chás.

  • I gcás ina measann an Bord, tar éis na forais achomhairc a bhreithniú, gur achomharc cráiteach, fánach nó achomharc gan substaint nó bunús é.
  • I gcás ina mbreithníonn an Bord nádúr an achomharc agus aon chinntí roimhe seo a rinne údarás rialaithe tógála nó an Bord Pleanála, agus go bhfuil sé sásta nár chóir an t-achomharc a chur san áireamh sna himthosca áirithe sin.